Gaeilge Mhaigh Cuilinn Nuachtlitir Eanáir 2022

Ath bhliain faoi mhaise daoibh go léir.

Tá súil agam go raibh Nollaig deas agaibh agus tá súil agam go mbeidh feabhas suntasach ar chúrsaí i 2022. Le sin a bheith ráite ní mór dúinn a bheith aireach i gcónaí agus ár ndícheall a dhéanamh a chéile a chosaint.

Tá áthas orm gur scaipeadh míle suaitheantais álainn agus míle cóip de Fhéilire Gaeilge Mhaigh Cuilinn díreach roimh an Nollaig. Tá súil agam go mbainfidh sibh taitneamh astu agus go mbeidh sé ina ábhar spreagadh daoibh bhur cúpla focail a labhairt le chéile! Beidh leathanach den fhéilire le feiceáil thíos ar gach eagrán den Nuachtlitir i rith na mbliana. Is Saoirse Clancy as Scoil Mhuire a thóg an pictiúir atá ann do mhí Eanair. Comhghairdeas leat a Shaoirse!

Ce go bhfuil se thart tamaill, tá súil agam go raibh Nollaig na mBan den scoth agaibh. Go tradisiúnta ba shin a lá a thugadh sos dona mná ón obair dian a bhíodh idir lámha acu gan stad, ach anois táim ag ceapadh gur deis deas é dona mná casadh le chéile agus am a chaitheamh le bheith mnásome!

Tús maith leath na hoibre. Tá Ranganna Gaeilge Gaeilge Mhaigh Cuilinn ar ais arís le Múinteoir Zara. Is deis é seo do fhoghlaimeoirí freastail ar ranganna chun feabhas a chuir ar a gcúpla focail agus chun cainte le daoine eile i mbealach neamh foirmeálta. Má tá suim agat seol ríomhphoist chugam: gaeilgemhaighcuilinn@gmail.com

Comhghairdeas mhór le Cumann Cispheile Mhaigh Cuilinn atá páirteach i gcomórtas SuperLeague 21/22. Is Cumann Cispheile den scoth iad agus guíonn muid gach rath orthu agus táim ag guí go bhfeicfidh muid ionad traenála daoibh anseo i Maigh Cuilinn lá éigin sa todchaí. Tá áit / baile ceart ag teastáil go géar uathu, go mór mhór agus iad ag cothú agus ag neartú spóirt i measc an óige anseo i Maigh Cuilinn.

Ba mhaith liom céad míle fáilte a chuir roimh an beirt mic léinn atá ar socrúcháin oibre liom i dTeach na Gaeilge. Fáilte Rebecca agus Seán, táim ag súil le tréimhse iontach libh agus beidh tuilleadh le feiceáil uathu ar an suíomh idirlín agus sna Nuachtlitir amach romhainn.

Ar deireadh, comhghairdeas mhór ó chroí le Peadar Mac Fhlannchadha, Bainisteoir Cosaint Teanga & Ionadaíochta, Leas-Árd Rúnaí Conradh na Gaeilge agus Cathaoirleach Coiste Pleanála Teanga Mhaigh Cuilinn, a bhain éacht amach nuair a bhuaigh sé cás faoi úsáid teanga na tíre seo roimh na hÁrd Cúirte. Is dul chun cinn i dtaobh cearta teanga an chás seo nach féidir luach a chuir air agus is féidir libh an scéal a léamh thíos nó téigh go suíomh idirlín: cnag.ie

Tugaigí aire dá chéile. 

Tús maith leath na hoibre.

