Gaeilge Mhaigh Cuilinn Nuachtlitir Samhain 2021

Nuachtlitir Gaeilge Mhaigh Cuilinn

Samhain
A chairde,

Beatha agus sláinte.

Tá súil agam go bhfuil sibh i mbárr na sláinte! Idir imeachtaí fíorúil agus ócáid sa saol bhí go leor ag tarlú i Maigh Cuilinn le déanaí agus seo leanas blaisín dóibh!

Tá áthas ar Choiste Pleanáil Teanga Gaeilge Mhaigh Cuilinn bheith páirteach i gComórtas Glór na nGael arís i mbliana. Bhí cruinnithe iontach eadrainn ar zúm agus bhí muid ag plé an dul chun cinn atá déanta ó thaobh an teanga de sa cheantar álainn seo. Coinnigí súil amach ar na meáin an tseachtain seo chugainn go bhfeicfidh muid an raibh an bua againn!

Tá áthas an domhain orainn freisin go raibh cruinniú iontach againn le Cumann Peil na mBan don Chomórtas Fondúireacht Sheosaimh Mhic Donncha 2021. Comhghairdeas libh as ucht an obair iontach atá déanta agaibh i mbliana agus go n'éirí go geal libh sa chomórtas! Coinnigí súil amach ar na meáin go bhfeicfidh muid an toradh.

Táimid ar bís an dea scéala a roinnt libh go bhfuil Murmhaisiú nua nochtaithe ag Teach na Gaeilge. Tá an saothar ealaíne déanta ag ealaíontóir áitiúil Jimí MacFhlannchadha go hálainn ar fad agus táimid chomh bódúil as an obair agus tá súil agam go dtaitneoidh sé libh agus go mbeidh an saothar ina spreagadh teanga daoibh. 

Ba bhreá linn ócáid deas Nollaig a réachtáil arís i mbliana - Las suas Maigh Cuilinn '21. Tá súil againn go mbeidh muid in ann teacht le chéile lasmuigh de Theach na Gaeilge agus píosa spraoi a bheith againn, ach ar ndóigh braitheann sé go huile agus go hiomlán ar srianta Covid. Tá Covid fós linn agus ní mór dúinn a bheith aireach agus cúramach an t-am ar fad. Fanaigí slán sabháilte a chairde.

Ní hé lá na gaoithe lá na scolb. 

Beir bua,
Ándrea.

 

An Féidir Leat? le Gaeilge Mhaigh Cuilinn

Clár 4

Gaelgóir na Míosa

Club Iar-Scoile Gaeilge Mhaigh Cuilinn

 
Eochair Ealaíne

Ranganna Ealaín ag Teach na Gaeilge le Eglete Lydon
Aimsir Mhaigh Cuilinn

moycullenweather.com

Gaeilge Mhaigh Cuilinn

085 8504935

gaeilgemhaighcuilinn@gmail.com