Gaeilge Mhaigh Cuilinn

Nuachtlitir Eanáir 2023

Gaeilge Mhaigh Cuilinn Nuachtlitir Eanáir 2023

Imeachtaí agus dea scéalta Mhaigh Cuilinn
View this email in your browser
A chairde,

Ath bhliain faoi mhaise daoibh go léir.  Tá súil agam go raibh Nollaig deas agaibh agus go raibh Nollaig na mBan shona agaibh freisin! Guím bliain úr nua rathúil oraibh ar fad. 

Is iontach an rud í go bhfuil an saol ag feasbhsú an t-am ar fad agus cé go bhfuil Covid fós linn tá cúrsaí ag dul ar aghaidh go maith! Ba bhreá liom eolas a roinnt libh maidir leis na himeachtaí ar fad atá ar siúl i dTeach na Gaeilge. Má tá suim  agaibh freastail ar aon rang nó imeacht, le bhur dtoil tar i dteagmháil liom.

Ranganna Gaeilge: Maidin Dé Máirt @11r.n.

Ranganna Gaeilge: Tráthnóna Dé Céadaoin @7i.n.

Ranganna Gaeilge: Maidin Déardaoin @11i.n.

Club na nÓg: Dé Luain & Dé Céadaoin @2:30i.n.

Club Óige: Tráthnóna Dé Luain @6:30i.n.

Ceardlann Cócaireachta: Tráthnóna Dé Máirt @7:00i.n.

Maidin Naíonáin: Maidin Dé hAoine: @9:00r.n.

Ciorcal Comhrá: Maidin Dé hAoine @10:30r.n. (ar zúm)

Club Teic: Maidin Dé hAoine @10:00r.n. (uair sa mhí)

Ard Fheis Conradh na Gaeilge - 25/26 Feabhra

Seachtain na Gaeilge - 1-17 Márta

Siúlóid agus Picnic Teaghlaigh - Márta

Ard Fheis na nÓg - 25/26 Aibreáin

Cruinniú na nÓg - 10 Meitheamh

Campa Samhraidh agus Campa Spraoi i rith an tSamhraidh

Scéalaíocht Oíche Shamhna - Deireadh Fómhair

Las Suas Maigh Cuilinn - Nollaig

Tá comórtas griangrafadóireachta ar siúl freisin. Níl ort ach pictiúr a thógáil agus an pictiúr sin a sheoladh chugam. Beidh buaiteoir in aghaidh na míosa agus beidh pictiúirí na mbuaiteoirí curtha i bhféilire Gaeilge Mhaigh Cuilinn 2024. 

Is í an Ghaeilge teanga labhartha Teach na Gaeilge agus tá céad míle fáilte roimh lucht labhartha Gaeilge agus roimh foghlaimeoirí!


Beatha teanga í a labhairt.

Bígí Linn!
Ándría.
Tá bileoga eolais ar fáil i dTeach na Gaeilge.
Má tá suim agaibh in aon cheann de na himeachtaí atá ar siúl i dTeach na Gaeilge tá failte romhaibh teacht i dteagmháil liom chun tuilleadh eolais a fháil.

gaeilgemhaighcuilinn@gmail.com
An Féidir Leat? le Gaeilge Mhaigh Cuilinn - Clár 18
     - tá spásanna againn sa chlub teic - bígí i dteagmháil linn -     

      gaeilgemhaighcuilinn@gmail.com     
     Breithlá Sona Tuathalán!    

     Breithlá Sona Kai!     
Comhghairdeas leat a Zoya!

Gaelgóir na Míosa le Gaeilge Mhaigh Cuilinn 
Comhghairdeas libh Cumann Peile Mhaigh Cuilinn!
Cumann Cispheile Mhaigh Cuilinn

Na Rógairí óga

Cispheil - Cairdeas - Craic
Cainéal nua do pháistí ar Cúla4!

Foras na Gaeilge estimates this could create 150- 200 new jobs. There'll be no ads or sponsorship on the channel.

Ciallaíonn sé seo go bhfuil ardú suntasach ag teacht ar ábhar chraolachán do pháistí ó sé uair go leith sa lá go ceithre huair déag sa lá.

Beidh seirbhís nuachta do pháistí i gceist, chomh maith le hábhar siamsaíochta, oideachasúil, drámaíocht, agus tógfaidh sé san áireamh páistí ó chuile chúlra agus ó chuile pháirt den tír ach go speisialta ar ndóigh iad siúd a labhrann Gaeilge, i bpobail a labhrann Gaeilge.


https://www.gov.ie/.../db288-speech-by-minister.../
Twitter
Facebook
Website
Copyright © Gaeilge Mhaigh Cuilinn, 2022, All rights reserved.

Our mailing address is:
gaeilgemhaighcuilinn@gmail.com

Want to change how you receive these emails?
You can update your preferences or unsubscribe from this list.

Gaeilge Mhaigh Cuilinn

085 8504935

gaeilgemhaighcuilinn@gmail.com