Gaeilge Mhaigh Cuilinn

Nuachtlitir Iúil 2022

Gaeilge Mhaigh Cuilinn Nuachtlitir Iúil 2022

Imeachtaí agus dea scéalta Mhaigh Cuilinn
View this email in your browser
Beatha agus sláinte.

Breithlá mór sona ag ár gcara Pádraic Breathnach as Maigh Cuilinn a shroich ceithre scór bliain d’aois an samhradh seo!

Féasta Sráide Gaeilge Mhaigh Cuilinn 2022! Is iontach an rud é go rabhamar in ann teacht le chéile don ócáid speisialta seo ag Teach na Gaeilge i mbliana. Bhí siamsaíocht den chéad scoth againn le damhsóirí, ceoltóirí, ceoil, zumba, cleasanna siorcas agus smidiú aghaidh dona gasúir álainn. Go raibh míle maith agaibh ar fad a rinne píosa spraoi linn, bhí an lá againn go deo.

Campa Samhraidh Conradh na Gaeilge agus Campa Spraoi Gaeilge Mhaigh Cuilinn 2022! Bhí mí iomlán na gcampaí againn anseo i Maigh Cuilinn agus is iontach an dea scéala sin. Bhíomar ar bís ón gcéad lá agus bhí go leor imeachtaí deasa ó spóirt go healaín idir lámha againn le linn na míosa. Gabhann muid ár mbuíochas ach go háirithe le foireann Muintearas a thacú linn ó thuas deireadh.

Club Teic Gaeilge Mhaigh Cuilinn. Tá Club Teic ar siúl ag Teach na Gaeilge agus má tá suim ag bhur gasúir in ábhar STEAM agus teic tar i dteagmháil linn mar tá cúpla spásanna ar fáil sa chlub!

Club Óige Gaeilge Mhaigh Cuilinn. Tá áthas orm an scéala a roinnt go bhfuil spásanna againn dona déagóirí ar mhaith leo bheith páirteach inár gClub Óige. Má tá suim agaibh tar i dteagmháil linn ag Teach na Gaeilge.

Ar dheireadh, tá súil agam go mbeidh sos agaibh ar fad agus go mbainfidh sibh taitneamh as an Samhraidh.

Beir bua!

Ándrea.
Tá bileoga eolais ar fáil i dTeach na Gaeilge.
An Féidir Leat? le Gaeilge Mhaigh Cuilinn - Clár 12

 "Ag plé leis an talamh a bhí m’athair, agus muid ar fad,” a deir Pádraic Breathnach agus é ag caint faoina chúlra agus faoina óige. 

“Aon duine dhéag gasúr a bhí sa chlann agus tógadh col ceathar liom, ar dhílleachta í, in éindí linn. Ba as ceantar Mhaigh Cuilinn, in iarthar na Gaillimhe, do mo mháthair freisin. Ba as an gceantar sin do mo sheanmhuintir ar fad le os cionn dhá chéad bliain cé is moite de mhamó de chuid mo mháthar arbh as Loch Con Aortha i gCarna di. Tá gaolta liom i gcónaí ar fud bhailte Mhaigh Cuilinn ar fad mórán: Coill Bruachlán, Baile Coirce, Leamhchoill, Cnocán Raithní, Baile na hAille, Seanbhaile Eochaire, Suí Con, Corbhaile, Gort na bhFia, Páirc na gColm, Port Dara, Cora Uaitéir is eile; as sin siar chomh fada leis an gClochán, Ros Muc is eile. Cé, ar ndóigh, gur sínte atá bunáite na ngaolta sin faoi seo.”

Deir sé gur baile mór, seachas sráidbhaile beag, Maigh Cuilinn féin anois agus athrú mór tagtha ar na bailte fearainn uilig.
Féasta Sráide Mhaigh Cuilinn 2022

Teach na Gaeilge 7 Árus Uilinn

3ú Iúil @12-3
Féasta Sráide Mhaigh Cuilinn 2022 - Scoil Bhaile Nua
Campa Spraoi - Seachtain 1
Campa Spraoi - Seachtain 2
An bhfuil suim agat i gcúrsaí teic agus ealaín? Má tá ar mhaith leat a bheith i do bhaill de Chlub Teic Gaeilge Mhaigh Cuilinn? 

Tuilleadh eolais: gaeilgemhaighcuilinn@gmail.com
Ar mhaith leat a bheith i do bhaill de Chlub Óige Mhaigh Cuilinn? 

Tuilleadh eolais: gaeilgemhaighcuilinn@gmail.com

Gearóidín Mhic Dhiarmada

1. Rugadh mé gar do Dúnmór , Co na Gaillimhe. ....baile beag álainn, cuid mhaith gnóanna beaga ann agus daoine chomh lách agus atá aon áit ar domhain.

2. Seachas mo thuismí agus mo dhriofúr- cúpla, ba í an chéad mhúinteoir a bhí agam ins na naoineáin beaga, Cáit bean Uí Fhionnagáin, bean lách , deas, cineálta, an duine ba mhó a chuaigh i bhfeidhm orm nuair a bhí mé an-óg.

