Gaeilge Mhaigh Cuilinn

Nuachtlitir Márta 2021

Gaeilge Mhaigh Cuilinn Nuachtlitir Márta 2021

*|MC:SUBJECT|*
 
***Márta 2021***
A chairde,
 
Tá fáilte romhaibh chuig an tríú eagráin de nuachtlitir Gaeilge Mhaigh Chuilinn i 2021. Is mise Diarmaid Ó Ceallaigh agus is mac léinn tríú bhliain mé ag cúrsaí Tráchtála agus Gaeilge in Ollscoil na hÉireann Gaillimh. Faoi láthair táim ag tabhairt faoi thréimhse taithí oibre le Teach na Gaeilge agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil leo siúd agus le gach duine atá ag léamh seo. Tá súil agam go bhfuil sibh uileog slán sábhálta sa mbaile i rith an bpaindéim tubaisteach seo. Is seal dúshlánach é do chách ach ní féidir ach leanacht ar aghaidh ag déanamh ár ndícheall an víreas a bhualadh. Leis na mílte vaicsín á sheoladh amach gach seachtain, ní i bhfad go dtí go mbeidh an ghnathsaol ar ais againn! Tá súil agam gur bhain gach éinne taithneamh as an Lá Fhéile Pádraig difrúil a bhí againn agus go mbeidh Cásc iontach agaibh chomh maith.

Buann an fhoighne ar an gciniúint!

Diarmaid Ó Ceallaigh.
Mac léinn OÉG ar shochrúcháin oibre i dTeach na Gaeilge.
Cé go bhfuil líon na gcásanna Covid-19 ag dul i laghad, tá siad i bhfad ró-ard fós agus tá a lán daoine fós tinn. Sin é an fáth go bhfuil sé fós chomh tábhachtach fanacht sa bhaile agus do lámha a ní.
Sláinte Meabhra
 
Sna hamanna deacair seo tá sé tábhachtach dúinn faire amach dá chéile. Ní fada go mbeidh rudaí ar ais ina gnáthriocht. Ní féidir linn ligean don víreas dul i gcion ar ár sláinte mheabhrach. 

In these tough times it is important to look out for each other. It isn't long until things get back to normal. We can not let our mental health be affected by the virus.

Bain triail as cleachtadh áirithe ar feadh 30 nóiméad gach lá a cheapann tú a chabhróidh le do shláinte mheabhrach.

Try a certain exercise for 30 minutes a day that you think will help your mental health.
Tech Féile 2021

Club Teic Gaeilge Mhaigh Cuilinn
Tech Féile 2021

Club Teic Gaeilge Mhaigh Cuilinn
Tech Féile 2021
Ollghradaim - Eagraíocht na Bliana


Táimid ar bís gur bhuaigh Club Teic Gaeilge Mhaigh Cuilinn an triú háit in Ollghradaim Tech Féile 2021 sa rannóg Eagraíocht na Bliana. Comhghairdeas lucht TechSpace as ucht an imeacht iontach a chur sibh i láthair dúinn agus as ucht an tacaíocht ar fad a bhí ina chuidiú dhúinn Club Teic Gaeilge Mhaigh Cuilinn a bhunú! 

Coláiste Cholmcille, Indreabhán.

Oideachas iar-bhunscoile sa Ghaeltacht do scoláirí Gaeltachta

Tá Coláiste Cholmcille, Indreabhán, atá faoi phátrúnacht Bhord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin, ag glacadh le hiarratais ó scoláirí do rang na chéad bhliana don scoilbhliain seo chugainn, 2021-’22.  Is féidir an fhoirm iarratais a íoslódáil ó shuíomh idirlín na scoile, www.colaistecholmcille.ie, nó ríomhphost a sheoladh chuig ccc@gretb.ie, nó is féidir glaoch ar an scoil ag 091-593119 chun foirm iarratais agus pacáiste eolais a fháil.

Is scoil lán-Ghaeilge í Coláiste Cholmcille ina bhfuil rogha cuimsitheach d’ábhair ar fáil. Tá dea-cháil ar an scoil as an aire a thugtar do na scoláirí agus de bharr an réimse leathan d’imeachtaí atá le fáil inti, idir spóirt, cultúr, folláine agus féin-fhorbairt. Cuirtear an-bhéim ar fhorbairt phearsanta an scoláire.

Éiríonn le scoláirí na scoile sár-thorthaí a bhaint amach i scrúduithe an Stáit bliain i ndiaidh bliana.  

Tá pobal na scoile an-bhrodúil as oidhreacht agus traidisiúin an cheantair agus é sin le feiceáil go suntasach in imeachtaí go léir na scoile.

Tá áiseanna den scoth ar fáil sa scoil idir áiseann teagaisc agus foghlama agus áiseanna theicneolaíochta. Tá forbairt ollmhór ceadaithe don scoil ina mbeidh halla mór spóirt, giomnáisiam, 12 seomra ranga breise, seomra innealtóireachta, seomra teicneolaíochta, seomra admadaóireachta, seomra ealaíne, seomra ilmheáin, seomra eacnamaíocht bhaile, 2 saotharlann eolaíochta, seomra cumarsáide, oifigí, seomraí cruinnithe agus seomra tuismitheoirí chomh maith le cuairteanna imeartha agus ceaintín scoile agus go leor eile. Is cinnte go ndéanfaidh sé seo an-leas do phobal na scoile agus do phobal na Gaeltachta.

Teanga Amháin
Fógra Seachtain na Gaeilge le TG4 agus na hOPTanna
Chomórtas Reatha na Gaeltachta 2021!
 
Ba bhreá linn dá mbeifeá sásta páirt a ghlacadh i mbliana. Siúil nó rith ar a laghad faoi dhó sa tseachtain, déan íosmhéid 10km san iomlán agus beidh tú mar chuid den fhoireann! 

We would be delighted for you to be involved this year. Walk or run twice a week with a minimum goal of 10k in total and you're on the team!






This email was sent to *|EMAIL|*
why did I get this?    unsubscribe from this list    update subscription preferences
*|LIST:ADDRESSLINE|*

*|REWARDS|*

Gaeilge Mhaigh Cuilinn

085 8504935

gaeilgemhaighcuilinn@gmail.com