Gaeilge Mhaigh Cuilinn

Nuachtlitir Samhain 2022

Nuachtlitir Samhain 2022

Imeachtaí agus dea scéalta Mhaigh Cuilinn
View this email in your browser
A chairde,

Tá súil agam go bhfuil sibh i mbárr na sláinte agus go raibh Oíche Shamhna iontach agaibh. Bhí 'Scéalaíochta Oíche Shamhna' den scoth againn! Bhí an spraoi againn ag Teach na Gaeilge leis na gasúir agus tá súil agam gur bhain sibh sult as an ócáid agus táim lán cinnte go raibh taispéantas faoi leith dena puimpcíní álainn deartha agaibh le feiceáil fud fad Mhaigh Cuilinn.

Le mí anuas tá Ceardlann Bácáil na Nollag le Gaeilge Mhaigh Cuilinn faoi lán sheoil. Is éard atá ann ná ceardlann dírithe ar bhácáil an 'Cáca Lá Nollag' agus tá roinnt ceardlann bácáil fite fuite eatharthu. Tá na mná ag baint an sult as an gceardlann agus táim ag tnúth go mór na cácaí maisithe a fheiceáil - coinnigí súil amach ar ár leathanach Facebook le haghaidh eolas faoin gcéad ceardlann eile sa bhliain úr.

Bhí an t-ádh orm freastal ar an Google Foundry le déanaí mar gur thugtar cuireadh dhom cur i láthair a dhéanamh ag ócáid mhór oideachasóirí Kinia. Bhí lá den scoth againn agus táimid fíorbhuíoch as ucht an tacaíocht a thugann Kinia dúinn dár gClub Teic. 

Mar eolas daoibh, tá ranganna Gaeilge neamhfhoirmeálta ar siúl againn i dTeach na Gaeilge dhá uair in aghaidh na seachtaine - maidin Dé Máirt agus tráthnóna Dé Céadaoin. Buail isteach orainn má tá suim agaibh cúpla focail a úsáid nó Gaeilge a fhoghlaim. Bígí Linn!

Ní fada uainn an Nollaig! Beidh ócáid 'Las Suas Maigh Cuilinn' againn i dTeach na Gaeilge ar an 9ú @4. Táim ag súil go mór leis agus tá céad míle fáilte romhaibh!

Ádh mór,
Ándría.
Tá bileoga eolais ar fáil i dTeach na Gaeilge.
* Bígí Linn *

Las Suas Maigh Cuilinn 
Comhghairdeas libh!
Beidh na pictiúirí foilsithe i bhféilire Gaeilge Mhaigh Cuilinn 2023
An Féidir Leat? le Gaeilge Mhaigh Cuilinn - Clár 16
     - tá spásanna againn sa chlub teic - bígí i dteagmháil -     
Comhghairdeas leat a Shane!

Gaelgóir na Míosa le Gaeilge Mhaigh Cuilinn 
Comhghairdeachas ó chroí le Foireann Peile Sinsir na mBan Maigh Cuilinn a bhuaigh Craobh Iarthair na Gaillimhe inniu i gcoinne Foireann na mBan Naomh Shéamus. Ní raibh na coinníolacha ró iontach ar an Rhinnmhór idir gaoth agus báisteach ach thug an dhá fhoireann an-taispeántas dúinn. D'imir Maigh Cuilinn le croí agus crógacht i gcoinne foireann láidir. Bua iontach sa deireadh 4.12 go 3.7. Is í Niamh Ní Laighin, captean Mhaigh Cuilinn, a d'ordaigh an chorn agus a thug óráid álainn ar son na foirne. Comhghairdeachas leis an bhfoireann agus leis an mbainistíocht.

Buíochas le Paul Gannon as an gcomórtas a eagrú agus as ucht réiteoireacht a dhéanmh ar an gcluiche inniu.

Buíochas leis an Rinn Mhór as ucht an bpáirc peile inniu.

Maith sibh a chailiní. Is cúis mór bród sibh don chlub agus don pharóiste.
Chuir na cailíní faoi 13 ó Cumann Cispheile Mhaigh Cuilinn tús leis an léig an Domhnach seo chaite i Salerno i gcoinne East Galway Celtics. Faraor bhí an bua ag muintir Baile Átha na Rí 26 - 19. Cluiche don scoth a bhí ann agus táimid ag súil go mór leis an gcéad cluiche eile. 

Sa phictiúir thuas tá (C-D): Rachel Sidley,  Niadh Leonard, Layla Conroy, Lily Shelley,  Emma Conde, Ella Mc Keown, Laura Cronin Doherty,  Róisín Walsh, Moran Cristodor,  Sadhbh Joy,  Aoife Walsh and Romy Devane.
Rinne cathaoirleach Údarás na Gaeltachta, Anna Ní Ghallachair, an togra ealaíon poiblí, “Stucaí an Screabáin” atá suite taobh amuigh d’Áislann Ghaoth Dobhair, a sheoladh go hoifigiúil maidin inniu.

Ba é an t-iarratas a tháinig ón ealaíontóir clúiteach Locky Morris a b’fhearr a chruthaigh agus ba óna lámh a tháinig an obair ealaíne seo, saothar a luíonn isteach go nádúrtha leis an téama a roghnaíodh.
Dáithí Ó Sé and Sinéad Kennedy chatted to Siún Ní Dhuinn and Marisa Carter about the campaign #CreidimIonat, from Foras na Gaeilge, supported by RTÉ.

Tá bród ar Fhoras na Gaeilge agus ar RTÉ Creidim Ionat a chur I láthair, tionscnamh nuálach agus comhoibríoch arlíne,a bhfuil dʼaidhm leis feasacht fhorleathan a chothú ar an nGaeilge agus a húsáid laethúil a chur chun cinn.
Foras na Gaeilge and RTÉ are proud to present Creidim Ionat, an innovative and collaborative online initiative aimed at nurturing widespread awareness and everyday use of Irish.

Creidim Ionat calls on anyone and everyone with an interest in Irish to pick a partner and agree a goal.

Léigh tuilleadh anseo: https://www.rte.ie/gaeilge/2022/1013/...
Táimid ag glacadh le hiarratais anois ó theaghlaigh óstacha Gaeltachta incháilithe ar mhaith leo clárú den chéad uair chun lóistín a chur ar fáil do chóras na gColáistí Gaeilge, agus ar mhaith leo leas a bhaint as deontas tosaithe nua méadaithe €6,000.

Tá an deontas méadaithe seo ann chun teaghlaigh óstacha Gaeltachta nua incháilithe a spreagadh le lóistín a chur ar fáil do mhic léinn atá ag freastal ar Choláistí Gaeilge.

Léigh tuilleadh eolais agus déan iarratas anseo:

https://www.gov.ie/ga/preasraitis/ef62d-deontas-tosaithe-6000-do-theaghlaigh-ostacha-na-gcolaisti-samhraidh-ar-fail-anois-jack-chambers-td/
Twitter
Facebook
Website
Copyright © Gaeilge Mhaigh Cuilinn, 2022, All rights reserved.

Our mailing address is:
gaeilgemhaighcuilinn@gmail.com

Want to change how you receive these emails?
You can update your preferences or unsubscribe from this list.

Gaeilge Mhaigh Cuilinn

085 8504935

gaeilgemhaighcuilinn@gmail.com