Gaeilge Mhaigh Cuilinn Nuachtlitir Feabhra 2022

Copy

A chairde, 

Tá súil agam go bhfuil gach duine i mbarr na sláinte agus ag baint taitneamh as na laethanta atá ag éirigh níos faide. Is mise Seán, duine dena mhic léinn atá i mbun clár socrucháin oibre le Gaeilge Mhaigh Cuilinn don sheimeastar seo, agus beidh mé ag scríobh an nóta ón eagarthóir don mhí seo. 

Comhairgeadas le Seán Ó Ceallaigh, CLG Mhaigh Cuilinn a ainmníodh mar chaptaein  foireann peile shinsir na Gaillmhe don bhliain seo. Comhairgeadas freisin lena himreoirí ó CLG Mhaigh Cuilinn a bhí ar fhoireann peile Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, a bhuaigh an Corn Mhic Shíogair i gCeatharlach an tseachtain seo chaite. Bhí bua iontach acu in aghaidh Ollscoil Luimnigh. Beir bua, Seán Ó Ceallaigh, Neil Ó Maolchatha, Eoghan Ó Ceallaigh, Pól Ó Ceallaigh agus Cian Ó Duibhne, don ról lárnach a bhí  acu san fhoireann. 

Beidh ranganna aireachais do pháistí bhunscoile ag tosnú ón cúigiú lá Mí an Márta. Beidh siad ar siúl i dTeach na Gaeilge agus beidh siad á mhúineadh trí Ghaeilge. Mairfidh siad ar feadh uair an chloig gach Satharn ó mean lae go 13:00 ar feadh sé seachtaine.

Is fearr an tsláinte ná an táinte. 

Ag tús na míosa seo, d’iompaigh an t-Áire Stáit sa Roinn Iompair agus Teachta Dála ón dáilcheantar Gaillimh Thiar, Hildegarde Naughton an fhód chun tús óifigiúl a chuir le tógáil an seachbhóthar nua i Mhaigh Cuilinn. Chomh maith leis an aire, bhí urlabhaí ó Comhairle Chontae na Gaillimhe, Bonneagar Iompair Éireann, agus an Seanadóir áitiúl, Seán Ó Cadhain í láthair ag an seoladh fresisin. Tá sé ar intinn acu on bóthar nua a oscailt ag deireadh 2023. 

D'fhógair Feidhmeannach na Seirbhísí Sláinte go n-osclófar ionad cúram príomhúil sa sráidbhaile i rith an tSamhraidh. Tá sé ar intinn acu dhá chlinic dhochtúra a chuir san ionad chomh maith le haiseanna do chursaí meabhairsláinte, teiripe urlabhra, teiripe shaothar agus fisitheiripe freisin. Tá an fhoirgneamh (atá suite ar an mbealach isteach sa sráidbhaile) beagnach réidh le haghaidh suiteáil na trealaimh riachtanach. 

Máidir le cursaí reatha náisiúnta, is leor go bhfuil deireadh an phandéim Covid-19 ag teacht. Ag leanúint ar aghaidh ó laghdú na srianta ar dtionscal na fháilteachais, léirigh nóta ón Príomhoifigeach Leighis, Dr. Tony Holohan, nach mbeidh mascanna riactanach a chaitheamh go forleathan ó tús Mí an Márta. 

Fanaigí slán.
Le dhea-mheáin,

Seán Ó Máirtín.

Mac Léinn , Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Buaiteoirí Duaiseanna Speisialta an Chomórtais 2021
Comhghairdeas leo !
Duais Chomhairle Contae na Gaillimhe, €1,500 : Craobh Mhaigh Cuilinn
Duais Chomhairle Contae Dhún na nGall, €1,500 : Lár Chomhairle Paróiste Ghleann Cholm Cille
Duais an Fháinne, urraithe ag Gael-Linn, €500 : Cultúrlann Uí Chanáin, Doire
Duais Chomhairle na Gaelscolaíochta, £1,500 : Ionad Uíbh Eachach, Béal Feirste
Duais Chló Iar-Chonnacht, luach €1,000 : Conradh na Gaeilge, Bóirche Íochtar, Contae an Dúin
Duais an Oireachtais, €500 : Cumann Forbartha Chois Fharraige
Duais an Fhorais Pátrúnachta, €1,000 : Muineachán le Gaeilge
Duais COGG, €2000 : Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh
Duais don Iontráil Nua is fearr, €1,000 : Pleanáil Teanga Árainn Mhóir
Duais don Choiste Deonach is fearr, €1,000 : Coiste Forbartha Chnoc Fola
Duais Aitheantais, €1,000 : Comharchumann Ráth Chairn
Foras na Gaeilge Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media
Comhghairdeas ó chroí leis na mbuaiteoirí uile agus ba mhaith linn ár míle buíochas le foireann Glór na nGael as ucht na deiseanna ar fad a chuireann siad amach romhainn. Tá Craobh Mhaigh Cuilinn ar bís an duais seo a bhuachaint agus an aitheantais iontach a fháil ar an dea obair atá idir lámha sa cheantar álainn Gaeltachta ata againn anseo i Maigh Cuilinn! 
 
