Gaeilge Mhaigh Cuilinn

Nuachtlitir Meán Fómhair 2022

Gaeilge Mhaigh Cuilinn Nuachtlitir Meán Fómhair 2022

Imeachtaí agus dea scéalta Mhaigh Cuilinn
View this email in your browser
Beatha agus sláinte.

Ní hé lá na báistí lá na bpáistí! Nó b'fhéidir go bhfuil - táim ag ceapadh go bhfuil sé in am dúinn na buataisí báistí agus cótaí a tharraingt síos ón áiléar arís! Dúradh liom tráth nach bhfuil a leithead de dhroch aimsir ach droch éadaí! 

Tá áthas orm a rá libh go bhfuil spásanna againn sa Chlub Teic agus sa Chlub Óige. Is clubanna iad seo atá ag díriú ar ábhar álainn trí mhéain na Gaeilge.

Faigheann an Chlub Teic tacaíocht ó Kinia agus bíonn go leor tionscnamh éagsúla teic agus STEAM idir lámha againn cosúil le Robait, ciorcad, ealaín, bréagáin STEAM agus códáil. Tá an rang feiliúnach don aois ghrúpa 8+ agus fáilte romhaibh teacht i dteagmháil liom chun tuilleadh eolais a fháil. 

Tá Club Óige againn freisin ag díriú ar dhéagóirí Mhaigh Cuilinn. Tá go leor tionscnamh deas amach romhainn i mbliana idir ealaín agus teic beidh siad breá gnóthach. Tá fáilte roimhaibh teacht i dteagmhail liom má tá suim ag bhur ndéagóirí a bheith páirteach linn!

Comhghairdeas ó chroí le Peadar MacFhlannchadha agus é ar scor anois tar éis daichead bhliain a chaitheamh ag obair le Conradh na Gaeilge. Tá a anam agus a chroí sa Gaeilge agus tá an t-adh linn agus le lucht labhartha na Gaeilge. Guíonn muid gach rath ort ar an mbóthar nua amach romhat. 

Bígí Linn!

Ándría.
Tá bileoga eolais ar fáil i dTeach na Gaeilge.
An Féidir Leat? le Gaeilge Mhaigh Cuilinn - Clár 14
Tá roinnt spásanna againn sa Chlub Teic :] Tar i dteagmháil liom!
gaeilgemhaighcuilinn@gmail.com 
Peadar MacFhlannchadha
Daichead Bliain le Conradh na Gaeilge
Cóisir Scoir Pheadar
Foireann Faoi 16 a d’imir Caherlistrane anocht. Sár cluiche a bhí ann agus d’éirigh linn an bua a fháil.
Comhghairdeachas lenár n-imreoirí agus an lucht bainistíochta.
Cailíní faoi 12.

SEAS 2022
Beidh ócáid á reáchtáil ag Féile Ealaíon an Chlocháin sa Station House Hotel ar an 19ú Meán Fómhair ag 3.00i.n. ina mbeidh Seán Ó Coistealbha ag léamh a chuid filíochta agus beidh Rita Kelly, údar agus file cáiliúil, ar an ardán freisin. Beidh Luke Gannon, an boscadóir óg iontach as Rinn Mhaoile, ar an ardán le tionlacan ceol a thabhart do na filí.

Gaeilge Mhaigh Cuilinn

085 8504935

gaeilgemhaighcuilinn@gmail.com