Gaeilge Mhaigh Cuilinn Nuachtlitir Eanáir 2021

Imeachtaí agus dea scéalta Mhaigh Cuilinn
View this email in your browser
Beatha agus sláinte.

Tá súil agam go bhfuil sibh go maith agus go raibh deis agaibh sult a bhaint as an gcúpla lá ghrianmhar a bhí againn le déanaí. Táim ag súil go dtiocfaidh an aimsir breá ar ais arís, go mór mhór agus na páistí ar saoire scoile!

Is iontach an rud e go bhfuil ré na gCampaí Samhraidh ag tosú arís tar éis treimhse fada Covid. Beidh an Campa Samhraidh mór ag tosú ar na 29ú Meitheamh, deireadh na míosa seo i Scoil Mhuire, agus beidh an Campa Spraoi, atá dírithe ar aois ghrúpa níos óige, ar siúl i dTeach na Gaeilge ar feadh coicíse díreach ina dhiaidh. Go n'éirí go geal libh ar fad a bheidh ag freastail orthu. 

Bhí téarma den scoth ag na trí Clubanna a bhíonn ar siúl i dTeach na Gaeilge. Beidh muid ag tógáil saoire in éineacht leis na saoire scoile ach chun deireadh iontach a chuir leis an mbliain bhí turas álainn ag Club na nÓg go Wildlands, bhí 'Píotsa Partaí' ag an gClub Óige agus bhí cóisir iontach ag na gasúir a fhreastalaíonn ar an gClub Teic. Má tá suim ag éinne sna clubanna áirithe tá fáilte romhaibh teacht i dteagmháil liom. 

Tá áthas orm a fhógairt go mbeidh Féasta Sráide ar ais arís tar éis dhá bhliain de Chovid. Beidh muid ag bailiú le chéile idir Teach na Gaeilge agus Árus Uilinn agus beidh piosa ceoil, damhsa, siamsaíocht agus spraoi againn. Is mór an lá é seo do phobail Mhaigh Cuilinn agus tá súil agam go mbeidh lá den scoth againn le chéile. 

Bígí Linn!

Ándrea.
Tá bileoga eolais ar fáil i dTeach na Gaeilge.
An Féidir Leat? le Gaeilge Mhaigh Cuilinn ~ Clár 11 
Féasta Sráide Mhaigh Cuilinn 2022

Teach na Gaeilge 7 Árus Uilinn

3ú Iúil @12-3
Beirt ón gClub ag taifead le TG4 - coinnigí súil amach!
Tá spásanna an Campa Spraoi lán. Go raibh maith agaibh!

Wildlands
Maigh Cuilinn

Mar is eol don chuid is mó de mhuintir na háite i Maigh Cuilinn, tá an t-ionad eachtraíochta ‘Wildlands’, atá suite díreach taobh amuigh de lár an tsráidbhaile, tar éis éirí go tapa mar cheann de na mealltaí is mó ráchairt agus is mó a labhraítear faoi inár sráidbhaile. Níl aon dabht gur cabhraigh an t-ionad seo le turasóireacht a thabhairt go dtí an stráidbhaile agus le sin, postanna a chur ar fáil do na daoine áitúila, rud eile a bhfuil iontach le feiceáil.

Le nithe is díol spéise do gach aois, is léir conas a bhain sé an oiread sin tóir amach chomh tapaidh. Is iad cuid de na gníomhaíochtaí is mó a mbíonn tóir orthu ná an ‘zip n trek’, an boghdóireacht agus na ranganna aclaíochta a chuireann siad ar fáil. Tá an-tóir ar a mbialann i measc muintir na háite agus turasóirí chomh maith.

Chomh maith leis na gníomhaíochtaí agus na tionscadail go léir atá ar siúl ag ‘Wildlands’, tá tionscadail spreagúla nua acu sna hoibreacha don bhliain seo freisin. Is é an chéad cheann ná seirbhís lóistín dá n-aíonna. Is rud é seo nach bhfuil aon amhras ach go gcuideoidh sé lenár sráidbhaile turasóirí a thabhairt isteach agus, ar a seal, cabhrú lenár ngnó áitiúil freisin.

Gníomhaíocht nua eile atá siad le tabhairt isteach i mbliana ná seomraí dúshláin na ‘Wildlands’. Seo saghas seomraí éalaithe atá bunaithe ar aimsir na gCeilteach. Beidh ar imreoirí oibriú le chéile i bhfoirne chun sraith dúshlán a réiteach bunaithe ar aimsir na gCeilteach. Bealach spraíúil spreagúil le dúshlán a thabhairt duit féin go meabhrach agus go fisiceach!

Caithfimid a bheith ag faire amach do na forbairtí spreagúla nua seo atá le teacht go luath i mbliana agus muid ag fanacht leis an leas is fearr a bhaint as na gníomhaíochtaí spreagúla atá le tairiscint ag ‘Wildlands’ cheana féin!

Twitter
Facebook
Website







Gaeilge Mhaigh Cuilinn

085 8504935

gaeilgemhaighcuilinn@gmail.com