Ándrea Uí Thaidhg.
Ce thú?
Ándrea Uí Thaidhg

Cár rugadh thú? 
Cathair na Gaillimhe
Mar pháiste, cé a chuaigh go mór i bhfeidhm ort?
Ag an aois sin bhí bhí an cionn agam ar m'Aintín Mag i Maigh Eo.
Inis rud spéisiúil dúinn fút féin.
Bhuaigh mé bonn airgead sa Coupe de la Jeunesse 1994 le Cumann Rámhaíochta Coláiste Iognáid.
Inis dúinn faoi do shlí bheatha.
Bhí an ghrá agam don theanga ó bhí mé óg, agus ba í Múinteoir Mhic Shearraigh a spreag sin ionam agus anois is dul chun cinn an teanga an obair atá idir lámha agam mar OPT Mhaigh Cuilinn!
Cén cur síos a bheadh agat ort féin?
Ah! Ceapaim gur duine dearfach mé - déanaim iarracht an rud maith a bhaint amach as chuile rud, ach táim réalaíoch freisin (ceapaim)!
Cad a dhéanann tú nuair atá am le spáráil agat?
Is aoibheann liom a bheith ag deisiú troscáin nó ag cur cuí ar rudaí.
Cad é a fhaitíos is mó atá agat?
Nach bhfágfainn an domhain ina áit níos fearr do mo pháistí.
Cad é an dóchas is mó atá agat?
Go bhfágfaidh mé an domhain ina áit níos fearr agus níos tuisceanaí do mo phaistí agus an ghlúin amach romhainn. 
An Féidir Leat? le Gaeilge Mhaigh Cuilinn
Clár 6
                                  Cumann Cispheile Mhaigh Cuilinn                                                                      
Tá Cumann Cispheile Mhaigh Cuilinn, a bunaíodh i 1966 mar cheann de na clubanna cispheile is rathúla in Éirinn sa lá atá inniu ann. Feiceann muid é seo le go leor dár n-imreoirí cumasacha ag imirt ag an leibhéal is airde, ag déanamh ionadaíochta ar ár dtír. I measc cuid de na himreoirí seo tá Patrick Lyons, Paul Freeman agus Áine McDonagh in éineacht le chuid mhaith eile. Léiríonn sé seo cé chomh rathúil agus cé chomh mór is a bhfuil tóir ar an spórt seo i Maigh Cuilinn. Mar gheall ar an rath a bhí orainn ó gach aoisghrúpa, gan trácht ar an mbua ‘Super League’ a bhí ag foireann na bhfir ar Bhaile Átha Cliath i gcoinne ‘DCU Saints’. Scór:67-60
Le seo tá tús iontach á chur againn le séasúr 2022, chuir na leaids sárfheidhmíocht ar siúl i halla cispheile DCU. Gan dabht tá an cóitseálaí John Cunningham an-bhródúil as a chuid imreoirí agus an chuid is mó acu tar éis a mbealach a dhéanamh suas tríd an gcóras faoi aois i gcispheil Mhaigh Cuilinn. Ag léiriú arís cé chomh cumasach is atá daoine óga inár sráidbhaile.
Tá an chuma ar an scéal go bhfuil gach rud ag foireann cispheile Mhaigh Cuilinn, an tallann, an tacaíocht agus an díograis chun buachan. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé a bheith ina ábhar iontais nach bhfuil a n-áis féin ag an bhfoireann inár sráidbhaile. Caithfear traenálacha a dhéanamh i Halla Chill Aithnín do gach aoisghrúpa ó leanaí faoi 7 suas go foireann na bhfear faoi 20 le háiseanna eile ar nós halla OÉ Gaillimh agus halla Choláiste na Coiribe á n-úsáid chomh maith. Tá an-iontas ar dhaoine nach bhfuil a n-áis oiliúna áitiúil féin ag club rathúil dá leithéid.
Le seo ráite, níor chuir sé seo bac ar ár gclub áitiúil ó bheith ar cheann de na clubanna is fearr sa tír agus níl aon dabht ach leis an rath seo nach n-éireoidh an club ach níos mó agus níos mó sna blianta atá amach romhainn.

 

An Ghaeilge agus an t-Aontas Eorpach
 
Mí an speisialta í Mí Eanáir 2022 máidir le dul chun cinn na Gaeilge. Chomh maith le Bille na dTeangacha Óifigiúla a chuir an Uachtarán Michéal D. Ó hUigínn a lámh ar roimh an Nollaig, (chun leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Óifigiula) d’athraigh stadas na Gaeilge san Aontas Eorpach freisin  ar an gcéad lá den bhliain seo, eachra stáiriuil a chuir an Ghaeilge ar comhchéim le na trí teanga is fiche den Aontas Eorpach, den chéad uair ó d’éirigh Éire ina bhallstát í 1973.

Nuair a d’éirigh Éire ina bhall den Aontas Eorpach ar an gcéad lá Mí Eanáir 1973, níor bhronnadh ach stádas ‘Teanga Chonartha’ ar an nGaeilge. De bharr an easpa teicneolaíocht áistriucháin agus aistritheoirí a bhí fostaithe ag an Aontas Eorpach bronadh an stadas sin ar ár dteanga náisiúnta. Ciallaíonn an stadás sin, nach raibh gá ag an Aontas Eorpach doicimeidí oifigiúla a aistriú go Gaeilge, seachas na conarthaí cosúil leis an Conradh Maastricht (1992) agus an Conradh Nice (2003). D’athraigh an stádas a bhí ar an nGaeilge sa bhliain 2007 nuair a bhronnadh stadás mar teanga óifigiúl  an Aontas Eorpach uirthi tar éis cinneadh a rinneadh ag cruinniú Comhairle na hEorpa i 2005.

