Gaeilge Mhaigh Cuilinn Nuachtlitir Márta 2022

Nuachtlitir Gaeilge Mhaigh Cuilinn
Copy

Rebecca Ní Alluráin is ainm dom agus is dalta triú bhliain mé in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Táim ag déanamh staidéir ar an nGaeilge agus an dlí. Faoi láthair tá mé ag déanamh mo chuid socrúcháin oibre le Gaeilge Mhaigh Cuilinn agus táim ag baint an sult as. Is as Maigh Cuilinn mé, mar sin tá sé go hiontach a bheith in an an Ghaeilge a chur chun cinn i mo cheantar féin! 

Is rud í an Ghaeilge a bhfuil an-tábhachtach dom agus fad is atá mé páirteach den eagrúcháin Gaeilge Maigh Cuilinn thug mé faoi dearadh cé chomh tábhachtach is a bhfuil sé an Ghaeilge a choamhnú inár gceantar agus go háirithe i measc na bpáistí. 

An mhí seo bhí go leor imeachtaí ar siúl againn leis an nGaeilge inár gceantar agus seo mar gheall ar Sheachtain na Gaeilge. Is deis é cabhrú le cur chun cinn na Gaeilge ní hamháin inár gceantair féin ach ar fud an domhain! Is bealach iontach é leis an nGaeilge a chur chun cinn mar déantar í ar bhealach suimiúil ionas gur féidir le páistí agus daoine fásta araon an Ghaeilge a fhoghlaim agus a labhairt ar bhealach spraíúil!

Freisin mar gheall go bhfuil mé páirteach i spóirt i Maigh Cuilinn bhí an suim agam an spóirt agus an Ghaeilge a ionchorprú sa spóirt áitiúl agus an nuacht spóirt áitúil a bheith ar fáil trí Ghaeilge. Leis an séasúr díreach ag dul ar aghaidh agus an iomadúil bua faoi ár criosanna cheana féin. Níl dabht ar bith i m’intinn go mbeidh i bhfad níos mó nuachta le seachadadh againn agus leis an tallann a fheicimid inár gceantar is dea-scéala a bheidh á sheachadadh againn don chuid is mó!

Beatha teanga í a labhairt.

Rebecca Ní Alluráin 

  1. Cár rugadh thú?

Rugadh mé i Seanbhaile, lionnaithe timpeall ar cúig nóiméad as an stráidbhaile féin. 

  1. Mar pháiste, cé a chuaigh go mór i bhfeidhm ort? 

Caithfidh mé a rá gur chuaigh mo Daideo i bhfeidhm go mór orm, mar is ó mo Dhaideo a d’fhoghlaim mé mo chuid ghaeilge den chuid is mó. Mura raibh an taithí sin agam ní bheadh mo chuid ghaeilge chomh forbartha is atá sé sa lá atá inniu ann. Chuidigh sé liom suim a chur isteach sa ghaeilge agus mar sin bhain mé sult as sa scoil agus anois sa coláiste. 

  1. Mar déagóir, cad atá suimiúil fút nach mbeadh mórán ar an eolas faoi?

Ní raibh aon duine ar an eolas faoi seo go háirithe sa scoil ach, bhí agus tá fós grá agam le haighidh an scéalaíocht agus an scríobhnóireacht. Bhain mé an sult as na scéalta a bhí orainn scríobh sna ranganna Béarla agus ghaeilge sa scoil agus faighim fór sásamh as nuair a faightear tasc sa coláite atá ag baint leis. 

  1. Inis dúinn rud spéisiúil fút féin.

Ceapaim is duine sochaideartha mé. Is maith liom a bheith thart timpeall ar daoine an am ar fad, b’fhéidir go bhfuil sé sin mar gheall ar an chlann mór atá agam. Is teach gnóthach mó theach i gcónaí, le cheithre siblín níos óige agam. 

  1. Inis dúinn faoi do shlí bheatha.

Faoi láthair agus le ceithre bliana anuas tá mé i mo fhreastalaí i mbialann tá mé cinnte go bhfuil aithne agaibh ar fad, áit ar a dtugtar 'The Forge'. Caithfidh mé a rá go mbainim an-taitneamh as an obair, bainim taitneamh as comhrá a dhéanamh le muintir na háite agus an nuacht ar fad a fháil agus chomh maith leis sin tá cairde iontacha déanta agam i rith mo chuid ama ag obair agus ní fhéadfainn é a athrú don domhan mór.

