Gaeilge Mhaigh Cuilinn

Nuachtlitir Eanáir 2021

Gaeilge Mhaigh Cuilinn Nuachtlitir Eanáir 2021

*|MC:SUBJECT|*
~~~ Eanair 2021~~~
A chairde,

Ath-bhliain faoi mhaise daoibh a chairde agus fáilte go eagráin a haon de Nuachtlitir Gaeilge Mhaigh Cuilinn. Tá súil agam go raibh Nollaig Deas agaibh agus gur bhain sibh sult as an sos agus an saoire! Tá súil agam freisin go bhfuil sibh slán sabháilte i láthair na huaire agus dianghlasáil buailte orainn arís. Tá sé chomh tábhachtach aire ceart a thabhairt dúinn féin agus dóibhsean thart timpeall orainn sa bhealach is fearr ar féidir linn, agus is dócha gur féidir linn uile é seo a dhéanamh trí cúpla céimeanna a leanúint i gceart. Céimeanna cosúil le fanacht sa bhaile, ach amháin nuair is gá; mhasc a chaitheamh nuair atá orainn dul amach; agus díghalarán lámha a úsáid nuair a théann muid ó áit go háit. Ach, tá cúis misnigh agus dóchas a chairde, tá vaicsín á scaipeadh fud fad na tíre, agus fad is atá muid ag fanacht air ní mór dúinn tacú le chéile agus spiorad an cheantar a choinneáil dóchasach.

Ní neart go cur le chéile. 
Beir bua, Ándrea, Gaeilge Mhaigh Cuilinn.
Tá sé níos tábhachtaí anois ná riamh dúinn fanacht sa bhaile. Tá na huimhreacha árd agus caithfidh muid uile ár ndícheall a dhéanamh iad a laghdú trí mhasc a chaitheamh agus fanacht sa bhaile. Fan slán!
Imní Covid ~ Covid Anxiety 

Is cúis imní Covid-19 agus go dtí go bhfuil an vaicsín scaptha go forleathan is féidir linn roinnt rudaí a dhéanamh chun cúnamh agus chun tacú lena chéile i rith an treimhse seo. 
These are worrying times and until a vaccine has been distributed there are a number of things we can do to help eachother stay safe during this period.

Caith masc agus fan sa bhaile (ach amháin le haghaidh nithe riachtanach).
Wear a mask and stay at home (except for necessary goods).

Tabhair aire dod' meabhairshláinte chomh maith le do shláinte chorp. 
Take care of your mental health as well as your physical health.
Forbairt Phobail Maigh Cuilinn. FPMC.
Maigh Cuilinn Community Development Association. MCDA.
Ciorcal Comhrá Gaeilge Mhaigh Cuilinn
Maidin Dé hAoine @10

Más mian leat a bheith páirteach ann seol ríomhphoist go gaeilgemhaighcuilinn@gmail.com
Club Leabhar Gaeilge Mhaigh Cuilinn
A chairde agus a léitheoirí, beidh muid ag cur tús le Club Leabhar Gaeilge Mhaigh Cuilinn i mí Feabhra 2021! Cuirfidh muid tús leis le leabhar cáiliúil Myles na gCopaleen, An Béal Bocht. Más mian leat a bheith páirteach ann seol ríomhphoist chugainn ag gaeilgemhaighcuilinn@gmail.com
Bhí téarma iontach againn sa Chlub Iar-Scoile le Múinteoir Eileen agus ar ndóigh leis na páistí! Tá an Chlub dúnta faoi láthair, in éineacht leis na bunscoileanna áitiúil, ach tá súil againn go mbeidh muid ar ais arís gan mhoill! Tá spásanna teoranta faoi láthair ach as seo amach tá súil againn go mbeidh muid in ann freastail ar tuilleadh pásití. Coinnigí súil amach ar an suíomh Facebook nó seol ríomhphoist go gaeilgemhaighcuilinn@gmail.com 
An Féidir Leat?
Is clár lán Ghaeilge í An Féidir Leat? ar ár suíomh YouTube atá dírithe ar lucht bunscoile i mbealach atá spraoiúil agus taitneamhach chun an Ghaeilge a fhoghlaim, go mór mhór agus iad sa bhaile. Anois táimid ag lorg físeáin uaibh! Má tá tú idir 4 agus 12 bliana d'aois sa bhunscoil, agus más mian leat a bheith páirteach sa chlár álainn seo níl le déanamh ach físeáin gearr a thógáil díot féin i mbun ábhar taitneamhach cosúil le canadh, damhsa, ealaín, bacáil nó amach ag siúlóid sna coillte! Is fearr na físeáin a choinneáil idir 1 agus 5 nóiméid agus as Gaeilge le bhur dtoil! Ag súil go mór chloisteáil uaibh! Bainigí taitneamh as!
