Gaeilge Mhaigh Cuilinn

Nuachtlitir Nollaig 2022

Nuachtlitir Nollaig 2022

Imeachtaí agus dea scéalta Mhaigh Cuilinn
View this email in your browser
A chairde,

Sí an Nollaig í!

Tá súil agam go bhfuil sibh i mbárr na sláinte agus go mbeidh Nollaig Mhór Shona agaibh ar fad!

Bhí Ceardlann Bácáil na Nollaig le Mary ar fheabhas. Bhain muid an t-uafás sult as an mbácáil chuile seachtain agus nach iontach an rúd é go bhfuilimid ar fad réitithe don Nollaig!

Is iontach an rud é go raibh Las Suas Maigh Cuilinn againn i dTeach na Gaeilge gan srianta Covid! Tháinig slua chun cuairt a thabhairt ar Daidí na Nollag ag Teach na Gaeilge agus caithfidh mé a rá go raibh sé fíor flaithiúil do na páistí iontach maith! Bhí an craic againn le Mamaí na Nollag freisin ag maisiú daoine sinsear. Bhí canadh carúil againn agus cé go bhfuil seans ann go bhfuilim claonta, b'iad na ceoltóirí is fearr i Maigh Cuilinn! Fair plé daoibh ar fad - thug sibh an spiorad libh go Teach na Gaeilge don Nollaig.

Tá súil agam go mbeidh Nollaig álainn agaibh. Go raibh míle maith agaibh as ucht an tacaíocht ar fad i rith na mbliana - táim ag súil go mór le bheith ar aistear arís libh nuair a thagann 2023 chugainn! 


Nollaig Shona!

Ándría.
Tá bileoga eolais ar fáil i dTeach na Gaeilge.
An Féidir Leat? le Gaeilge Mhaigh Cuilinn - Clár 17
     - tá spásanna againn sa chlub teic - bígí i dteagmháil -     
Comhghairdeas leat a Ella!

Gaelgóir na Míosa le Gaeilge Mhaigh Cuilinn 
Buíochas ó chroí le Quinn’s Fruit and Veg as ucht urraíocht a dhéanamh ar ár gcrann Nollag. Beidh sé réidh sa gclubtheach ar an Domhnach beag seo ó 10-12pm do na páistí óga agus a gcuid maisiúcháin. Beidh aoí speisialta ann freisin!
Thanks so much to
Quinn's Fruit & Veg, Moycullen for sponsoring our Christmas tree which will be in the clubhouse ready and waiting for the young people of Maigh Cuilinn to decorate on Sunday 10-12 with a very Special Guest 🎅
Táimid ag dul go Croker!
Cluiche Leathcheannais Chlub na hÉireann

We are going to Croker!
All Ireland Club Semi Final

🏐 Maigh Cuilinn v Glen
🗓 Eanair 8ú
⏰ 3:30i.n.
📍 Páirc an Chrócaigh 
https://www.facebook.com/100063601388603/posts/pfbid0ugRgY6UGdRb4pM1w3y8hwPz7stCZixi7cWwTRyB4Q7RVh8S3FTyET9xua5NgD8Sml/ 

Treoirleabhar a bheas ina acmhainn thábhachtach do eagrais forbartha pobail seolta ag Údarás na Gaeltachta ag cruinniú de bhainisteoirí eagraíochta forbartha pobail na Gaeltachta

 

Inniu a chruinnigh bainisteoirí agus ionadaithe comharchumainn agus eagraíochtaí pobail na Gaeltachta le chéile, do sheoladh threoirleabhair a bheas ina acmhainn luachmhar do choistí agus d’eagraíochtaí pobail sa nGaeltacht – Treoirleabhar “Deachleachtais do Choistí Bainistíochta ar Eagrais Forbartha Pobail”. Réitigh Údarás na Gaeltachta an treoirleabhar mar gheall ar an éileamh ó eagraíochtaí pobail, go mbeadh treoir shoiléar ar fáil dóibh ar ról, dualgaisí agus cúramaí na n-oifigeach a bhíonn ag stiúradh eagraíochtaí atá fréamhaithe sa bpobal.

 

B’í  seo an chéad uair ag ionadaithe na n-eagras forbartha pobail teacht le chéile ar aon láthair amháin le 3 bliana.  B’iontach an deis a bhí ann ag an dream a bhí i láthair eolas a fháil ar an obair bhreá atá á déanamh ag eagraíochtaí forbartha pobail ar fud na gceantar Gaeltachta.

 

Bhí ionadaíocht ag breis agus 30 eagraíocht ag an ócáid, agus rinne 6 cinn de na heagraíochtaí sin cur i láthair ar thograí eisiacha a bhí ar bun nó tugtha chun críche ina gceantar féin. Thug sé seo léargas ar réimse leathan na hoibre atá ar bun ag na heagraíochtaí ar fud na tíre, agus tograí bunaithe ar na healaíona, tacaíocht don aosach, fuinneamh inathnuaite agus athchúrsáil, an óige, oideachas, spórt agus turasóireacht ina measc siúd atá idir lámha ag na heagraíochtaí.