  1. Cén cur síos a bheadh agat ort féin?

I mo thuarim is duine cineal cúin mé mura bhfuil aithne maith agam ar an duine. Ach nuair a faighim compórtach le duine is duine an-cainteach agus cinealta mé. Chomh maith le sin is duine an teaghlach-dhírithe mé is breá liom a bheith ag caitheamh mo chuid ama leo. 

  1. Cad a dhéanann tú nuair atá am le spáráil agat?

Is breá liom a bheith ag imirt spórt nó aclaíocht éigin nuair atá an am agam. Imríom do cumann camógaíochta Maigh Cuillinn agus is breá liom é. Bhíodh mé ag imirt peile ach ar an drochuair ní raibh am agam don dá cheann agus bhí orm ceann a roghnú.

  1. Céard é an fhaitíos is mó atá agat?

Chaithfinn a rá faitíos mó atá agam ná gan a bheith sásta sa phost a roghnaíonn mé amach anseo. Ag an nóiméad seo nílim cinnte cén slí beatha a rachaidh mé leis sa todhchaí, agus mar sin tá eagla mhór orm go bhfuil mé chun an cinneadh mícheart a dhéanamh.

  1. Cad é an dóchas is mó ata agat?

An dóchas is mó atá agam ná go mbeidh saol fada agus sásta ag mé féin agus mó chlann. Mar a duirt mé cheanna is rud é mo theaghlach a bhfuil an-tábhachtach dom, dá bhrí sin nílim ag iarradh ach é sin a bhaint amach sa saol agus beidh mé sásta 😊. 

An Féidir Leat? le Gaeilge Mhaigh Cuilinn
Clár 8
Bígí linn don Chaifé Litríochta ag ceiliúradh saibhreas na Gaeltachta as Mhaigh Cuilinn le Aingeal Ní Chualáin a bheidh ag caint faoi saothar Tomás Bairéad.
Comhghairdeas le Foirne Club Teic Gaeilge Mhaigh Cuilinn a d'fhreastail ar TechFéile 2022 ar an gCeathrú Rua. Ghlac 3 fhoireann ón gclub páirt sa chomórtas agus áthas orainn gur bhuaigh ár bhfoireann le Mactíre MacTaidhg agus Ruairí Waters an babhta Chonnachta. Tá ríméad orainn go mbeidh siad ag taisteal go mBaile Átha Cliath don bhabhta cheannais. Ádh mór libh! 

Athrú Amháin '22 - Club Óige Mhaigh Cuilinn
 
Quiz Bord Seachtain na Gaeilge 2022

Comhghairdeas leis na mbuaiteoirí agus leis na gasúir ar fad a ghlac páirt. Bhí an oíche againn! Maigh Cuilinn Abú!

Míle buíochas leis an bhfoireann a d'eagraigh an imeacht! 

Seachtain na Gaeilge

Is féile idirnáisiúnta bhliantúil í Seachtain na Gaeilge a chuireann an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach chun cinn, in Éirinn agus ar fud an domhain. Maireann an fhéile seacht lá dhéag agus tosaíonn ar 1 Márta agus leanann sí go dtí Lá Fhéile Pádraig ar 17 Márta gach bliain, le himeachtaí atá eagraithe ag an pobail a cheiliúrtar ar fud na hÉireann agus an domhain, mar chéilí, ceolchoirmeacha, tráth na gceist, comórtais agus paráidí. Eagraítear go leor imeachtaí spóirt le linn Sheachtain na Gaeilge freisin. Bhunaigh Conradh na Gaeilge Seachtain na Gaeilge mar chuid den Athbheochan Gaelach i 1902, agus tá sí ag dul ó neart go neart le blianta beaga anuas. 

Cuidíonn Seachtain na Gaeilge le cur chun cinn na Gaeilge agus cruthaíonn sé bealach spraíúil agus spreagúil chun an teanga a fhoghlaim, é freisin

cabhraíonn sé le daoine níos mó suime a chur sa teanga agus fás na teanga a scaipeadh ar fud an domhain.

Bhí sé go hiontach na himeachtaí ar fad a fheiceáil go pearsanta i mbliana tar éis an dá bhliain dheireanacha d’imeachtaí a bheith ar siúl ar líne. Tá sé iontach a fheiceáil ach go háirithe inár bpobal féin anseo i Maigh Cuilinn le himeachtaí ar nós tráth na gceist, ranganna spraíúla amhránaíochta do pháistí, comórtais ealaíne agus go leoir imeachtaí eile sna scoileanna fresisn ar siúl chun an Ghaeilge a chur chun cinn inár sráidbhaile. Ag cuidiú leis na páistí a chur i mbun cainte na Gaeilge. Seo é an rud is tábhachtaí chun an teanga a choinneáil beo sa sráidbhaile seo againne!

