Gaeilge Mhaigh Cuilinn

Nuachtlitir Meitheamh 2023

Gaeilge Mhaigh Cuilinn Nuachtlitir Meitheamh 2023

Imeachtaí agus dea scéalta Mhaigh Cuilinn
View this email in your browser
A chairde,

Tá súil agam go bhfuil sibh ar fad i mbárr na slainte agus gur bhain sibh sult as an aimsir breá a bhí againn le píosa!

Ba mhaith liom Breithlá Sona a ghuí ar ár gcara álainn Gearóidín. Is bean den scoth í agus an t-ádh linn gurb ise múinteoir na Ranganna Gaeilge a bhíonn ar siúl ag Teach na Gaeilge.  Má tá suim ag éinne agaibh sna ranganna bígí i dteagmháil liom. 

Bhain na leanaí an sult as an mbliain linn ag Teach na Gaeilge! Ar ndóigh b'e seo an chéad bhliain dúinn Maidin Leanaí a chuir ar fáil agus d'éirigh thar cionn leo. Adh mór libh i Meán Fómhair agus sibh ag tosú sa Naíonra in Árus Uilinn! Má tá leanaí agaibh sa bhaile agus má tá suim agaibh sa Maidin Leanaí bígí i dteagmháil liom!

Bhí lá den scoth againn le haghaidh Cruinniú na nÓg. Bhí siúlóid álainn againn sna coillte agus ina dhiaidh sin ceardlann ealaíne agus ceardlann bácáil againn i dTeach na Gaeilge! Ansin bhain muid an sult as Picnic álainn agus ar ndóigh bhí go leor ceoil agus scéalta agus spraoi ar siúl i rith an lae! 

Beidh Campa Spraoi Gaeilge Mhaigh Cuilinn ar siúl arís i mbliana ag deireadh mhí Iúil agus tá muid ag súil go mór fáilte a chuir romhaibh. Beidh píosa spraoi againn gan dabht! 

Beir bua,
Ándría.
Breithlá Sona dár múinteoir iontach! 
A Ghearóidín, tá muid chomh bhuíoch díot!
Téarma nua ag tosú i Méan Fómhair 2023
Maidin Leanaí Nua ag Tosú Meán Fómhair 2023
Buaiteoir - Bealtaine
Comhghairdeas le Sarah Godfrey
Má tá suim agaibh in aon cheann de na himeachtaí atá ar siúl i dTeach na Gaeilge tá failte romhat teacht i dteagmháil liom chun tuilleadh eolais a fháil.

gaeilgemhaighcuilinn@gmail.com
An Féidir Leat? le Gaeilge Mhaigh Cuilinn ~ Clár 23
     - tá spásanna againn sa chlub teic - bígí i dteagmháil linn -     

      gaeilgemhaighcuilinn@gmail.com     
Comhghairdeas Eoin - Gaelgóir na Míosa 
Turas Wildlands ~ Club na nÓg

Tugann figiúirí daonáirimh léargas don gcéad uair ar an leibhéal líofachta Gaeilge ag daoine sa Ghaeltacht

Titim bheag 1.6% ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge i gcomparáid le titim 11% i 2016

 

Cuireann Údarás na Gaeltachta fáilte roimh fhoilsiú fhigiúirí Dhaonáirimh 2022 i leith na Gaeilge, a thugann bunús fíriciúil dúinn ar staid na Gaeilge mar atá, ar fud na tíre agus go sonrach sna ceantair Ghaeltachta.

 

Nuair a dhéantar anailís ar an líon daoine a labhraíonn Gaeilge go laethúil tá titim bheag 1.6% ar líon gcainteoirí laethúla taobh amuigh don gcóras oideachais go 20,261. Tá ardú ar líon na ndaoine a labhraíonn an Ghaeilge go laethúil i gcondaetha Chiarraí agus Condae Phort Láirge. Ina ainneoin sin, thit líon na ndaoine a labhraíonn Gaeilge ar bhonn laethiúil taobh amuigh don gcóras oideachais sna condaetha eile Gaeltachta, i gcondae Mhaigh Eo agus chondae Dhún na nGall go sonrach.  Don gcéad uair i mbliana, déantar cur síos ar chumas féinmheasta Gaeilge mhuintir na Gaeltachta, agus léiríonn sé sin go bhfuil 45,880 duine go bhfuil Gaeilge mhaith nó an-mhaith acu.