Seo í an Ghaeltacht.

Lá Naomh Bríd

Chun tús a chur le mí Feabhra bhí lá álainn againn tiomnaithe do Naomh Bríd. Siombail é tús an tsaoil nua agus tús nua a chuireann tús leis an earrach. Tosaíonn maidineacha agus oícheanta ag éirí níos gile agus is cosúil go bhfuil an domhan mór in áit níos gile. Chun ceiliúradh a dhéanamh ar Naomh Bríd déantar crosa as giolcacha. Sna scoileanna thart ar ár sráidbhaile tháinig go leor páistí amach lena gcrois Naomh Bríd agus bhí sé go hálainn an traidisiún a fheiceáil fós beo inár bparóiste. Is é an creideamh má fhágann tú na crosa amach ar do leac an dorais go rachaidh Naomh Bríd anuas agus go beannóidh sí iad ar a mbealach. Is rud álainn é tús an earraigh a chomóradh. Is éard atá i gceist le traidisiún eile Oíche Fhéile Bríde ná éadach/ribín a chrochadh ar do líne níocháin nó amach ar an díog ionas go mbeannaífeadh Naomh Bríd é an tráthnóna sin tar éis luí na gréine. Bhí an dath éagsúil ar fud na tíre, d'úsáid cuid acu gorm, níos mó bán agus cuid eile glas. Bheadh ​​​​daoine eile ag crochadh coirníní rosary an oíche sin ar an mbealach céanna. Brat Bríde a thugtar ar an éadach seo freisin agus coinneofaí suas iad seo agus d’úsáidfí iad le haghaidh leigheasanna, tinneas cinn den chuid is mó, sna 12 mhí amach romhainn. 

Tá sé iontach le feiceáil go bhfuil na traidisúin seo fós beo inár bparóiste inniu agus go bhfuil na scoileanna ach go háirithe á coinneáil beo i measc na daoine óga inár stráidbhaile. 

Bígí linn i mbliana le Áine Ní Gallachóir do 'Guerilla Gaeilge' le haghaidh Seachtain na Gaeilge 2022 sa Taibhdhearc!
https://www.eventbrite.ie/.../guerilla-gaeilge-tickets...

Cé thú?
Is mise Seán Ó Máirtín.

Cár rugadh thú?

Rugadh agus tógadh mé í gCríoch, Contae an Chláir, sráidbhaile beag é atá suite leathbhealach idir Cíll Róis agus Sráid na Cathrach.

Mar pháiste, cé a chuaigh go mór i bhfeidhm ort?
Nuair a bhí mé níos óige chaith mé a lán áma le mo sheanmháthair Bríd, nuair a bhí mo thuismitheoirí ag obair agus bhí tionchar mór aici ar mo shaol.

Mar déagóir, cad atá suimiúil fút nach mbeadh mórán ar eolas faoi? 
Bhí mé an cead duine chun dul ag sluashurfáil tríd an halla spóirt i Meanscoil Naomh Sheosamh Rinn na Spáinneach, i rith Lá na nAirreachais 2019.

Inis dúinn rud spéisiúil fút féin.
Ghlac mé páirte i naoi gCraobh na hÉireann le fhoirne
Cé thú? tráth na gceiste  ó mo pharóiste áitiúl agus ón meanscoil áitiúil ach ní bhuaigh  mé ach ceann amháin, Craobh Feachtas le Meanscoil Naomh Sheosamh, Rinn na Spáinneach i 2019. 

Inis dúinn faoi do shlí bheatha.
Faoi láthair tá réimse leathan poist agus dualgaisí agam. Is mac léinn mé in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, céard atáim ag déanamh stáidéir ar an nGaeilge agus ar an Stair, agus táim ag glacadh páirte sa chlár socrucháin oibre le Gaeilge Mhaigh Cuilinn de bharr sin, céard atáim ag obair mar thaighdeoir agus mar chuntóir theanga freisin. Conáim ar fheirm sa bhaile agus tá an mhéid dualgaisí atá agam ag meadú faoi láthair cé bhfuil lao á chothú agus bá a chrú  freisin. Chomh maith le sin, táim fostaithe in óstán áitiúl mar fhéar bhéar agus freastalaí. 

Cén cur síos a bheadh agat ort féin?
Cé gur duine ceanndána mé, is duine foighneach mé fresisn agus  ní chuireann go leor rudaí isteach orm. 

Cad a dhéanann tú nuair atá am le spáráil agat?
Níl go leor am le spáráil agam faoi láthair ach is aoibeann liom páirt a ghlacadh i tráthanna na gceist. Chomh maith le sin, teím ag feachaint ar mo fhoireann peile áitiúl nuair a bhíonn siad ag imirt, cé nach bhfuil sibh ag eirí go maith le deanaí, ar an drochuair. 

Cad é an fhaitíos is mó atá agat?
Nach ndéanfainn mo dhícheall dea-thionchar a dheanamh don domhain .

Cad é an dóchas is mó atá agat?
Go mairfidh mé saol deas agus go mbeidh mé i gconaí in ann meas a léiriú do gach duine.