Beidh téarma nua ag tosú tar éis saoire na Cásca. 
Ba mhór ag Cumann Peil na mBan Maigh Cuilinn cuireadh a thabhairt d’imreoirí agus cóitseálaithe peile páirt a ghlacadh i bParáid Naomh Pádraig. Buailfidh muid ar a chéile ag Sweeneys ag 1.45i.n. mar go dtosaíonn an pharáid ag 2i.n. Caithigí dathanna an chluib agus déan cinnte go bhfuil sibh gléasta don aimsir fuar. 
Rang 1 - Fionn Gilmartin - Scoil Bhaile Nua
Rang 2 - Sofia Lydon - Scoil Mhuire
Rang 3 - Saoirse Ní Mhuirí - Scoil Cholmáin Tuairíní 
Rang 4 - Phoebe Ní Dhomhnaill - Scoil Cholmáin Tuairíní
Rang 5 - Aibhlinn Faulkiner - Scoil Naomh Bhríde
Rang 6 - Zara Coruligan - Scoil Naomh Bhríde
Bronnadh duaiseanna speisialta ar úsáid iontach an Ghaeilge! 
Comhghairdeas libh:
Óonagh Ní Chúille, Rang 4 Scoil Bhaile Nua
Sadhbh Joy, Rang 6 Scoile Bhaile Nua
Noelle Ní Churraoin, Rang 6 Scoile Bhaile Nua
Comhghairdeachas ó chroí le Cumann Peil na mBan Mhaigh Cuilinn a bhain Bonn Óir sa chomortas Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha amach as ucht a gcuid iarrachtaí ar fad atá déanta acu chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa chlub. Bhí ár gcathaoirleach, Bríd Uí Chonghaile, agus a mac Séamus ag an mbronnadh a bhí eagraithe ag Glór na nGael i mBaile Átha Cliath inné. Ní fhéadfadh an gradam seo a bhaint amach gan dhíograis, obair foirne agus dúthracht pobal Mhaigh Cuilinn. Ba mhaith le Cumann Peil na mBan a mbuíochas a chur in iúil dar gcathaoirleach Bríd Uí Chonghaile, do na cóitseáilí, na himreoirí, na coistí éagsúla agus muintir Mhaigh Chuilinn a thugann tacaíocht don Ghaeilge agus a chuireann í chun cinn. Buíochas ó chroí leis an gcoiste agus go mór mhór le Andrea Uí Thaidhg, Oifigeach Pleanála Teanga Mhaigh Chuilinn, as ucht a cuid iarrachtaí agus a díograis. Buíochas le Glór na nGael as ucht an tacaíocht ar fad a thugann siad dúinn.

Ní neart go cur le chéile. 

Ba mhaith linn comhghairdeachas ó chroí a chur in iúl do Chumann Peil na bhFir An Cheathrú Rua, Cumann Peil na bhFir Carna Caiseal agus Cumann Peil na bhFir Tuar Mhic Éadaigh a bhain Bonn Óir amach. Comhghairdeachas le Chumann Iomána Bhearna-Na Forbacha a bhain Bonn Airgid amach. 
Comhghairdeas ó chroí le buaiteoirí Comórtas Glór na nGael

1. Comharchumann Mhic Dara, An Ceathrú Rua
2. An Cumann Gaelach, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
3. Cuallacht Cholmcille na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad
Tóghchán Údarás na Gaeltachta.
 
D’fhogair Príomh Aire Stáit na Gaeltachta agus an Ghaeilge, Jack Chambers (Fianna Fáil, Baile Átha Cliath Thiar) go bhfuil an próiséas comhairliucháin poiblí máidir le toghchán Údarás na Gaeltachta oscailte. Tugann an phróiséas seo deis do mhuintir na Gaeltachta a gcuid tuairimí agus moltaí i leith an Údarás a roinnt leis an Roinn Tursaóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Méan.
Teastaíonn ón rialtas an phróiseás seo a chuir in iúl de bharr clár an rialtas a réitigh idir Fine Gael, Fianna Fáil agus an Comhaontas Ghlas i Mí Meithimh 2022. Caithfidh an roinn athbhreithniú a dhéanamh ar na féidireachtaí a bhaineann leis an bpróiséas roghnucháin nó toghcháin i ndáil le Údárás na Gaeltachta faoi láthair.

