Gaeilge Mhaigh Cuilinn

Nuachtlitir Iúil 2023

Gaeilge Mhaigh Cuilinn Nuachtlitir Iúil 2023

Imeachtaí agus dea scéalta Mhaigh Cuilinn
View this email in your browser
A chairde,

Tá súil agam go bhfuil sibh ar fad i mbárr na sláinte.

An bhfuil páiste agaibh ag tosú sa scoil i Meán Fómhair 2023? 

Má tá b'fheidir go mbeadh spéis agaibh sa scéim 'Mo Leabharlann Bheag'. Tá tuilleadh eolas agus nasc ar fáil sa nuachtlitir.
 
Ba mhaith liom bhur n-aird a tharraingt ar fhógra earcú foirne sa nuachtlitir maidir le seirbhís roimh scoile agus tar éis scoile i Scoil Bhaile Nua. Seo deis iontach don té ceart a bheith ag obair sa scoil Ghaeltachta atá againn i Maigh Cuilinn.

Gan amhras bhí mí thar a bheith gníomhach agus gnóthach againn leis an bhFéasta Sráide agus an Campa Spraoi agus táim den tuairim go n-insíonn na pictiúirí breátha thíos an scéal ar fad!

Beir bua,
Ándría.
Maidin Leanaí Nua ag Tosú Meán Fómhair 2023
Buaiteoir - Meitheamh
Comhghairdeas le Mactíre MacTaidhg
Má tá suim agaibh in aon cheann de na himeachtaí atá ar siúl i dTeach na Gaeilge tá failte romhat teacht i dteagmháil liom chun tuilleadh eolais a fháil.

gaeilgemhaighcuilinn@gmail.com
An Féidir Leat? le Gaeilge Mhaigh Cuilinn ~ Clár 24
Mo Leabharlann Bheag
 
Tá scéim nua seolta idir leabharlanna na tíre, an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Imeasctha agus Óige chun cabhrú le leanaí atá ag tosú ar an scoil, trí mhála leabhar a bhronnadh orthu. Tá Mo Mhála Leabhar Leabharlainne Beag ar fáil saor in aisce do gach leanbh atá ag tosú ar scoil in 2023 chun cabhrú leo ullmhú don chéim mhór seo. Is féidir le leanaí agus a dtuismitheoirí nó caomhnóirí na málaí a bhailiú ag aon leabharlann ar fud na tíre.
I ngach mála de chuid de Mo Mhála Leabhar Leabharlainne Beag tá: Trí leabhar ar thosú scoile, cairde a dhéanamh agus a bheith compordach le bheith leat féin; Cárta scéal ar dhul go dtí an leabharlann; Cárta poist is féidir leis an bpáiste a scríobh nó a tharraingt air agus a sheoladh chuig an múinteoir nua, nó a thabhairt don mhúinteoir ar a gcéad lá ar scoil; A gcárta leabharlainne féin agus sealbhóir cárta speisialta Mo Leabharlann Bheag. Tá málaí leabhar ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla.
Tá leabharlanna na tíre ag fanacht anois le fáilte a chur roimh leanaí 4 agus 5 bliana d’aois bualadh isteach chucu chun a mhálaí a bhailiú agus tosú ar a dturas ballraíochta sa leabharlann. Tá súil ag na leabharlanna nuair a thugann na paistí cuairt orthu chun a mála leabhar a bhailiú, go bhfillfidh siad go rialta mar bhaill nua leabharlainne agus a dteaghlaigh in éineacht leo.
Mar chuid den tionscnamh Mo Mhála Leabhar Leabharlainne Beag freisin tá sraith nua físeáin seolta do thuismitheoirí chun leabhair Ghaeilge a léamh lena bpáistí. Tá na hacmhainní físe ar fáil ag:


www://
librariesireland.ie/my-little-library.
SPRAOI
SCOIL DAMHSA ARLENE COOKE
BÁCÁIL
EALAÍN 
PASTTIMES CHONAMARA
SMIDIÚ AGHAIDH
ZUMBA AS GAEILGE
Seachtain 1
Seachtain 2
Ceardlann oiliúna Glór na nGael. Mark Harte agus Donncha Ó hÉallaithe a bhí ann mar aoichainteoirí. Eagraíonn Glór na nGael na ceardlanna seo le deis gréasánaíochta a sholáthar do choistí pobail Gaeilge atá ag feidhmiú ar an talamh fud fad na tíre seo.  
Twitter
Facebook
Website
Copyright © Gaeilge Mhaigh Cuilinn, 2022, All rights reserved.

Our mailing address is:
gaeilgemhaighcuilinn@gmail.com

Want to change how you receive these emails?
You can update your preferences or unsubscribe from this list.







Gaeilge Mhaigh Cuilinn

085 8504935

gaeilgemhaighcuilinn@gmail.com