Nollaig Mhaigh Cuilinn 2020
Las Suas Maigh Cuilinn ~ Light Up Maigh Cuilinn
Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil chuig PPN Co. na Gaillimhe a thacú linn ceiliuradh deas Nollaig a eagrú. Bhí tráthnóna álainn againn i mí na Nollaig chun soilse Mhaigh Cuilinn a lasadh. Tháinig Daidí na Nollaig go Teach na Gaeilge agus go leor brontannais aige do na pháistí! Bhí canadh carúil álainn againn le Múinteoir Julie Anne agus páistí Club Iar-Scoile Gaeilge Mhaigh Cuilinn agus Rang 2 Scoil Mhuire. Go raibh míle maith agaibh a fhreastail ar an ócáid deas seo le haireachas agus le foighne, tá súil agam gur bhain sibh taitneamh as! 
Nuacht Scoil Mhuire
Ba í seo ceann de na scolblianta is aistí riamh. Níl éinne in ann cuimhneamh ar bhliain a raibh an scoil dúnta ar feadh trí mhí go leith mar gheall ar éigeandáil sláinte. Ní fhaca muid a chéile anseo i Scoil Mhuire Maigh Cuilinn ón Déardaoin 12ú Márta go dtí an Luan 7ú Meán Fómhair. Dúnadh luath mar a dhéarfadh daoine áirithe, cé go mbeadh dul amú orthu. Cé go raibh doirse na scoile dúnta agus an scoil an na damhain alla dóibh féin, bhí múinteoirí agus gasúir na scoile i mbun oibre sa bhaile ar SeeSaw. Buíochas go deo le Dia go raibh SeeSaw againn, áis a lig dúinn leanúint den obair ach rud a chur ribíní gruaige liatha ar chloigne múinteoirí agus tuismitheoirí na tíre le linn Lockdown. Is maith é an teicneolaíocht ach, ag deireadh an lae, níl rud ar bith mar an scoil í féin, i measc do chairde, ag fulaingt le chéile ag déanamh oibre ós comhair an mhúinteora (seachas a bheith ag fulaint sa bhaile i d’aonair ós comhair an iPad.) Tá muid thar a bheith buíoch d’ár bpáistí, d’ár múinteoirí agus d’ár dtuistí uilig de bharr na hoibre fad a bhí an scoil dúnta.

Cé nach raibh an scoil dúnta ó thaobh múineadh agus foghlama de go dtí deireadh Mhí an Mheithimh, is fíor go raibh muid déanach ag oscailt. Is mar gheall ar ár gcuid seomraí ranga nua a chuir muid siar dáta oscailte na scoile ón Déardaoin 28ú Lúghnasa go dtí an Luan 7ú Meán Fómhair. Thosaigh muid ar iad a chur isteach ag tús Mí Iúil; tionscadail ollmhór casta ag am ar bith, ach faoi scáth an coróinvireas? Gealtacht! D’oibrigh muid go dian dicheallach i rith an samhraidh chun go mbeadh na seomraí ranga reidh in am don scolbhliain nua. Bhí an baol ann i gconaí go gcurfaí stop leis an obair de bharr tinnis nó comhairle sláinte poiblí nó ganntanas ábhar agus cá bhfagfadh sin muid? Níos measa ná mar a bhí muid leis na sean seomraí agus an braon anuas á choinneáil amach le clúdach plaisteach agus boinn ghluaisteáin. Lenár gcroithe inár mbéil, lean muid orainn agus súil againn  ar an scolbhliain nua. Cé go raibh moill seachtaine i gceist, d’eirigh linn! Éacht iontach a bhí ann, buíochas don chomhlacht Procon agus d’ar n-ailtire.

Tá muid thar a bheith bródúil as ár seomraí ranga nua. Ní “prefabs” a thugtar orthu na laethanta seo ach “modular buildings.” Tá ard-chaighdeán tógála ag baint leo seo; tá siad tirim, teolaí, compordach agus glan. San am atá thart (anuraidh!) bhí múinteoirí na scoile beagnach ar a nglúine ag impí nach gcurfaí amach go dtí na prefabs iad. An bhliain seo chugainn beidh siad ag marú a chéile chun fáil amach go dtí na prefabs (bhuel, na modular buildings.) Nach bhfuil sé dochreidte mar a athríonn rudaí?

Bhí ráfla aisteach ag gabháil timpeall ar feadh píosa nach mbeadh tógáil na scoile nua ag dul ar aghaigh ós rud é go raibh na seomraí nua seo curtha isteach. Níl sé seo fíor in aon chorr. Is mar gheall ar na seomraí nua seo a bheidh muid in ann scoil nua a thógáil ar an suíomh seo; ní fhéadhfadh muid é seo a bhaint amach gan iad. Tá foireann deartha na scoile nua ag obair go dian ar dhearadh don scoil nua; táthar ag súil le deá-scéal go luath san athbhliain. Tá neart oibre á dhéanamh sa chúlra ar an tionscadail seo agus tá sé ag dul ar aghaidh go maith. Ní fada, le cúnamh Dé, go mbeidh scoil bhreá nua ag Scoi Mhuire agus nach mbeidh gá le prefabs ná modular buildings ná a leithéid arís riamh.