Nuair a bhunaíodh Údaras nanGaeltachta i 1980 bhí muintir na Gaeltachta abálta a gcuid ionadaithe a roghnú i dtoghcháin a bhí ar siúl gach cúig bliana, mar a shonrú in Acht Údaras na Gaeltachta 1979. Áfach tháinig athrú leis an bpróiséas seo le Acht na Gaeltachta 2012. Tháinig laghdú ar mhéad na daoine atá ina mbaill den bhord an Údarás freisin, anois roghnaíonn aire na Gaeltachta na dháréag daoine atá ar bhord an Údarás in áit an fiche daoine a bhí ar an mbord roimhe sin. Ceapann an t-Aire cúigéar dóibh ó mholtaí a bhfaigheann siad ó chomhairle chontae a bhaineann leis na ceantair Gaeltachta. Is iad na Comhairle Contae i nGaillimh, Maigh Éo, Dún na nGáll, Ciarraí, Corcaigh, Pórt Láirge agus an Mhí, na Comhairle Chontae atá i gceist anseo. Caitheann na hionadaí cúig bhliana ar a mhéid ar an mbord nuair a cheaptar iad.

Máidir leis an bpróiséas comhairliucháin seo, iarrtar ar mhuintir na Gaeltachta a gcuid tuairimí faoi treo an údaráis a roinnt leis an Roinn tríd an suirbhe atá ar fáil ar suíomh idirlín na roinne. Tá sé ar intinn ag an rialtas Údarás níos feidhmiúila a fheidhmiú agus tá go dtí an cuigiú lá is fiche Mí Márta an suirbhé a líon isteach.

Mairéad Ní Mhaonaigh Insealbhaithe ina hEalaíontóir Cónaithe

i gteic@Gaoth Dobhair

Insealbhaíodh an ceoltóir iomráiteach Mairéad Ní Mhaonaigh ina hEalaíontóir Cónaithe i gteic@Gaoth Dobhair ag ócáid mhór ceoil agus comhrá ar an Aoine.  Is é seo an chéad uair riamh a raibh ealaíontóir cónaithe sa mol nuálaíochta agus digiteach seo agus go deimhin i ngréasán gteic. Is deis faoi leith a bheidh anseo ceol traidisiúnta ársa na hÉireann a bheith le cloisteáil i dtimpeallacht fiontraíochta gteic@Gaoth Dobhair ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair agus cé go bhfuil cúrsaí ealaíona á gcur chun cinn le fada an lá is cur chuige nua atá anseo agus an péire á nascadh ar bhunús nua.

Is coincheap nuálach agus cruthaitheach atá i gceist leis na ngréasán moil digiteacha gteic atá á fhorbairt in os cionn 30 láthair éagsúil ar fud na Gaeltachta. Gné nua spreagúil atá sa gceapachán seo don ghréasán a bhfuil sé mar mhanna aige a bheith mar ‘áit a gcruthaíonn cultúr cruthaitheacht’. Beidh cultúr na hÉireann i lár an aonaigh i ngréasán gteic ag tabhairt daoine ó chultúir agus ó theangacha éagsúla le chéile faoi aon díon amháin ag craobhscaoileadh a thábhacht agus a bhrí i dtimpeallacht nuálach obair chomhionaid.   

Is cinnte go dtabharfaidh timpeallacht gteic@Gaoth Dobhair agus cur chuige Mhairéad maidir lena ceapachán spreagadh don phobal a bheidh ag freastal ar an ionad maidir le cultúr, teanga agus cúrsaí dúchais na Gaeltachta. Beidh ról an Ealaíontóra Cónaithe i gteic@Gaoth Dobhair lárnach maidir le tacú agus naisc a fhorbairt leis an ngeilleagar, leis an gcultúr agus leis an bpobal. 

Ag labhairt di ag an ócáid cheapacháin dúirt Ealaíontóir Cónaithe nua gteic@Gaoth Dobhair Mairéad  Ní Mhaonaigh:

“Is onóir mhór dom a bheith insealbhaithe mar Ealaíontóir Cónaithe anseo sa gteic i mo cheantar dúchais féin anseo i nGaeltacht Dhún na nGall.  Is deis iontach a bheidh ann cultúr cheol traidisiúnta na hÉireann a scaipeadh ar na pobail ar fad a thagann tríd na doirse anseo agus é a roinnt leis an chéad ghlúin eile. Is ceapachán dearfach atá anseo do phobal na n-ealaíon san ceantair Ghaeltachta agus tá lúcháir orm a bheith ar an gcéad Ealaíontóir Cónaithe sa ngréasán gteic.”