An Féidir Leat? le Gaeilge Mhaigh Cuilinn
Clár 7
Cluiche Ceannais Sciath an Iarthar Chraobh Shinsir 2021

Maigh Cuilinn 2-20 An Fhairche 0-2
 
Comhghairdeas le Maigh Chuilinn and trua le Cailíní Dúiche Sheoigheach.
‘Tá Coláiste Cholmcille, Indreabhán ag glacadh le hiarratais chun clárú don scoilbhliain seo chugainn.
Beidh ócáid eolais á reachtáil ag an scoil ar-líne. Cuirfear eolas chuig na scoileanna náisiúnta go luath.
Is féidir Foirm Chlárúcháin agus a thuilleadh eolais a fháil ón scoil ar 091 593119 nó ar an suíomh scoile, www.colaistecholmcille.ie
Tá an togra tógála don scoil nua ag treabhadh leis go han-mhaith. Tá mór-thacaíocht agus maoiniú ón Roinn Oideachais agus Scileanna don togra seo.  Tá súil go mbeidh iarratas pleanála á dhéanamh roimh na Cásca agus go mbeidh radharc ag an bpobal ar an bplean don scoil nua.’
 
Go raibh míle maith agaibh.
Imreoir as Maigh Cuilinn ainmnithe mar Chaptaen Foireann Peile na Gaillimhe.

Bronnadh onóir mhór ar imreoir as CLG Mhaigh Cuilinn ag tús na míosa seo. Fograíodh go mbeidh Seán Ó Ceallaigh ina chaptaen do fhoireann peile sinsir na Gaillimhe don bhliain seo. Tagann an culaí in áit Shane Walsh a bhí ina chaptaen den dhá bhliain roimhe seo, ó d’éirigh Páraic Seoige ina bhainisteoir den fhoireann í 2019. Bhí taithi idirchontae ag Ó Chealligh roimh a d’imir sé a chéad cluiche shisnir í 2018. Bhí sé ina bhall den fhoireann Fé 21 a bhuaigh Craobh Chonnachta í 2017, agus céard a shroich Cluiche Ceannais na hÉireann sa bhliain cheanna, ach chaill siad in agahidh foireann láidir ó Bhaile Átha Cliath a bhí lán le realtaí peile cosúil le Con O’Callaghan, Eoin Murchan agus Brian Howard. Ó d’eirigh Ó Ceallaigh ina bhall den fhoireann shinir í 2018, tá Craobh Chonnachta amháin buaite aige, shroich an fhoireann trí chluiche ceannais Chonnachta eile agus cluiche leath ceannais na hÉireann i 2018. 

Bliain dhíomach é 2021 i gcás foireann na Gaillimhe, fuair siad isliú céime go Roinn a Dó don Sraith Allianz agus chaill siad Cluiche Ceannas Chonnachta in aghaidh Maigh Eo, cé go raibh siad chun tosaigh ag leath áma. De bharr na torthaí seo beidh an fhoireann ag imirt in aghaidh foirne cosuil leis Uibh Fhialí, Dóire agus an Clár in áit Baile Átha Cliath, Ciarraí agus Tír Eoghan, í mí Feabhra agus mí Márta. De réir iar-bhainisteor Tír Eoghain, Mikey Harte,  ní bhuann foirne a ímríonn i Roinn a Dó Craoibh na hÉireann agus más mhaith le foireann na Gaillimhe deis a fháil an Craobh seo a bhuaigh teastaíom uathu ardú céime go Roinn a hAon a fháil gan thuilleadh mhoille. 

Áfach, bhí tús dearfach den bhliain seo, cúpla lá tar éis an fógra, bhí an deis ag Ó Ceallaigh a chead chorn a bhuaigh mar chaptaen, nuair a d’imir Gaillimh in aghaidh Ros Commáin sa chluiche ceannas den comórtas FBD Chonnachta san Aeradróm Ollscoil na hÉireann Gaillimh i mBéacán contae Mhaigh Eo. Cluiche crua a bhí ann í gcoinne foireann Anthony Cunningham (iar-bhainisteoir iomanáichta, Gaillimh). Bhí Ros Commáin chun thosaigh ag leath amá ach scoráil foireann na Gaillimh naoi chinn as na haon cuilín deág a scoráileadh díreach i  ndhaidh leath amá chun toradh an cluiche a athrú. Bhuaigh foireann na Gaillimhe le 1-18 in aghaidh 1-16 agus ba mhaith leo an Craobh Chonnachta agus Corn Roinn a Dhó a fháil sa bhliain sin ar an laghad, tar eis an feachtas dearfach seo.

Aimsir Mhaigh Cuilinn

Twitter @MoycullenWeathe
Twitter
Facebook
Website
Copyright © Gaeilge Mhaigh Cuilinn, All rights reserved.

Our mailing address is:
gaeilgemhaighcuilinn@gmail.com

Want to change how you receive these emails?
You can update your preferences or unsubscribe from this list.
 

Gaeilge Mhaigh Cuilinn

085 8504935

gaeilgemhaighcuilinn@gmail.com