Oidhreacht Mhaigh Cuilinn

Mhaign Cuilinn Archives

Breis taighde ar Irish News Archives faoi scéalta Mhaigh Cuilinn
Taighde ar Irish News Archives faoi scéalta Mhaigh Cuilinn
Seampíní peile sinsearacha an chontae Maigh Cuilinn
Cruthaíonn cispheileoirí faoi 20 Maigh Cuilinn níos mó staire
Oidhreacht - Píosaí Nuachta

Tuille taighde ar Irish News Archives faoi scéalta Mhaigh Cuilinn

Taighde ar Irish News Archives faoi scéalta Mhaigh Cuilinn.

https://www.irishnewsarchive.com/


Tuille taighde ar Irish News Archives faoi scéalta Mhaigh Cuilinn

Taighde ar Irish News Archives faoi scéalta Mhaigh Cuilinn.

https://www.irishnewsarchive.com/


Tuille taighde ar Irish News Archives faoi scéalta Mhaigh Cuilinn

Taighde ar Irish News Archives faoi scéalta Mhaigh Cuilinn.

https://www.irishnewsarchive.com/

Píosa ón Connacht Tribune 19ú Márta 2004

Píosa ón Connacht Sentinel 28ú Nollag 1954


Taighde ar Irish News Archives faoi scéalta Mhaigh Cuilinn

Taighde ar Irish News Archives faoi scéalta Mhaigh Cuilinn.

https://www.irishnewsarchive.com/

Íomhá ón Connacht Telegraph - Bealtaine, 1920 

Íomhá ón Connacht Telegraph 24ú Márta 1993

Íomhá ón Connacht Telegraph 24ú Márta 1993

Íomhá ón Tuam Herald 15ú Márta 1848

Peil Sínsireach ó Bealtaine, 1977

Íomhá ón 6ú Bealtaine 1977

Seampíní peile sinsearacha an chontae Maigh Cuilinn

Bhuaigh peileadóirí Maigh Cuilinn an chraobh peile sinsir den chéad uair ar an 4ú lá de Dheireadh Fómhair in aghaidh an Creagán Maigh Locha le Deasún Ó Conghaile an réalt ag scóráil 1-9. Bhí muintir Mhaigh Cuilinn ag fanacht chomh fada leis an lá seo le teacht agus lá stairiúl a thabharfar air. Ba é 1977 an uair dheireanach a bhí Maigh Cuilinn i gcluiche ceannais contae inar chaill siad go Cora Finne ach rinne na fir glas agus ban cinnte nach dtarlódh an toradh céanna ar lá na coise tinne i mBóthar na Trá.

Bhí Maigh Cuilinn ag teacht isteach sa chluiche i bhfoirm iontach ag bualadh Tuaim agus Naomh Shéamus sa bhabhta ceathrú agus leathcheannais le an Creagán Maigh Locha ag bualadh Cora Finne ina mbabhta leathcheannais. Bhí an Creagán Maigh Locha rogha mhór na coitiantachta ach bhí muinín ag foireann Maigh Cuilinn. Cluiche chrua a bhí ann an bealach ar fad tríd le himreóirí idirchontae Maigh Cuilinn Sean Ó Ceallaigh, Pól Ó Ceallaigh, Gareth Bradshaw agus Deasún Ó Conghaile ag imirt ar fheabhas don chlub. Ba é cúl Ó Conghaile sa dara leath an difríocht idir an dá thaobh.

Thug Deasún atá mar chaptaen ar an bhfoireann agus a roghnaíodh mar laoch na himeartha óráid inspioráideach trí Ghaeilge. ‘Den chéad uair ó 1996 tá an trófaí seo ag teacht ar ais go Connemara, agus den chéad uair riamh, tá sé ag teach tar ais go Maigh Cuilinn’. Lá iontach stairiúil don chlub.

