Gaeilge Mhaigh Cuilinn

Nuachtlitir Bealtaine 2023

Gaeilge Mhaigh Cuilinn Nuachtlitir Bealtaine 2023

Imeachtaí agus dea scéalta Mhaigh Cuilinn
View this email in your browser
A chairde,

Bhí bronnadh oifigiúil Club Teic Gaeilge Mhaigh Cuilinn againn i rith na míosa. Gabhann muid ár mbuíochas le Maitis a tháinig ar cuairt chugainn chun corn álainn a bhronnadh ar an ngrúpa a d'fhreastail ar TechFéile 2023. Comhghairdeas libh! Rinne sibh an obair agus tá teideal Foireann na Bliana tuillte agaibh.

Níl sé i bhfad uainn go mbeidh Campa Spraoi Gaeilge Mhaigh Cuilinn faoi lán sheoil. Mar eolas, a chairde, tá an Campa Spraoi lán. Is Teach na Gaeilge a bheidh in úsáid againn agus de dheasca sin méid na daltaí gur féidir linn freastail orthu teorannta. 

Comhghairdeas ó chroí le coiste agus Oifigeach Pleanála Teanga An Bruach Thoir as ucht a seoladh álainn a reachtáil bhí tráthnóna inné. Bhí spiorad an cheantar le mothú agus dóchas an pobail le cloisteáil agus iad bailithe le chéile i nGaelscoil Bhríde i Mionlach. Guím gach rath oraibh.

Tá céad míle fáilte romhaibh cuairt a thabhairt orainn i dTeach na Gaeilge le haghaidh Cruinniú na nÓg ar an 10ú Meitheamh. Beidh muid ag casadh le chéile ag Teach na Gaeilge @12 agus ag dul ar siúlóid deas trí Coillte Cill Ráine. I ndiaidh sin beidh picnic, siamsaíocht, scéalaíocht agus ceoil againn. Bígí Linn!

Beir bua,
Ándría.
Buaiteoir - Aibreán
Comhghairdeas le Thomas Godfrey
Má tá suim agaibh in aon cheann de na himeachtaí atá ar siúl i dTeach na Gaeilge tá failte romhat teacht i dteagmháil liom chun tuilleadh eolais a fháil.

gaeilgemhaighcuilinn@gmail.com
An Féidir Leat? le Gaeilge Mhaigh Cuilinn ~ Clár 22 Seachtain na Gaeilge
Sábháil an dáta!
     - tá spásanna againn sa chlub teic - bígí i dteagmháil linn -     

      gaeilgemhaighcuilinn@gmail.com     
Comhghairdeas Kai - Gaelgóir na Míosa 
Siúlóid Cultúrtha Cathair na Gaillimhe

 Fáiltíonn Údarás na Gaeltachta roimh bronnadh chonradh soláthar leictreachais eischósta ar thogra Sceirde - beifear ag obair le pobail áitiúla chun a chinntiú gur chun tairbhe na Gaeltachta a bheas aon fhorbairt a déantar

 

Tá fáilte curtha ag Údarás na Gaeltachta roimh chinneadh EirGrid conradh soláthair leictreachais eischósta a bhronnadh ar thogra Sceirde amach ó Charna i nGaeltacht na Gaillimhe.  

 

Is ar an gcomhlacht, Corio a bronnadh an conradh inniu, agus déanfaidh Corio iarratas anois ar chead pleanála leis an togra a fhorbairt. Is é seo an chéad togra fuinnimh gaoithe eischósta riamh a bhfuil conradh bronnta air amach ó chósta Atlantaigh na hÉireann. 

 

“Is deá-scéala don Ghaeltacht é seo agus tá sé tráthúil i gcomhthéacs na forbartha atá dhá dhéanamh ar chalafort Ros an Mhíl i láthair na huaire,” a dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin. “Fáiltimid roimh an fhorbairt atá á dhéanamh ar earnáil an fhuinnimh inathnuaite i nGaeltacht na Gaillimhe, earnáil a bheas rí-thábhachtach d’iarthar na hÉireann sna blianta amach romhainn. Beidh Údarás na Gaeltachta ag obair go dlúth leis na pobail áitiúla chun a chinntiú gur chun tairbhe phobal na Gaeltachta a bheas aon fhorbairt a thugtar chun críche.”

 

Togra 450MW é togra Sceirde, agus tá sé tugtha le fios ag Corio gur mian leo calafort Ros an Mhíl a úsáid mar láthair seirbhíse don fheirm gaoithe. 

 

Tá sé tugtha le fios i dtuarascáil a choimisiúnaigh Údarás na Gaeltachta go bhfuil deis ann 900 post a fhorbairt san earnáil fuinnimh gaoithe eischósta i nGaeltacht na Gaillimhe, má dhéantar Ros an Mhíl a fhorbairt mar mhol don earnáil sin. 

Cad atá i gceist?
Beidh selfie de dhaoine le téip dhearg le feiceáil ar fud na meán sóisialta mar chuid den fheachtas ar an gCéadaoin seo, 17 Bealtaine 2023 (íomhá thuas). Bheadh an selfie le cur amach mar phostáil ar do ghrid féin ar Instagram / le tvuít / ar aon ardán sóisialta atá in úsáid agat, agus in úsáid againne i bhfíseán ina dhiaidh. Tá breis is 150 duine cláraithe cheana féin agus bheadh sé iontach cur leis an líon sin.

Aidhm an fheachtais #Gaeilge4All
Is feachtas pobail é Gaeilge4All, agus an aidhm atá againn ná an Ghaeilge a chosaint agus a láidriú sa chóras oideachais chun go mbeidh eispéireas sásúil foghlama Gaeilge ag gach dalta - chuige sin táimid ag éileamh polasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais ón oideachas luath-óige go dtí an tríú leibhéal. An chéad chéim ná coiste saineolach, neamhspleách a chur le chéile chun an polasaí seo a fhorbairt. Tá tuilleadh eolais faoin bhfeachtas ar an suíomh 
gaeilge4all.ie chomh maith.
 
Beidh tú linn! Cad atá le déanamh anois?
Má tá tú toilteanach cabhrú, cuirfimid an dá phíosa téip dearg chugat sa phost más féidir do sheoladh baile a thabhairt dúinn faoi dheireadh an lae inniu le do thoil. Tá nóta thíos leis an teachtaireacht a bheidh le dul leis an bpostáil freisin. 
Twitter
Facebook
Website
Copyright © Gaeilge Mhaigh Cuilinn, 2022, All rights reserved.

Our mailing address is:
gaeilgemhaighcuilinn@gmail.com

Want to change how you receive these emails?
You can update your preferences or unsubscribe from this list.







Gaeilge Mhaigh Cuilinn

085 8504935

gaeilgemhaighcuilinn@gmail.com