Gaeilge Mhaigh Cuilinn

Nuachtlitir Aibreán 2023

Gaeilge Mhaigh Cuilinn Nuachtlitir Aibreán 2023

Imeachtaí agus dea scéalta Mhaigh Cuilinn
Copy
View this email in your browser
A chairde,

Tá súil agam go raibh Saoire na Cásca álainn agaibh!

Tá ríméad orm a dea sceála a roinnt libh gur bhuaigh ár bhfoireann ó Club Teic Gaeilge Mhaigh Cuilinn Gradam Naisiúnta 'Foireann na Bliana' ag TechFéile 2023. Idir na robait agus na gearrscannáin a chuir siad isteach ar an gcomórtas tá sé éasca le rá go ndearna siad obair den scoth i rith na bliana. Comhghairdeas libh agus táim chomh bródúil asaibh. Beidh bronnadh oifigiúil againn ag Teach na Gaeilge an mhí seo chugainn le ionadaí ó foireann TechSpace agus cóisir beag dóibh freisin!

*Is féidir breathnú ar na gearrscannáin atá déanta acu ar ár gcainéal YouTube Gaeilge Mhaigh Cuilinn! 

Bhí an t-ádh ar Chlub Óige Gaeilge Mhaigh Cuilinn cuireadh a fháil chun freastail ar Ard Fheis na nÓg 2023. Bhí turas álainn acu go Gaoth Dobhair agus cuirtear céad míle fáilte rompu. Bhí seoladh Ard Fheis na nÓg in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus bhí céilí, ceoil agus craic acu an chéad oíche. An lár dár gcionn rinne siad cur i láthair roimh foireann Conradh na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta, roinnt Teachtaí Dála agus níos mó ná 100 déagóirí a bhí i láthair ag an ócáid. B'ócáid den scoth a bhí ann agus gabhann muid ár mbuíochas le foireann díográsach Chonradh na Gaeilge. 

Sábháil an Dáta! Beidh muid ag reachtáil ócáid deas sna coillte le haghaidh Cruinniú na nÓg ar an 10ú Meitheamh. Coinnígí súil amach ar na meáin shóisialta chun tuilleadh eolais a fháil níos giorra na hama.

Beir bua,
Ándría.
Tá bileoga eolais ar fáil i dTeach na Gaeilge.
Buaiteoir - Márta
Comhghairdeas le Mártín Mac Fhlannacha
Má tá suim agaibh in aon cheann de na himeachtaí atá ar siúl i dTeach na Gaeilge tá failte romhat teacht i dteagmháil liom chun tuilleadh eolais a fháil.

gaeilgemhaighcuilinn@gmail.com
An Feidir Leat? le Gaeilge Mhaigh Cuilinn ~ Clár 21
Sábháil an dáta!
     - tá spásanna againn sa chlub teic - bígí i dteagmháil linn -     

      gaeilgemhaighcuilinn@gmail.com     
Comhghairdeas Anna - Gaelgóir na Míosa 
Ard Fheis na nÓg 2023

Údarás na Gaeltachta in Iorras Aithneach ar maidin inniu

do chruinniú boird in Ionad Pobail Chill Chiaráin

 

Ba ar Chill Chiaráin i gConamara a bhí trial chomhaltaí agus feidhmeannaigh an Údaráis inniu do chruinniú míosúil bhord Údarás na Gaeltachta. Sular cuireadh tús leis na gcruinniú foirmeálta, bhí deis ag Fóram Chonamara Láir (an eagraíocht atá dhá mhaoiniú ag Údarás na Gaeltachta ar mhaithe le forbairt pobail i gceantair Charna, Chill Chiaráin, an Chaisil, Chamuis, Ros Muc agus Sraith Salach) cur i láthair a dhéanamh don bhord, a thug léargas ar an obair atá ar siúl ar an eagraíocht, agus ar na pleananna atá siad a fhorbairt.

Tar éis an chruinnithe, thug an bord agus na feidhmeannaigh cuairt ar shuíomh Pháirc na Mara i gCill Chiaráin; le gairid a phlé an tÚdarás féidearthachtaí an togra le ionadaithe ó phobal Iorras Aithneach ag cruinniú go háitiúil.

 

Ag labhairt di tar éis an chruinnithe, dúirt cathaoirleach eatramhach an bhoird, Mary Uí Chadhain:

“Tá an-ríméad orm a bheith anseo in Iorras Aithneach ar maidin, m’áit dhúchais féin. Tá an-tuiscint ag an Údarás ar na dúshláin a bhíonn le sárú ag pobail cheantair tearcfhorbartha ar nós an cheantair seo, ní amháin i gConamara ach ar fud na Gaeltachta. Tá an tacaíocht a thugann an tÚdarás d’fhorbairt agus d’fhostaíocht sna réigiúin seo cinniúnach má tá pobail láidre, forásacha Gaeltachta le maireachtáil iontu.”

 

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin:

“Is iontach an deis é cruinniú an lae inniu le léargas a fháil ar thionchar chláracha an Údaráis ar cheantar Iorras Aithneach, mar shampla dúinn do cheantair dá leithead ar fud na Gaeltachta. Fuair muid eolas luachmhar anseo inniu ón gcur i láthair a rinne Fóram Chonamara Láir dúinn, faoin tábhacht atá le tacaíocht Údarás na Gaeltachta do Iorras Aithneach, áit ina bhfuil an Ghaeilge ag croílár an phobail agus na gníomhaíochtaí pobail ar fad a bhfuil muid ag tacú leo.”

Twitter
Facebook
Website
Copyright © Gaeilge Mhaigh Cuilinn, 2022, All rights reserved.

Our mailing address is:
gaeilgemhaighcuilinn@gmail.com

Want to change how you receive these emails?
You can update your preferences or unsubscribe from this list.







Gaeilge Mhaigh Cuilinn

085 8504935

gaeilgemhaighcuilinn@gmail.com