Labhair Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta Anna Ní Ghallachair maidir leis an gceapachán:

“Is lá stairiúil é seo d’Údarás na Gaeltachta agus don gréasán gteic, léiriú fosta atá sa lá inniu ar shaibhreas an cheoil thraidisiúnta atá go smior i Mairéad Ní Mhaonaigh, ceoltóir agus amhránaí a bhfuil cáil náisiúnta agus domhanda uirthi agus bean a chuireann a ceantar agus a teanga dúchais chun cinn i gcónaí.  Saibhreoidh a ról mar Ealaíontóir Cónaithe i gteic@Gaoth Dobhair an timpeallacht sin agus na daoine a bheidh ag freastal ar imeachtaí, ranganna agus ócáidí ann.”

Chuir Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Mícheál Ó hÉanaigh fáilte roimh an gceapachán:

“Is mór an onóir dúinn ceoltóir den scoth ar nós Mhairéad Ní Mhaonaigh a bheith ar an gcéad Ealaíontóir Cónaithe i gteic@Gaoth Dobhair.  Cuirfidh sí traidisiún an cheoil Ghaelaigh os comhair bhaill an gteic, an ghréasáin ar fad agus os comhair an phobail agus cinnteoidh sí go bhfuil nasc agus gaol á chothú idir an eacnamaíocht, an pobal agus cultúr, teanga agus na healaíona gnéithe atá lárnach d’obair Údarás na Gaeltachta.

Tá Mairéad Ní Mhaonaigh sáite i saoil an cheoil agus i saol chultúr Dhún na nGall.  Rugadh agus tógadh í i gceantar Gaeltachta Ghaoth Dobhair agus is ann a d’fhoghlaim sí amhráin agus ceol óna muintir agus a comharsana. Beidh réimse de ghníomhaíochtaí á reáchtáil ag Maireadh i gteic@Gaoth Dobhair do phobal an gteic, pobal na Páirce Gnó, pobal ghréasán gteic agus an pobal níos leithne. Bíonn Mairéad ag obair le haos óg an cheantair sa Chrannóg agus le fidléirí óga an chontae i gceardlann bhliantúil Chairdeas na bhFidléirí.

I measc ghníomhaíochtaí Mhairéad beidh sí ag reáchtáil seisiúin amhránaíochta, tabharfaidh sí leachtanna bunaithe ar cheol agus ar thraidisiún an cheantair, agus beidh ócáidí comhrá á reáchtáil aici leis na comhlachtaí lonnaithe i gteic@Gaoth Dobhair.

Is as Gaoth Dobhair do Mhairéad Ní Mhaonaigh, fidléir agus amhránaí clúiteach leis an ngrúpa Altan. Bronnadh Gradam Ceoil TG4 ar Cheoltóir na Bliana uirthi in 2017. Beidh léacht a reáchtáil ag Mairéad an 11 Márta a bheidh bunaithe ar chultúr ceoil cheantar Ghaoth Dobhair.

Bosca Taisce 

Tá bosca taisce ag deireadh an fhoirm inár féidir linn teachtaireacht deas spreagúil a fhágáil dona glúnta amach romhain. Ní osclófar é go ceann céad bhliana agus nach mbeadh sé go deas teachtaireacht a fhágáil ó phobail Mhaigh Cuilinn a rá "Beatha teanga í a labhairt ó Ghaeltacht Mhaigh Cuilinn" nó bhur rogha seanfhocail ón nGaeltacht!

#GaeltachtMhaighCuilinn

#SeoÍanGhaeltacht
Beidh Oíche Oscailte do thuismitheoirí agus do dhaltaí rang a 6 i gColáiste Cholmcille, Indreabhán ar an Déardaoin, 31/03/2022 ó 5:30 i.n. go 7:30 i.n.

Beidh caint ghearr ón bPríomhoide ag 5:30.  Beidh deis ar thuras thimpeall na scoile chun na seomraí ranga a fheiceáil agus chun casadh leis an bhfoireann.
Beidh blaisíní beatha ar an oíche.

Ba mhór linn sibh a fheiceáil.
Aimsir Mhaigh Cuilinn
Twitter
Facebook
Website
Copyright © 2022 Gaeilge Mhaigh Cuilinn, All rights reserved.

Our mailing address is:
gaeilgemhaighcuilinn@gmail.com

Want to change how you receive these emails?
You can update your preferences or unsubscribe from this list.
 

Gaeilge Mhaigh Cuilinn

085 8504935

gaeilgemhaighcuilinn@gmail.com