Gaeilge Mhaigh Cuilinn

Nuachtlitir Meitheamh 2021

Gaeilge Mhaigh Cuilinn Nuachtlitir Meitheamh 2021

Nuachtlitir Gaeilge Mhaigh Cuilinn
A chairde, 

Lá na nAithreacha Sona Daoibh! Tá súil agam go raibh lá deas ag na Daidí's anseo i Maigh Cuilinn agus ar ndóigh, fud na tíre freisin!

Tá súil agam go bhfuil sibh uile maith agus ag baint taitneamh as laghdú na srianta. Is deas an rud é go bhfuil an ghrian tagtha chugainn agus níos deise fós go bhfuil muid in ann cuairt a thabhairt ar á gclainne arís. Bainigí taitneamh as agus fanaigí slán sabháilte freisin. 

Comhghairdeas le Fiona Murtagh agus Patrick O'Leary a bheidh ag taisteal go Tokyo chun páirt a ghlacadh sna Cluichí Oilimpeacha! Ádh mór libh a chairde - tá muid fíor bhródúil. 

Comhghairdeas ó chroí le páistí Mhaigh Cuilinn a ghlac phairt i gCruinniu na nÓg 2021. Is 'Mol an óige agus tiocfaidh sí' téama an físeán a bhí againn i mbliana agus bhí sé go hálainn sibh a fheiceáil i mbun bhur gcaitheamh aimsire agus ag labhairt as Gaeilge! Tá sibh iontach ar fad - maith sibh!

Comhghairdeas freisin le Gaelchairde na Rosann a bhuaigh an duais ollmhór de €1000 sa chomórtas #seoíanghaeltacht a bhí ar siúl ag na hOPTanna fud fad na tíre idir an 9ú agus an 16ú Meitheamh. Bhí sibh ar fheabhas! Rinne pobail Mhaigh Cuilinn sár jab freisin agus tá roinnt de na pictiúirí álainn a sheoltar chugainn le feiceáil thíos i ngearrfhíseáin. Maith sibh a chairde!

Giorraíonn beirt bóthar. 

Beir bua, 
Ándrea.
Oifigeach Pleanála Teanga Mhaigh Cuilinn
Cruinniú na nÓg 2021 le Gaeilge Mhaigh Cuilinn
Bhí áthas an domhain orainn an triú háit a bhuachaint i gcomórtas Mórghradaim 'Eagraíocht na Bliana' ag TechFéile 2021. Táimid chomh buíoch as ucht gach tacaíocht agus spreagadh a bhfuair muid ó fhoireann TechSpace i rith na mbliana agus táimid ag súil go mór bualadh ar aghaidh leis na ranganna STEAM ó Meán Fómhair 2021.

Má tá suim agaibh a bheith páirteach tar i dteagmháil liom: gaeilgemhaighcuilinn@gmail.com
Club STEAM Gaeilge Mhaigh Cuilinn

Úna & Paraic O'Sullivan

Crú Valley, Eagool, Maigh Cuilinn

091 555189

 
Sár Cluichí!

D'imir ár f.14 a gcéad cluiche de 2021 inniu. D'imir an fhoireann ghlas in aghaidh Mountbellew/Moylough agus an fhoireann bhán in aghaidh Naomh Mhuire, Maree, Oranmór.
Our u14s played their first matches of 2021 today. The Green Team played Mountbellew/Moylough and the White Team play Naomh Mhuire, Maree, Oranmore.

Bhí muid ar bís le himirt an dá foireann. Bhí ríméid orainn bheith ar ais ag imirt agus bhí caighdéan imirt na cailíní dochreidthe!
We were absolutely delighted with the performances of both teams. The excitement of returning to matches and seeing the girls play so well was exhilarating. 

D'imir an fhoireann ghlas go cróga ach ní a lá a bhí ann. D'imir an fhoireann bhán cluiche sceitimíneach agus chríochnaigh siad ar chomhscór.
The Green Team battled hard but it was not their day. The White Team played a very exciting match against Naomh Mhuire and left with a draw. 

Míle buíochas do na réitéoirí agus an lucht tacaíochta.
Thanks to the referees at both matches and our loyal supporters.