 

Taispeánann figiúirí nua-fhoilsithe an daonáirimh go bhfuil ardú ar líon na ndaoine go bhfuil cumas labhartha Gaeilge acu i gceantair Ghaeltachta – ardú de 1,492 go 65,165.

 

Tháinig ardú go náisiúnta ar líon na ndaoine a thug le fios go bhfuil cumas labhartha Gaeilge acu, ardú 6% idir 2016 agus 2022 go 1,873,997, an dara thréimhse daonáirimh inar tharla sé seo.

 

Dúirt Tomás Ó Síocháin, príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta: “Tá sé fíor-thábhachtach go bhfuil na figiúirí atá foilsithe inniu ar fáil dúinn agus go bhfuil níos mó eolais againn anois faoi labhairt na Gaeilge sa nGaeltacht ná mar a bhí ag aon am roimhe seo. Cé go bhfuil titim beag, ar an iomlán do líon na gcainteoirí Gaeilge go laethúil – 1.6% tá sé suntasach gur laghdú é an méid sin ón titim de 11% i 2016. Tháinig ardú ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge i ndeich gcinn de na Limistéir Pleanála Teanga.

 

Is léir, in áiteanna ina bhfuil titim iontu go bhfuil géarghá lena thuilleadh scagadh agus cíoradh ar fhigiúirí daonáirimh, obair a chuirfear tús leis láithreach ach an oireadh leis na ceantair ina bhfuil ardú tagtha ar líon na gcainteoirí laethúla.’

 

 

“Is léir ón eolas a foilsíodh ar maidin go bhfuil an Ghaeilge faoi bhrú i roinnt limistéir pleanála teanga Gaeltachta. Tá sé suas anois do na heagraíochtaí stáit agus do na pobail Ghaeltachta, ag obair i gcomhpháirt lena chéile, aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin, agus muid ag iarraidh go neartófar an Ghaeilge agus go méadófar an líon daoine a labhrann an teanga go laethúil. Is léir go mbeidh obair mhór agus dúshlánach romhainn, ach tá muid faoi réir chuige.”

 

“Ag an am céanna, tá sé tábhachtach go dtabharfaí aitheantas do na comharthaí dóchais go bhfuil ardú le feiceáil i ndeich gcinn de na limistéir. Le níos mó ná bliain anuas, tá lorg na hoibre atá á dhéanamh ag Oifigigh Pleanála Teanga le feiceáil go follasach sa Ghaeltacht. Is fiú a thabhairt san áireamh, de bharr cúinsí áirithe, an phaindéim ina measc – go raibh muid i lár 2021 sular tháinig dlús suntasach ar ghníomhaíochtaí a bhí ag tarlú sna pobail de bharr feidhmiú an phróisis. Ach tá an próiseas pleanála teanga faoi lán seoil anois i 26 Limistéar Pleanála Teanga agus i dhá Bhaile Seirbhíse Gaeltachta.  Tá pleananna teanga a bhfeidhmiú ag 29 ceanneagraíocht pleanála teanga ar fud na Gaeltachta agus buiséad iomlán bliantúil de €3.2m ceangailte leis na pleananna teanga sin.“

 

“Anuas ar sin, tá an Polasaí Oideachais Gaeltachta á fheidhmiú sna scoileanna Gaeltachta; tá faisnéis ar fáil cheana féin a léiríonn go bhfuil tionchar dearfach an an bPolasaí sin agus ag an mbéim atá ar an tumoideachas trí Ghaeilge sna naíonáin, ar nósmhaireachtaí teanga sna scoileanna Gaeltachta. “

 

“Beidh tuilleadh iniúchadh le déanamh ar na figiúirí seo, chun pictiúir níos iomláine a fháil ar phátrúin teanga sna ceantair Ghaeltachta agus ar chomhthéacs na n-athraithe atá tagtha ó 2016. Tá muid tosaithe i mbun na hoibre sin cheana féin in Údarás na Gaeltachta agus beidh an t-eolas ó Dhaonáireamh 2022 lárnach sna polasaithe a bheas á leagan amach againn amach anseo. “

 

Twitter
Facebook
Website
Copyright © Gaeilge Mhaigh Cuilinn, 2022, All rights reserved.

Our mailing address is:
gaeilgemhaighcuilinn@gmail.com

Want to change how you receive these emails?
You can update your preferences or unsubscribe from this list.







Gaeilge Mhaigh Cuilinn

085 8504935

gaeilgemhaighcuilinn@gmail.com