Gaeilge Mhaigh Cuilinn Nuachtlitir Nollaig 2021


Nollaig
A chairde,

Beatha agus Sláinte. Tá súil agam go bhfuil sibh i mbárr na sláinte agus ag tnúth go mór le sos deas i rith an Nollaig. Ceapaim go bhfuil sé tuillte againn go léir!

Comhghairdeas ó chroí le Cumann Peil na mBan Mhaigh Cuilinn, a bhuaigh bonn óir sa chomórtas Fondúireacht Sheosaimh Mhic Donncha a bhíonn ar siúl gach bhliain ag Glór na nGael. Tá an-obair go deo idir lámha acu agus iad ag spreagadh glúin nua de chainteoirí Gaeilge agus ag feabhsú an Ghaeilge labhartha sna teaghlaigh freisin. Ní neart go cur le chéile.

Tá ríméad orainn an dea scéala a roinnt libh go bhfuil suaitheantais álainn Gaeilge Mhaigh Cuilinn á scaipeadh againn i measc an phobail - má fheiceann tú duine á chaitheamh b'fhéidir go spreagadh sin duit do chúpla focail féin a úsáid! Beatha teanga í a labhairt!

Ní amháin sin, tá Féilire Gaeilge Mhaigh Cuilinn á scaipeadh againn freisin. Lastigh tá eolas ar imeachtaí a bheidh ar siúl ag Teach na Gaeilge i rith na mbliana agus eolas ar cén bealach gur féidir libh teacht i dteagmháil linn. Ba mhaith liom comhghairdeas a ghabháil le daltaí Rang 6 as Scoil Bhaile Nua, Scoil Mhuire, agus as Club Óige Gaeilge Mhaigh Cuilinn a thóg na pictiúirí álainn agus a roghnaigh na seanfhocail iontach - rinne sibh sár jab go deo agus ba chomhar daoibh a bheith chomh bródúil as bhur gcuid saothar. 

Bhí oíche den scoth againn d'ár ócáid Nollaig 'Las Suas Maigh Cuilinn'. Bhí an t-ádh orainn leis an aimsir agus bhí an t-ádh orainn gur fhreastail líon deas teaghlaigh ar an ócáid chun éisteacht leis an gcanadh carúil agus ba bhreá an rud é go raibh muid in ann seacláid the a bheith againn le chéile. Bhí na lucharáin Nollag an fhlaithiúil freisin agus fuair gach páiste brontannas deas le tabhairt abhaile. Bainigí taitneamh as bhur saoire agus fanaigí slán sabháilte a chairde. 

Níl aon tinteán mar do thinteán féin.

Nollaig Shona!
Ándrea.
An Féidir Leat? la Gaeilge Mhaigh Cuilinn
Clár 5

Gnó na Míosa le Gaeilge Mhaigh Cuilinn

Fusion Fashion

Nollaig Shona ó Gaeilge Mhaigh Cuilinn!
 
Tá ríméad orainn a fhógairt go bhfuil Bonn Óir bainte amach ag Chumann Peil na mBan Maigh Cuilinn as ucht a gcuid iarrachtaí ar fad atá déanta acu chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa chlub. Ní fhéadfadh an gradam seo a bhaint amach gan dhíograis, obair foirne agus dúthracht gach éinne, go mór mhór ár gCathaorlaoch Bríd Uí Chonghaile. Ba mhaith le Cumann Peil na mBan a mbuíochas a chur in iúil do na cóitseáilí, na himreoirí, na coistí éagsúla agus muintir Mhaigh Chuilinn a thugann tacaíocht don Ghaeilge agus a chuireann í chun cinn. Buíochas ó chroí leis an gcoiste agus go mór mhór le Andrea Uí Thaidhg, Oifigeach Pleanála Teanga Mhaigh Chuilinn, as ucht a chuid iarrachtaí agus a dhíograis.

Ní neart go cur le chéile.

Ba mhaith linn comhghairdeachas ó chroí a chur in iúl do Chumann Peil na bhFir An Cheathrú Rua, Cumann Peil na bhFir Carna Caiseal agus Cumann Peil na bhFir Tuar Mhic Éadaigh a bhain Bonn Óir amach. Comhghairdeachas le Chumann Iomána Bearna-Na Forbacha a bhainn Bonn Airgid amach. Nach iontach an rud é trí bhonn óir agus bonn airgid a fheiceáil ag teacht go Conamara!