#GAAGaeilge
Cumann Peil na mBan f.16.
Imreoirí f.12 sna dathanna bán a d'imir i aghaidh Br. na Trá.
Imreoirí f12 sna dathanna glas a d'imir in aghaidh Mícháel Breathnach. 
Imreoirí f.10 a ghlac phairt i blitz sa Spidéal.
 Murmhaisiú Mhaigh Cuilinn 
 
Tar éis dúinn an lámh in uachtar a fháil ar bhliain thar a bheith deacair agus dúshlánach, ba bhreá le Gaeilge Mhaigh Cuilinn aghaidh a thabhairt ar fheachtas nua, dearfach chun ceiliúradh a dhéanamh ar oidhreacht agus cultúr Mhaigh Cuilinn agus tá mé ag súil go mór go dtabharfaidh sé árdú spiorad dúinn ar fad. 

I gcomhpháirt leis an ealaíontóir áitiúil, Jimí Mac Fhlannchadha, tá muid ag cur trí rogha d'íomhánna d'áiteanna aitheanta Mhaigh Cuilinn ós bhur gcomhair agus is agaibh atá an cúram fágtha an chinneadh a dhéanamh ar cén íomhá a bheidh le feiceáil ag Teach na Gaeilge.

Beidh an tréimhse vótála oscailte idir an 1ú - 16ú Iúil. Ina dhiaidh sin, nuair a bheidh an aimsir go hálainn, cuirfear tús leis an saothar seo. Bígí linn agus seol ríomhphoist chugam ag: gaeilgemhaighcuilinn@gmail.com le do rogha íomhá de 1, 2, nó 3 agus ar ndóigh rachaidh muid leis an íomhá a fhaigheann an líon is mó vótaí! Táim ag súil go mór chloisteáil uaibh a chairde - Ní neart go cur le chéile!

Míle buíochas libh.
#seoíanghaeltacht #gaeltachtmhaighcuilinn
Dúil sa Dúlra ~ Iúil '21

Ar mhaith libh lá a chaitheamh sna coillte? An mbeadh sibh in ann gach rud ar an liosta a aimsigh anseo sna coillte i Maigh Cuilinn? Bainigí triail as! Beidh an comórtas ar siúl ón 1ú go dtí an 31ú Iúil agus beidh duais deas do na deich freagraí is cruthaíoch ag deireadh na míosa!

Seol bhur n-iarratais chugaim ar ríomphoist: gaeilgemhaighcuilinn@gmail.com nó más mian libh, is féidir iad a fhágáil liom i dTeach na Gaeilge!

Bígí cruthaíoch a chairde!

Táim ag súil go mór go mbainfidh sibh an sult agus spraoi as bhur n-eachtraí thart timpeall Maigh Cuilinn.
POTA Café: Bia áitiúil, blas domhanda
 