 

Ba deis a bhí ann freisin ag Údarás na Gaeltachta léargas a thabhairt dóibh siúd a bhí i láthair ar an obair atá ar bun ag an Údarás sa réimse forbartha pobail. Bhí aird ar leith ar an bpleanáil teanga agus ar an dul chun cinn atá á dhéanamh sa bpróiseas sin; leagadh béim freisin ar an bhfiontraíocht shóisialta agus ar na deiseanna a bhaineann le tograí fiontraíochta do eagraíochtaí pobalbhunaithe.

 

Ag seoladh an treoirleabhair ar maidin, dúirt Rónán Mac Con Iomaire, Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail agus Pleanála Teanga le Údarás na Gaeltachta "Aithníonn Údarás na Gaeltachta an obair shuntasach atá dhá déanamh ag na heagrais forbartha pobail Gaeltachta i bhforbairt pobail ceannródaíoch, i gcuid de na ceantair is imeallaí in Éirinn. Aithníonn muid freisin an obair mhór a bhíonn ar bun ag coistí deonacha na n-eagras seo, agus tá muid ag foilsiú an treoirleabhair seo mar thacaíocht dóibh siúd agus do bhainisteoirí na n-eagras, chun cuidiú leo cloí le dea-chleachtais agus le rialachais, agus iad ag baint barr feabhais amach ina gcuid oibre."

Is féidir leat Dearbháin a cheannacht ar an suíomh anois! Bronntanas iontach an Nollaig seo. Téigh chuig ár suíomh anois nó an nasc inár bio. 🎅🏼 níos mó eolais ach ríomhphost a sheoladh chuig: gaillimh@cnag.ie
Táimid ag glacadh le hiarratais anois ó theaghlaigh óstacha Gaeltachta incháilithe ar mhaith leo clárú den chéad uair chun lóistín a chur ar fáil do chóras na gColáistí Gaeilge, agus ar mhaith leo leas a bhaint as deontas tosaithe nua méadaithe €6,000.

Tá an deontas méadaithe seo ann chun teaghlaigh óstacha Gaeltachta nua incháilithe a spreagadh le lóistín a chur ar fáil do mhic léinn atá ag freastal ar Choláistí Gaeilge.

Léigh tuilleadh eolais agus déan iarratas anseo:

https://www.gov.ie/ga/preasraitis/ef62d-deontas-tosaithe-6000-do-theaghlaigh-ostacha-na-gcolaisti-samhraidh-ar-fail-anois-jack-chambers-td/

Tá Sorcas Gerbola, i gcomhar le Glór na nGael, ag cur seó Gaeilge ar siúl ag a 11:00 ar an 7 Eanáir. Beidh an seó Gaeilge seo lán d'ealaíne sorcas traidisiúnta cosúil le lámhchleasaíocht agus beidh fir grinn ann chomh maith. Ní bheidh aon ainmhithe in úsáid.

Bunaíodh Sorcas Gerbola 21 bliain ó shin agus is as teaghlaigh shorcais iad Tara agus Mikey Gerbola, na bunaitheoirí.

Is ar thalamh Chaisleán Bhinn Éadair a bheas an sorcas lonnaithe. Beidh páirceáil ar fáil ar an láthair.  

Beidh costas de €5 ar thicéad do pháiste (faoi 18) agus €10 ar dhuine fásta.

 

Tuilleadh eolas: Ceithleann@glornangael.ie

Seoda ón Taisce Liteartha - Eagrán Speisialta don Nollaig

San eagrán seo, cloisfear Cathal Mac Donnacha ag léamh a shaothar Turas go dtí an Tuama a bhuaigh an chéad duais i gComórtas B6 – Scéal: Roinn B (faoi 21) i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2022.

Rugadh agus tógadh Cathal i mBaile na hAbhann, Co. na Gaillimhe.
D'fhreastail sé ar Scoil Náisiúnta Cholmcille ar an Tulach agus é ag fás aníos agus ansin chuaigh sé ar aghaidh chuig an meánscoil i gColáiste Chroí Mhuire sa Spidéal.
Faoi láthair, tá sé ag freastal ar Ollscoil na Gaillimhe agus é ag déanamh staidéar ar an mhatamaitic agus an eolaíocht agus tá suim aige a bheith ag obair sna seirbhísí airgeadais amach anseo.

Suigh siar agus tabhair cluas do Chathal ag déanamh cur síos ar aistear Shéamuisín Óg ó Co. an Chláir go dtí Co. na Mí chun Sí an Bhrú a aimsiú.

Is féidir éisteacht leis an eagrán úr ar Spotify nó ar www.antoireachtas.ie/podchraoladh/

Twitter
Facebook
Website
Copyright © Gaeilge Mhaigh Cuilinn, 2022, All rights reserved.

Our mailing address is:
gaeilgemhaighcuilinn@gmail.com

Want to change how you receive these emails?
You can update your preferences or unsubscribe from this list.

Gaeilge Mhaigh Cuilinn

085 8504935

gaeilgemhaighcuilinn@gmail.com