Tá cuireadh faighte ag Cumann Peil na mBan dul go Páirc an Chrócaigh chun glacadh leis an mBonn Óir i Mí Feabhra – ag braith ar chúrsaí Covid.

Táimid ag súil go mór leis!
 
We are delighted to announce that Glór na nGael have awarded Cumann Peil na mBan Maigh Cuilinn a Gold Medal for all of their fantastic efforts to promote Gaeilge in the club. This would not have been possible without the dedication, teamwork and determination of all of those involved, especially our Cathaorlach, Bríd Uí Chonghaile. Cumann Peil na mBan would like to thank most sincerely our coaches, our players and the members of the Maigh Cuilinn community who supported and promoted an Ghaeilge sa cheantair. Buíochas ó chroí also to our committee and Andrea Uí Thaidhg, Oifigeach Pleanála Teanga Mhaigh Chuilinn, for all of her hard work.

Ní neart go cur le chéile.

We would also like to congratulate Cumann Peil na bhFir An Cheathrú Rua, Cumann Peil na bhFir Carna Caiseal agus Cumann Peil na bhFir Tuar Mhic Éadaigh who have all won a Gold Medal. Congratulations to Bearna-Na Forbacha Hurling club who won a Silver Medal. It is fantastic to see three Gold medals and a Silver coming to Connemara.
The presentation ceremony will take place in Croke Park in February if Covid guidelines allow. We are very much looking forward to it.

Eochair Ealaíne

 Key to Art
Cóisir Nollag Oifigigh Pleanála Teanga na hÉireann

240 painéal gréine ag cur an fhuinnimh in-athnuaite ag croílár Inis Mór

Céim 2 de Thogra Eorpach ReAct curtha i bhfeidhm ag Údarás na Gaeltachta

Tá beagnach 240 painéal gréine ar 20 foirgneamh ag baint leas as cumhacht na gréine ar Inis Mór i gCuan na Gaillimhe mar chuid de thogra fuinnimh in-athnuaite Eorpach atá á chur i bhfeidhm ag Údarás na Gaeltachta agus Comharchumann Forbartha Árann.

Tá an togra ReAct (Renewable Energy for self-sustAinable Island CommuniTies), togra taighde 4 bliana atá maoinithe faoi chlár Horizon 2020 an AE ina bhfuil Údarás na Gaeltachta lárnach ann i gcomhair le Comharchumann Forbartha Árann agus comhpháirtithe Eorpacha eile, tar éis céim a 2 den togra a chur i gcrích le gairid rud a chiallaíonn go bhfuil na painéil ghréine suiteáilte ar 4 fhoirgneamh pobail, 13 teach cónaithe agus ar 2 fhoirgneamh tráchtála. Ag úsáid teicneolaíochtaí nuálacha maidir le fuinneamh in-athnuaite táthar ag súil go n-éireoidh leis an togra astuithe carbóin chomh maith le costais fuinnimh a ísliú ar an oileán Gaeltachta seo. 

Táthar ag súil nuair a bheidh deireadh leis an togra seo gur féidir a chruthú go bhfuil an poitéinseal ann go mbeadh an t-oileán a bheith neamhspleách ó thaobh fuinnimh de, gan trácht ar laghdú gháis astaíochtaí ceaptha teasa.

Aithníonn an teicneolaíocht nuálach seo atá curtha in áit ar Inis Mór an bealach a n-úsáideann chuile fhoirgneamh aonarach fuinneamh agus déantar é seo trí nasc idir an teicneolaíocht, réamhaisnéis na haimsire agus taraifí leictreachais.  Stórálann an córas seo an fuinneamh i gceallraí agus ríomhann sé cén t-am den lá chun an fuinneamh seo a úsáid go héifeachtach, ag tógáil an aimsir chomh maith le taraifí leictreachais san áireamh. De dheasca obair cheannródaíoch atá déanta le blianta beaga anuas ag Comharchumann Fuinnimh Árann agus Comharchumann Forbartha Árann Teo atá sé indéanta tograí tairbheacha fuinnimh in-athnuaite mar ReAct a chur i bhfeidhm ar Inis Mór.

Twitter
Facebook
Website

Gaeilge Mhaigh Cuilinn

085 8504935

gaeilgemhaighcuilinn@gmail.com