Gaeilge Mhaigh Cuilinn

Nuachtlitir Lúnasa 2021

Gaeilge Mhaigh Cuilinn Nuachtlitir Lúnasa 2021

Nuachtlitir Gaeilge Mhaigh Cuilinn

 Lúnasa 
 
Beatha agus sláinte.

Tá súil agam go bhfuil sibh go maith agus gur bhain sibh sult as na laethannta álainn Samhraidh a bhí againn anseo i Maigh Cuilinn le déanaí!

Bhí sé go hálainn freisin go raibh an ghrian ag lonradh anuas orainn nuair a chuir muintir Mhaigh Cuilinn fáilte mór mílteach abhaile dár laoch Fiona Murtagh. Tá éacht bainte amach aici agus a foireann agus na daoine ar fad a bhí ag obair go dian taobh thiar dóibh. Guíonn muid gach rath ar Fhoireann Parailimpeacha na hÉireann freisin. Bhain siad éacht amach nuair a bhuaigh Ellen Keane bonn óir sa snámh. Is iad seo cuid de na nóiméidí is luachmhara agus is spreagúil sa saol. Comhghairdeas ó chroí libh uile.

Bhí Club Óige Mhaigh Cuilinn thar a bheith gnóthach le tamaillín anuas agus ní fhada uainn go mbeidh a murmhaisiú álainn le feiceáil i gcroí lár an bhaile. Tá súil agam go dtabharfaidh sé árdú chroí agus árdú spiorad dúinn a chairde.

Cé go bhfuil deireadh an tSamhraidh ag teacht, tá imeachtaí deasa ós ár gcomhair amach. Bígí linn d'Oíche Chultúir 2021 - In éineacht le foireann Ealaín na Gaeltachta beidh Gaeilge Mhaigh Cuilinn ag seoladh físeáin 'mar beo' ar Facebook ar an 17ú Meáin Fómhair. Is é téama an imeacht 'Béaloideas Mhaigh Cuilinn' agus tá súil agam go mbeidh sibh linn ar an oíche agus go mbainfidh sibh sult as.

Go n'éirí go geal libh atá ag réitigh na gasúir don scoil. Tá súil agam go mbeidh gach rud i gceart dúinn as seo amach. Tá súil agam go mbeidh muid fós aireach agus go mbeidh muid slán sábháilte agus go dtiocfaidh muid as le chéile.

Bailíonn brobh beart.

Beir bua,
Ándrea.
Comhghairdeas 

Foireann Oilimpeacha na hÉireann

Oíche Chultúir 2021

Béaloideas Mhaigh Cuilinn


le Gaeilge Mhaigh Cuilinn

An Féidir Leat? le Gaeilge Mhaigh Cuilinn

Clár 1

 
Acadamh Damhsa Arlene Cooke

Tá Arlene ag múineadh damhsa i Maigh Cuilinn le 5 bliana anuas.

Cláraigh anois do chailíní agus buachaillí aois 4+ do Mheáin Fómhair 2021.

Tuilleadh eolais: Arlene 086-6081546 / arlenecookeacademy@gmail.com

moycullenweather.com
 
Twitter
Facebook
Website

Gaeilge Mhaigh Cuilinn

085 8504935

gaeilgemhaighcuilinn@gmail.com