Cruthaíonn cispheileoirí faoi 20 Maigh Cuilinn níos mó staire

Bhuail foireann cispheille faoi 20 Maigh Cuilinn UCD Marian ar scórlíne chun an chraobh náisiúnta a bhuachan. Lá ollmhór a bhí anseo don chlub cispheile mar ní thagann cluichí ceanais uile na hÉireann timpeall go minic go háirithe san aoisghrúpa seo ach rinne na buachaillí cinnte leas a bhaint as an deis, gan éinne níos mó ná Pól Ó Ceallaigh a chríochnaigh le laoch na himeartha le cluiche iontach a d’imir sé. Is í an fhoireann Maigh Cuilinn seo an triú foireann a bhuaigh an trófaí seo tar éis dá bhua stairiúla i 2008 agus 2015.

Bhí Maigh Cuilinn ag súil le cluiche Diana ó UCD agus fuair siad é sin go díreach. Imríodh an cluiche ar luas gasta leis an dá fhoireann ag scóráil go luath ag taispeáint comhartha intinne. Thosaigh James Connaire an cluiche go han-mhaith ach bhí na scóir ag dul anon is anal le UCD ag diúltú géilleadh. Ní raibh ríomh níos mó ná ocht bpointe idir na foirne agus le 5 nóiméad le himirt sa cheathrú ráithe bhí na foirne cothrom. Bhí scór ag teastáil ó Maigh Cuilinn ó áit éigin agus ní hiontas ar bith gurb é Pól Ó Ceallaigh a chuir ar fail é, chríochnaigh sé le 37 pointe, a chabhraigh go mór leis an bhfoireann an bua a fháil.

Oidhreacht - Píosaí Nuachta

Oidreacht Maigh Chuilinn - grúpa áitúil atá tar éis teacht le chéile chun a leabhar, ‘Ruaidhrí’s Story- how Moycullen got its name’, a fhoilsiú a míníonn conas a fuair Maigh Chuilinn a ainm. Tá an leabhar seo scríofa I nGaeilge, I mBéarla agus I bPolainnis agus maisithe ag daltaí na scoileanna áitúila. Tá muintir an pharóiste fíor bhródúil as an ghrúpa seo agus an gaisce atá déanta acu. Bhronnadh duais uathúil sa catagóir ‘Most Impactful Involvement in a Heritage Project by Young People’, ar an ghrúpa deonnach seo ag na ‘Community Archives and Heritage Group Awards 2019’. Sheas grúpa Oidhreachta Maigh Chuilinn amach mar buateoirí oirúinacha mar gheall ar an bealach gur cheangail siad le óige na háite. Chomh maith le seo, nasc an ghrúpa leis an bpobal Polannach chun leagan Polannach a chur ar an leabhar. Leíríonn seo éagsúlacht muintir Maigh Chuilinn agus an bealach gur féidir leis an ceantar teacht le chéile chun smaointe iontacha a chruthú. An uair seo is é an stair atá caomhnaithe ag an bpobal I mbealach fíor speisialta.

I 2010 ainmníodh Maigh Chuilinn go náisúinta ag Glór na nGael mar gheall ar an dul chun cinn ó thaobh scaipeadh na Gaeilge atá ar siúl sa cheantar. Ba rud iontach é seo do muintir na háite agus iad ag obair go dian chun an teanga a chaomhnú sa bhaile. Ba ceart go mbeadh gach éinne bródúil as a chuid iarachtaí Gaeilge a scaipeadh sa cheantar.

Máirtín Ó Maolchiaráin, fear óg a bhuaigh craobh sinsear na hÉireann sa liathróid láimhe ar son a chumann dúchais I Mhaigh Chuilinn. Bhuaigh Máirtín ar Charly Shanks chun an corn a thabhairt abhaile agus bheith mar an chéad Gaillimheach chun corn náisiúnta sa liathróid láimhe singil a bhuachaint. Tá súil againn go bhfeicfimid níos mó uaidh so todhcaí! Thug an scoláire ó UCD óráid iontach as Gaeilge ina dhiadh a bhua freisin!