Gaeilge Mhaigh Cuilinn

Nuachtlitir Lúnasa 2022

Gaeilge Mhaigh Cuilinn Nuachtlitir Lúnasa 2022

Imeachtaí agus dea scéalta Mhaigh Cuilinn
View this email in your browser
Beatha agus sláinte.

Tá súil agam go bhfuil sibh go maith, go raibh Samhraidh álainn agaibh agus chomh maith leis sin tá súil agam go bhfuil sibh ag tnúth go mór dul ar ais ar scoil! Cé go bhfuil Covid fós linn, agus ba cheart dúinn a bheith aireach, is iontach an rud é go bhfuil an saol ag teacht i gceart agus iontach go bhfuil na gasúir ag réitigh don scoil mar is gnáth agus mar is ceart dóibh a bheith. Bainigí taitneamh agus tairbhe as an scoilbhliain nua.

In éineacht le dul ar ais ar scoil tá na clubanna áirithe atá againn anseo ag Teach na Gaeilge ag tosú ar ais arís tar éis saoire na Samhraidh. Má tá suim ag bhur gasúir i gcúrsaí teic, códáil, STEAM agus robait, seans go mbeadh suim acu bheith mar bhaill dár gClub Teic. Casann muid le chéile uair sa mhí agus déanann muid go leor ábhar teic difriúla i rith na mbliana. Tá Club Óige againn dona déagóirí freisin. Bíonn rudaí éagsúil idir lámha acu, anuraidh is iad na gasúir sa Chlub Óige a rinne an múrmhisiú álainn atá crochta i gcroílár Mhaigh Cuilinn agus ghlac siad páirt i gcomórtas gearrscannáin 'Athrú Amháin'! Beidh muid ag casadh le chéile arís i gceann cúpla seachtaine más rud é gur mhaith le bhur déagóirí bheith páirteach sa chlub álainn gníomhach seo.

Tá céad míle fáilte romhaibh teacht i dteagmháil liom chun tuilleadh eolais a fháil maidir lenár gclubanna nó aon ábhar eile bainte le cúrsaí a bhíonn ar siúl ag Teach na Gaeilge. 

Tá Meán Fómhair amach romhainn agus is ionann sin agus Oíche Chultúir sa Ghaeltacht. Le dhá bhliain anuas rinneamar ceiliúradh fíorúil le haghaidh Oíche Chultúir, ach i mbliana tá sé ar intinn againn ócáid a reachtáil i Maigh Cuilinn! Coinnigí súil amach ar na meáin shóisialta.

Bígí Linn!

Ándría.
Tá bileoga eolais ar fáil i dTeach na Gaeilge.
Tá Domestic Violence Response Galway (DVR) aistrithe chuig Maigh Cuilinn.

Is éard é D.V.R. ná tionscadal atá bunaithe faoi tuath. Sí an aidhm atá againn ná tacaíocht agus cúnamh a thabhairt do íospartaigh drochíde baile agus drochíde do sheandaoine i gcathair na Gaillimhe agus contae na Gallimhe.
Oibríonn muid le mná idir óg agus aosta.

Tá comhairleoireacht saor in aisce agus faoi rúnda le fáil, eolas faoi an tacaíocht atá le fáil, agus serbhísabhcóideacht chun fisriú fadbhanna a d’fhéadfaí a bheith agat i do chaidreamh.Déanann muid measúnacht ar dtús chun cinnte a dhéanamh gur muid an seirbhís is fearr duit, mura muid, tá muid in ann tú a chur ar an mbóthar ceart chuig séirbhís eile. Leanann muid suas le coinní, abhcóideacht chuig an chuirt, agus cuirfidh muid ar aghaidh chuig seirbhísí eile mar is gá. Tiocfaidh muid in éineacht leat chuig na seirbhísí eile mar is gá.

Chomh maith le tacaíocht duine le duine, tugann muid oiliúint grupaí ar nós Paths to Freedom, Group Workshop Training, tugann muid oiliúint do soláthraí seirbhísí, agus ceardlanna chun cur le eolas an phobal.

Dáta Imeachtaí:

Paths to Freedom
Do mná atá imigh as caidreamh drochíde baile.
14ú Meán Fómhar - 2ú Samhain.
Gach Céadaoin

Maidin chaife agus ceird le feilt chun Lá Idirnáisiúnta na Sean Daoine a cheiliúradh.
4ú Deireadh Fómhair
Dé Máirt 10-12
Oifig DVR Maigh Cuilinn

Ceardlann ar ióga séimh chun Lá Domhanda Sláinte Mheabhrach a cheiliúradh.
Mná óg agus aosta.
10ú Deireadh Fómhar
Dé Luain 6:30-8:30
Oifig DVR Maigh Cuilinn

A Community Response To Domestic Abuse. Comhdháil Náisiúnta.
Soláthraí seirbhísí, aon duine fásta atá suim acú i fadbhanna a bhaineann le drochíde baile.
18ú Samhain
Dé hAoine
Harbour Hotel Galway

NB Tá gach imeacht saor in aisce ach tá na spásanna teoranta. Cur glaoch ar DVR ar
Mobile: 087 7737 957 nó Ríomhphost: info@domesticviolenceresponse.com chun tuilleadh eolas a fháil nó spás a chuir in áireamh.
An Féidir Leat? le Gaeilge Mhaigh Cuilinn ~ Clár 13
:] Tar i dteagmháil liom chun tuilleadh eolais a fháil maidir lenár gClub Teic [:
Beidh Club na nÓg ar ais arís ag Teach na Gaeilge i Meán Fómhair 2022
Tar i dteagmháil liom chun tuilleadh eolais a fháil maidir lenár gClub Óige!
Beidh ranganna ealaíne ag tosú arís i Meán Fómhair i dTeach na Gaeilge.
Comhghairdeas le Foireann Faoi 12 a bhuaigh Cluiche Pobail na Gaillimhe i dTuaim.
Twitter
Facebook
Website

Gaeilge Mhaigh Cuilinn

085 8504935

gaeilgemhaighcuilinn@gmail.com