Áfach, deontaíodh maolú ag an gcinneadh sin de bharr an ganntanas achmainní a bhí ag an bhfoireann aistriucháin san Aontas Eorpach. Beartaíodh nach mbeadh stadas iomlan oifigiúl  ag an nGaeilge go dtí an gcéad lá Mí Éanair 2022. De bharr sin níor aistríodh gach doiciméad nó ráiteás ón Aontas Eorpach go Gaeilge, ach tar éis an-chuid ullmhúcháin agus feabhasúchain a rinneadh i mBrúiséil ó 2015 d’athraogh stádas na Gaeilge ag tús an bhliain seo. Chomhoibrigh na maorlathaithe i mBrúiséil lena lucht a linne sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, chun na feabhasúchain a chuir i bhfeidhm roimh an spriocdáta. D’éirigh leo go maith agus ar an gcéad lá den bhliain seo bhí comhstádas ag an nGaeilge le na trí teanga óifigiúla is fiche den Aontas Eorpach don chéad uair riamh.

Cé go bhfuil stádas iomlán ag an nGaeilge faoi láthair ní úsáidtear í chomh minic mar a úsáidtear na trí teanga imeachta, (Beárla, Fraincís agus Gearmáinis) san Aontas Eorpach. Is iad na trí teanga a usáidtear is minice ag an gCoimision Eorpach lena gnó laethúil, ach de bharr Breatimeacht, is í Éire an t-aon tír san Aontas a úsáidtear  Béarla mar phríomhtheanga an stáit.
 
Forbairt an-tabhachtach é an eachtra seo, agus de réir na tuairiscí ón mBruiséil tá deiseanna fóstaíocht le Gaeilgóirí ag ardú mar tá an t-éileamh le haghaidh caipéisí as Gaeilge san Aontas ag meadú.

Is féidir na poist ar fad atá liostáilte faoi láthair a fheiceáil anseo https://udaras.ie/oiliuint-fostaiocht/fostaiocht/

Is féidir clárú chun eolas a fháil ar Phoist Ghaeltachta sa todhchaí anseo https://forms.gle/z9xBhe9qKWFjcELQ6

Seolfar rphost go tráth rialta maidir leis na poist ar fáil i gcomhlachtaí Gaeltachta ag tosú go luath in 2022.

Is féidir Ráiteas Deireadh Bliana 2021 iomlán, ag áireamh briseadh síos de réir Contae, a íoslódáil anseo

You can download the full 2021 End of Year Statement including County breakdowns here

Próiseas Iontrála do Chomórtais Liteartha an Oireachtais 2022 Oscailte

 

Táimid anois ag glacadh le hiontrálacha do Chomórtais Liteartha an Oireachtais 2022. Tá na Comórtais Liteartha mar chuid lárnach d'obair an Oireachtais ó bunaíodh é in 1897, 125 bliain ó shin, agus é mar aidhm acu deiseanna a chur ar fáil don ghréasán scríbhneoirí Gaeilge ar fud an domhan, litríocht agus nua-scríbhneoireacht na Gaeilge a chur chun cinn agus scríbhneoirí óga nua a mhealladh le dul i mbun pinn.

Tríocha haon (31) comórtas atá ar chlár na bliana seo – cúig déag (15) acu sin dírithe ar scríbhneoirí fásta agus sé déag (16) dírithe ar scríbhneoirí óga. Tá réimse leathan seánraí i gceist ar an siollabas comórtais, iad seo ina measc: úrscéal, gearrscéal, ficsean d'fhoghlaimeoirí fásta, prós, filíocht, iriseoireacht, greannán, drámaíocht agus eile. Bronnfar duaischiste de €31,600 thar na comórtais uile.

Tá comórtais úrnua ar shiollobas na bliana seo, ina measc, tá Dráma Raidió (urraithe ag Údarás Craolacháin na hÉireann) & Comórtas Iriseoireachta don scríbhneoir fásta chomh maith le Gearrscéal nó Aiste ar théama a bhainfidh le gné éigin den Oireachtas le 125 bliain anuas don scríbhneoir óig.

Is féidir iarratas a dhéanamh ar líne ag an nasc thíos nó déan teagmháil linn ag eolas@antoireachtas.ie má theastaíonn cóip crua den chlár uait.

Spriocdháta Iontrála: 1 Iúil 2022

#Oireachtas2022

Twitter
Facebook
Website

Gaeilge Mhaigh Cuilinn

085 8504935

gaeilgemhaighcuilinn@gmail.com