Beidh béim ar chomhábhair áitiúla, shéasúracha sa bhialann is nuaí ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin, ach beidh tionchar an domhain mhóir le blaiseadh ann freisin.
Is caifé úrnua é POTA i gcroílár Ghaeltacht Chonamara. Tá sé de rún ag Diarmuid Ó Mathúna, cócaire agus úinéir an chaifé, an chuid is fearr de bhia na Gaillimhe a chur ar taispeáint ina chaifé dátheangach.
Idir Céibh Ros a’ Mhíl agus Oileáin Árann a bheith ar leic an dorais agus borradh a bheith faoi líon na gceardaithe bia sa cheantar máguaird le blianta beaga anuas, is é aidhm POTA pobal a thógáil thart timpeall ar bhia atá inmharthana agus blasta araon.
“Thug muid POTA air mar gur breá linn an íomhá de phobal a bheith tarraingthe le chéile thart timpeall ar phota mór lán le bia maith, sobhlasta,” arsa Diarmuid. “Tarlaíonn rudaí draíochtúla nuair a thagann daoine le chéile le béile a chaitheamh. Ní hé an bia amháin a roinntear, ach scéalta, smaointe agus brionglóidí. Tá muid ag iarraidh go mbeadh POTA ina mhol fáiltiúil, spreagúil do na rudaí sin ar fad.”
Is as Corcaigh ó dhúchas do Dhiarmuid, áit ar fhás sé aníos i dteach tábhairne beag tuaithe; ní ón ngaoth a fuair sé a shuim san fháilteachas, mar sin. Thosaigh sé ag obair mar chócaire nuair a chas a dheirfiúr agus a dheartháir céile seantábhairne na muintire isteach ina bhialann - bialann a bhfuil roinnt mhaith gradam bainte anois aici. Bhí sé paiseanta riamh faoin nGaeilge agus mheas sé gurbh fhiú dó an dá mhórspéis sin aige a phósadh agus spás a chur ar fáil ina bhféadfadh an teanga bláthú. Cuireadh oiliúint air i Scoil Chócaireachta Ballymaloe, áit iontach do dhuine ar bith atá paiseanta faoi ardchaighdeán bia agus faoin inmharthanacht.
Is beag dua a bhain le cumadh bhiachlár an chaifé, agus oiread soláthraithe iontacha sa chomharsanacht: sailéid úra ón nGarraí Glas trasna an bhóthair, scoth na feola ó McGeoughs in Uachtar Ard, agus cáis ghabhair, bia mara agus faoiste ar chaighdeán idirnáisiúnta ó Oileáin Árann.
Agus é faoi thionchar preabchaifé a reáchtáil Diarmuid faoin ainm céanna in 2018, beidh áit faoi leith ar bhiachlár an chaifé do bhéilí teo, cócaráilte go mall sa phota, cuir i gcás Tagine Uaineoil Chonamara, Chermoula Ballachaí Buí agus Pónairí Bácáilte BBQ. Beidh baguettes úra, briosca aige, ceapairí tóstáilte agus sailéid úra ar ardchaighdeán. Agus, ar ndóigh, beidh caife den scoth aige ó róstóirí áitiúla, Calendar i mBearna, agus rudaí milse le comhluadar a choinneáil leis.
Tá an caifé lonnaithe thíos staighre san fhoirgneamh álainn ceann tuí béal dorais le TG4 i mBaile na hAbhann ar tugadh Tigh Johnny Sheáin air tráth. An comhlacht léiriúcháin drámaíochta agus teilifíse Fíbín a rinne an foirgneamh a athchóiriú, agus ainneoin go bhfuil cuma thraidisiúnta air ar an taobh amuigh tá leagan amach snasta, comhaimseartha ar an taobh istigh; sa chaifé féin agus sa spás beag gailearaí freisin. Tá neart spáis timpeall an fhoirgnimh le hithe taobh amuigh agus níl romhat ach siúlóid ghairid más mian leat cuairt a thabhairt ar thrá ghleoite na Tulaí. Áit iontach le haghaidh picnic!
Bíonn an caifé ar oscailt Déardaoin - Domhnach, 11am - 4pm. Tá tuilleadh eolais ar www.pota.com.
𝗖𝘂𝗺𝗮𝗻𝗻 𝗚𝗮𝗿𝗿𝗮𝗶́𝗼𝗱𝗼́𝗶𝗿𝗲𝗮𝗰𝗵𝘁𝗮 👩‍🌾👨‍🌾

Tá Glór na nGael ag bunú cumainn Garraíodóireachta. Beidh na cumainn seo dírithe ar ghasúir is teaghlaigh. Beidh na gníomhaíochtaí ar fad oiriúnach don teaghlach ar fad. Tá na spásanna teoranta! Cláraigh thíos ar an bhfoirm Google agus bígí linn!

https://forms.gle/pVh4mopSgrKHbBwv5 
Mhúinteoir Naíonra Mhaigh Cuilinn

Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag lorg iarratais do phost mar Mhúinteoir Luathbhlianta i Naíonra Mhaigh Cuilinn, Co na Gaillimhe.

Ní mór d’iarrthóirí cáilíocht Leibhéal 5 i gCúram Leanaí (QQI/ FETAC nó a chomhionann) a bheith acu, agus taithí ag obair le páistí faoi chúig bhliana d’aois, chomh maith le taithí a bheith ag obair mar chuid d’fhoireann.  Tá líofacht sa nGaeilge riachtanach don phost seo.

Is post páirtaimseartha é seo, ag obair ó Luan go hAoine. 

Má tá tuilleadh eolais uait is féidir glaoch ar Oifigeach Forbartha Chomhar Naíonraí na Gaeltachta ag an uimhir 091-595337

Seol litir iarratais agus CV chomh maith le cóip de do chuid cáilíochtaí  
roimh an Aoine 18/6/2021,  chuig: 

am@cnng.ie nó
Áine Marie Ní Churraoin,
Comhar Naíonraí na Gaeltachta, 
An Cheathrú Rua,
Co. na Gaillimhe.
Aimsir Mhaigh Cuilinn

moycullenweather.com
Twitter
Facebook
Website

Gaeilge Mhaigh Cuilinn

085 8504935

gaeilgemhaighcuilinn@gmail.com