Gaeilge Mhaigh Cuilinn

Nuachtlitir Feabhra 2023

Gaeilge Mhaigh Cuilinn Nuachtlitir Feabhra 2023

Imeachtaí agus dea scéalta Mhaigh Cuilinn
View this email in your browser
A chairde,

Beatha agus sláinte.

Tá súil agam go raibh Lá Fhéile Bríd deas agaibh. Nach iontach an rud é go bhfuil lá saoire bainc nua againn ag ceiliúradh duine de na mná is cáiliúla i stair na hÉireann.

Bhí áthas orm freastail ar seoladh oifigiúil Raidió Rí Rá in éineacht le roinnt dena déagóirí ó Chlub Óige Gaeilge Mhaigh Cuilinn. Tá ríméad orainn go bhfuil stuideo acu lonnaithe i nGaillimh agus tá súil againn beidh bainte leo sna laethannta amach romhainn!

Comhghairdeas ó chroí le Cumann Cispheile Mhaigh Cuilinn as ucht an dea obair atá déanta acu i dtaobh an Ghaeilge a chuir chun cinn - go háirithe leis na Rógairí Óga! Is aoibheann liom an manna nua atá in úsáid acu:

***   Cispheil - Cairdeas - Craic   ***

Is beag go mbeidh Seachtain na Gaeilge linn. Tá go leor imeachtaí deasa ar siúl fud fad na tíre agus i Maigh Cuilinn beidh Quiz Bord ar siúl i Halla Scoil Mhuire agus beidh Siúlóid Teaghlaigh agus Picnic againn ag Teach na Gaeilge freisin. Bígí linn - tá céad míle fáilte romhaibh!

Bhí an t-ádh liom freastail ar Ard Fheis Chonradh na Gaeilge i mbliana. Pléadh go leor rúin éagsúla ar mhaitheas dul chun cinn an Ghaeilge agus go háirithe mar gheall ar Cearta Teanga. Is í an Ghaeilge ár dteanga agus is fiú go mór í a labhairt - cuma má tá tú líofa nó nach bhfuil agat ach cúpla focail!

Beatha teanga í a labhairt.

Ándría.
Tá bileoga eolais ar fáil i dTeach na Gaeilge.
1 - 17 Márta 
Lá Fhéile Vailintín Shona
Buaiteoir - Eanair
Comhghairdeas le Michael J. Keane
Má tá suim agaibh in aon cheann de na himeachtaí atá ar siúl i dTeach na Gaeilge tá failte romhat teacht i dteagmháil liom chun tuilleadh eolais a fháil.

gaeilgemhaighcuilinn@gmail.com

An Féidir Leat? le Gaeilge Mhaigh Cuilinn - Clár 19
 
     - tá spásanna againn sa chlub teic - bígí i dteagmháil linn -     

      gaeilgemhaighcuilinn@gmail.com     
Comhghairdeas leat a Sarah!

Gaelgóir na Míosa le Gaeilge Mhaigh Cuilinn 
Rás an Earraigh 

Fáiltíonn Údarás na Gaeltachta roimh an fhógra

go bhfuil príomhfheidhmeannach nua ceaptha ar Mhuintearas Teo.

 

Fáiltíonn Údarás na Gaeltachta roimh an fhógra go bhfuil Elaine Scahill ceaptha mar Príomhfheidhmeannach ar Mhuintearas Teo.

Dúirt Rónán Mac Con Iomaire, Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail agus Pleanála Teanga Údarás na Gaeltachta:

“Tá ríméad orainn go mbeidh duine chomh cumasach ag glacadh stiúir anois ar eagraíocht a bhfuil ról an-tábhachtach aige i bhforbairt agus i neartú na Gaeltachta agus na Gaeilge. Tá muid ag súil go mór le bheith ag obair i ndlúthpháirtíocht le Muintearas sa tréimhse amach romhainn i réimsí óige, oiliúna agus oideachais, ar mhaithe le pobal na Gaeltachta.”

“Guíonn muid gach rath ar Elaine Scahill agus í ag tabhairt faoina cúramaí nua agus glacann muid buíochas le Seán Ó Coistealbha as an obair cheannródaíoch a rinne sé le linn na mblianta a bhí sé ag stiúradh na heagraíochta.”

An cumas ag Ros an Mhíl a bheith ina chalafort tábhachtach do thionscal na gaoithe eischósta,

a deir tuarascáil nua de chuid an chomhlachta Atkins

 

I dtuarascáil nua a choimisiúnaigh Údarás na Gaeltachta agus a réitigh foireann neamhspleách comhairleoireachta, faoi cheannas an chomhlachta Atkins, deirtear go bhféadfadh Ros an Mhíl ról rí-thábhachtach a imirt i bhforbairt an fhuinnimh gaoithe amach ó chósta na hÉireann, ag éascú seachadadh an 5 GW cumhachta a bheas ag teastáil sa ngearr go meán thréimhse agus ag cruthú suas le 900 post. Beidh cósta an iarthair lárnach i bhfíorú fís an rialtais do neamhspleáchas fuinnimh d’Éirinn. Deirtear i dtuarascáil Atkins go bhfuil láthair straitéiseach ag Ros an Mhíl, i lár chósta an iarthair, agus go bhfuil sé d’acmhainn aige a bheith ar cheann de na calafoirt is tábhachtaí ag tacú leis an tionscal seo.

 

Dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta: “Glactar leis go forleathan go bhfuil práinn le spás calafoirt a aimsiú, má tá Éire lena cuid spriocanna do ghiniúint fuinnimh eischósta a chomhlíonadh agus bogadh i dtreo neamhspleáchais fuinnimh. Léirítear sa tuarascáil seo go bhféadfadh Ros a Mhíl a bheith lárnach má tá freastal le déanamh ar an riachtanas sin. Ach tá sé tábhachtach go ngníomhaítear gan mhoill. Tá an t-éileamh ar ghaoth eischósta ag fás go tapa, agus tá baol ann nach mbeidh dóthain soláthair calafoirt go réigiúnach leis an éileamh sin a shásamh, mar gheall ar an achar fada ama a thógann sé calafoirt a uasghrádú.  Tacaíonn ionadaithe iascaireachta go háitiúil agus Coiste Tacaíocht Chalafort Ros an Mhíl le forbairt straitéiseach Ros an Mhíl mar mhol do sheirbhísí tacaíochta fuinnimh gaoithe.  Sa Máistirplean atá molta sa tuarascáil seo, bheadh an tionscal iascaireachta agus an earnáil fuinnimh inathnuaite ag obair go comhthreomhar lena chéile.   Thacódh muidne in Údarás na Gaeltachta lena leithéide, i gcomhthéacs forbartha stuama agus inmharthana, a mbeadh buntáiste léi go háitiúil, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, agus a bheadh chun leas na Gaeltachta.

Twitter
Facebook
Website
Copyright © Gaeilge Mhaigh Cuilinn, 2022, All rights reserved.

Our mailing address is:
gaeilgemhaighcuilinn@gmail.com

Want to change how you receive these emails?
You can update your preferences or unsubscribe from this list.

Gaeilge Mhaigh Cuilinn

085 8504935

gaeilgemhaighcuilinn@gmail.com