Gaeilge Mhaigh Cuilinn Nuachtlitir Meán Fómhair 2021

Nuachtlitir Gaeilge Mhaigh Cuilinn
Meán Fómhair
Beatha agus sláinte.

Tá súil agam go bhfuil sibh go maith, go raibh briseadh deas agaibh le linn an tSamhraidh agus gur bhain sibh taitneamh as an sos in ainneoin na gcúinsí neamhghnáth a bhaineann leis an saol faoi láthair. 

Comhghairdeas ó chroí le Pat O'Leary sa Chomórtas Parailimpeacha i dTóiceo. Tá éacht bainte amach aige agus is inspioráid é do mhuintir Mhaigh Cuilinn agus óige Mhaigh Cuilinn atá á leanúint.

Oíche Chultúir sa Ghaeltacht 2021, Béaloideas Mhaigh Cuilinn. Tá áthas orm a rá libh go raibh Oíche Chultúir iontach againn i mbliana agus gabhaim mo chéad míle buíochas le pearsantaí áitiúil Máire Uí Dhubhaigh agus Colie Ó Gabháin a roinn a gcuid scéalta álainn linn don ócáid. Is iontach an rud é go bhfuil na scéalta sin ar thaifead dona glúinte amach romhainn agus ar eagla gur cháill sibh é ar an oíche is féidir libh breathnaigh ar an bhfíseáin anseo sa Nuachtlitir nó ar ár gcaineál YouTube Gaeilge Mhaigh Cuilinn. Bainigí sult as!

Seas '21. Bhí áthas an domhain orm i mbliana gur sheoladh cuireadh chuig cruinniú Seas '21 chugaim agus go raibh deis agam ábhar tábhachtach faoi chúrsaí tithíochta agus oideachais sa Ghaeltacht a phlé. Tá Conradh na Gaeilge ag obair go dian ar mhéadú mhaoiniú sa Ghaeltacht ar mhaitheas dul chun cinn saol an phobail i réimse leathan cosúil leis an dteanga, cultúr, oideachas, tithíocht, infrastructúr, cúrsaí óige, coláistí samhraidh, turasóireacht, tógáil teaghlaigh agus na Comharchumann Gaeltachta. Is mór an obair atá idir lámha acu agus táimid fíor bhuíoch astu.

Sibhse le gasúir i Rang 6 sna bunscoileanna anseo i Maigh Cuilinn - coinnigí súil amach do Chomórtas Griangrafadóireachta Féilire le Gaeilge Mhaigh Cuilinn. Tá fógra thíos agus tá mé ag súil go mór leis na hiontrála agus bhur scileanna leis an gcaimeara a fheiceáil. Go n'éirí go geal libh!

Bíonn dhá insint ar gach scéal.

Beir bua a chairde,
Ándrea.


 

Oíche Chultuir sa Ghaeltacht 2021

Béaloideas Mhaigh Cuilinn

 
Tá áthas ar Oifigigh Pleanála Teanga a bheith ainmnithe ar an nGearrliosta Ghradaim Chumarsáide Oireachtas maidir lenár bhfeachtas ar na meán sóisialta #SeoÍanGhaeltacht. Bígí linn ag úsáid an haischlib #seoíanghaeltacht nó #siag agus tú ag abint úsáuid as bhur leathanaigh meáin sóisialta.

Is linne an Ghaeilge, úsáid í!

Comhghairdeas ó chroí le gach duine agus gach eagraíocht a ainmníodh ar an nGearrliosta! Go n'éirí go geal linn uile. 

An Féidir Leat?

le Gaeilge Mhaigh Cuilinn - Clár 2

 
Connacht Tribune
Ar an Satharn thaisteal F16 Mná go hÁth Cinn chun imirt in aghaidh foireann St. Fursey sa cluiche cheannais Roinn 3 ar a 17:00 go dtí gur chríochnaigh sé ar a 19:00. Sceitimíní ar chuile dhuine ann. Cailleadh cluiche amháin i rith an  tsraithchomórtas agus mar sin bhí an corn tuillte go maith acu.

On Saturday the 4th the U16 girls travelled to Headford to play St Furseys in the Division 3 Shield final, a game that started at 17:00 finally finished at 19:00 and for all in attendance it was nail biting.
After a fantastic league campaign that only had one defeat, silverware was more than this team deserved at the end of the campaign.


Bhí an cluiche thar cionn ó thuas deireadh. Bhí am breisie ag teastáil. Bhí babhta cics ann agus bhí siad fós cothrom agus is ansin a tháinig an dara babhta 'Bás Tobann'. Ar bhealach éigin fuair Maigh Cuilinn an lámh in uachtar! Comhghairdeas leo agus guíonn Cumann Peil na mBan, Maigh Cuilinn a mbuíochas le tuismitheoirí na bpáistí, agus leis an bhfoireann bainistíochta as ucht an obair ar fad i rith na mbliana.

After an exciting game we went into the first round of kicks which was level again it went to a second round sudden death and finally Maigh Cuilinn came out on top. Where the panel got the energy and drive and determination to see out this epic game we will never know but it is huge testament to the panel of girls and they deserve huge credit. Cumann Peil na mBan Maigh Cuillinn wish to acknowledge all the parents of the girls on the panel and the team management for their hard work and commitment through out the whole year.

An Cillín
 
moycullenweather.com
Twitter
Facebook
Website

Gaeilge Mhaigh Cuilinn

085 8504935

gaeilgemhaighcuilinn@gmail.com