3. Ceard a bhí suimiúil agam mar dhéagóir? Bhí mé ag smaoineamh dul thar lear chun cabhrú leis na bochtáin sa Domhain Theas.

4. Rud spéisiúil? Bhí suim agam sa nádúr agus sa saol simplí i gcónai, agus anois cabhraíonn an féith sin liom go mór agus mé ag iarraidh deighleáil leis an saol nua seo atá ag druidim chugainn, sé sin, an TÉAMH DOMHANDA ........ an ATHRÚ AERÁIDE .......an BOCHTANAS atá forleathan. Tá mé cinnte go mbeidh orainne go léir coras maireachtála níos so-bhuanaithe a bhaint amach a leigheasfaidh an plainéad....gan iomarca eitilt a dheanamh, gur mhaith an rud é siúl na gcos, nach bhfuil gá le meaisín i gcóir gach uile rud.

5. Is bean tí agus máthair clainne mé, agus deanaim roinnt beag obair deonach chomh maith. is brea liom roinnt múinteoireachta a dhéanamh. Deirtear gur cheart do na seandaoine a gcuid eolais agus a gcuid scileanna a roinnt, go h-áirithe leis an aos óg, má's féidir. Uaireannta nuair a bhíonn am le sparáil agam téim amach sa gháirdín ag baint amach na fiailí.

6. Mise duine a thugann faoi rudaí go gasta, ach is minic a thiteann mé bun-os-cionn.

7. Uaireannta bíonn mé ag smaoineamh an féidir Siopa no Gnó Beag a bhunú a bheadh dírithe ar an TRÁDÁIL COTHROM, sé sin FAIR TRADE. Chaith mé cuid mhaith ama ag cuidiú leis an gné sin tráth, agus molaim é mar córas ceart don tochaí, saghas fís é sin agam.

8. An bhfuil imní orm ? A lán imní uaireannta is dócha....an bhfuil Dóiteán Mhór an Domhain i ndán dúinn, agus an mbeidh muintir an domhain thuaidh ro-thugtha dona róbó, gan aon aird ar an lucht oibre, seans go gcaithfear ar leataobh na gnáth dhaoine ionas go mbeidh an lucht rachmais ag deanamh brábús as na róbó?

9. Ach le sin is uile, tá an t-aos óg i gconaí lan dóchais is grá, mar a déarfá, agus croí mór aca, agus ina theannta sin tá siad éirimiúil agus oilte.......is údar dochais é sin ag féachaint amach romhainn. Ar aghaidh libh.
Is gréasán de 30 mol nuálaíochta & digiteacha é gteic Gréasán Digiteach na Gaeltachta a bheidh á bhunú i gceantair ar fud Ghaeltacht na hÉireann.
Eolas anseo ➡️ udaras.ie/gno/gteic/
Airgead ceadaithe do gteic nua do Thoraigh agus don Mhálainn Bhig.

Ag cruinniú boird Údarás na Gaeltachta a reáchtáladh ar Thoraigh don chéad uair riamh ar an Aoine, d’aontaigh an bord go gceadófaí maoiniú le mol digiteach gteic a fhorbairt ar an oileán.
Is é Comharchumann Thoraí Teo a bheas ag reáchtáil an mhoil nua seo, a bheas forbartha in aice leis an Ionad Pobail ar an oileán. Táthar ag súil go mbeidh éileamh maith ar na deascanna sealaíochta a chuirfear ar fáil ann ó ghnóthaí nuabhunaithe agus ó chianoibrithe, go háirithe i bhfianaise an mhéaduithe mhóir atá tagtha ar chianoibriú le cúpla bliain anuas. Beidh an áis á húsáid chomh maith mar spás pobail agus cruinnithe.

Aontaíodh freisin go gcuirfeadh an tÚdarás maoiniú ar fáil do Choiste Forbartha na Málainne Bige le mol digiteach a fhorbairt i Seanscoil na Málainne Bige,
Gleann Cholm Cille. Tá an infheistíocht seo a dhéanamh mar chó-mhaoiniu ar thogra atá á fhorbairt ansin ag Comhairle Contae Dhún na nGall
Beidh an dá gteic nua seo ar chinn de 30 mol digiteach nuálaíoch atá á bhforbairt ag Údarás na Gaeltachta ar fud na Gaeltachta. Tá an gréasán gteic lárnach do Straitéis Údarás na Gaeltachta agus an tÚdarás tiomanta do chumasú na bpobal Gaeltachta, le go mbeidh deiseanna oibre agus fiontraíochta acu ina bpobal féin.
Campa Samhraidh 2022

Craobh Mhaigh Cuilinn Conradh na Gaeilge
Twitter
Facebook
Website

Gaeilge Mhaigh Cuilinn

085 8504935

gaeilgemhaighcuilinn@gmail.com