Chaith foireann na scoile neart ama ag fáil reidh don scolbhliain nua agus ag ullmhú chun an scoil a oscailt arís. Ní raibh sé seo éasca, ach buíochas le Dia agus leis an bhfoireann uilig (cuid acu a raibh cónaí orthu sa scoil le linn an tsamhraidh,) d’eirigh linn. Tá an t-ádh orainn go bhfuil foireann iontach anseo againn i Scoil Mhuire. Tá muid thar a bheith buíoch dóibh uilig.
Bhuel, b’shin an nuacht ó Scoil Mhuire faoi lathair. Beidh sé tugtha faoi deara agat, d’ar ndóigh, nach bhfuil mórán ráite againn faoin gCoroinvireas inár gcuid nuachta. Tá muid ag iarraidh diriú ar na rudaí dearfacha anseo i Scoil Mhuire. Le cúnamh Dé, tiocfaidh muid uilig slán as an ngéarchéim seo, mar a tháinig slán as na cinn eile riamh. Idir an dá linn, tugaimis aire dá chéile agus fanaimis slán.

Beir bua agus beannacht.
Scoil Mhuire Maigh Cuilinn
Ranganna Teic ~ Tech Classes 
Nuair is féidir beidh ranganna STEAM ar siúl i dTeach na Gaeilge. Coinnigh súil amach ar na lth soisialta don eolas!
When it's possible Gaeilge Mhaigh Cuilinn will resume STEAM classes in Teach na Gaeilge. Keep an eye out on our social media for info!

Blaiseadh Beag ó Scoil Bhaile Nua

Feachtas an Bhrat Ómra

Tá lúcháir mhór orainn a fhógairt go bhfuilimid ag tosú ar fheachtas nua anseo i Scoil Bhaile Nua chun meabhairshláinte dhearfach agus folláine choirp a chur chun cinn. Is í Múinteoir Éilis atá á stiúradh le cúnamh ón gCoiste Ómra, atá déanta suas de dhaltaí ó Rang 2-6. Beidh Lá Feasachta Sláinte Mheabhrach á reachtáil ag an gcoiste tar éis na Nollag,chomh maith le Seachtain Folláine agus ócáid tiomsaithe airgid le hairgead a bhailiú don charthanacht Pieta. Is í Márta 2021 atá mar spriocdháta againn an bratach a bhaint amach.

Le déanaí rinne an Coiste comórtas postaéir á reachtáil do ranganna uile na scoile faoin téama “Bí Sláintiúil, Bí Sona” chun deis a thabhairt do na daltaí plé a thosú agus foghlaim faoi shláinte mheabhrach agus folláine choirp.  Rinne na ranganna uile an-jab go deo agus bhí cinneadh deacair ag moltóirí an choiste buaiteoirí a roghnú. Is iad seo a leanas buaiteoirí an chomórtais ó ranganna na Naíonán go Rang a 6.

Agus muid ag teannadh leis an Nollaig, tá an Coiste ag tabhairt treoir do phobal na scoile conas fanacht slán, sábháilte agus sona le linn na laethanta saoire. Sheol an Coiste moltaí amach chuig pobal na scoile. Is iad seo a leanas na moltaí a bhí acu;

  1. Tóg sos:

Tabhair bronntanas duit féin an Nollaig seo agus tóg sos duit féin. Tá sé tuillte go mór agat féin agus do shláinte.

  1. Ithigí go folláin

Bíonn rudaí álainn le ithe againn ar fad le linn na Nollag ach ná déan dearmad ar bianna sláintiúla a roghnú chomh maith!

  1. Fan aclaí

B’fhéidir go bhfuil an aimsir ag dul i bhfuaire na laethanta seo ach tá neart rudaí spraoiúla le déanamh taobh amuigh san aer úr agus níos fearr fós gníomhaíochtaí a dhéanamh le do chlann uilig le chéile.

  1. Fan slán, Fan Sona

Bain sult as a bheith i gcomhluadar do chlainne agus do chairde an Nollaig seo ach ná déan dearmad é a dhéanamh ar bhealach sábháilte.

Tá súil againn uilig anseo i Scoil Bhaile Nua go mbeidh Nollaig shona, shábháilte, shláintiúil ag pobal Maigh Cuilinn.

Ceannaigh sa Cheantar - Tacú le Muintir Mhaigh Cuilinn
Shop Local - Support Maigh Cuilinn
Tá an t-ádh orainn go bhfuil réimse leathan gnóanna álainn againn anseo i Maigh Cuilinn. Le linn an dianghlasáil roimh an Nollaig bhí siopaí agus gnóanna fud fad na Gaeltachta ag fualaingt agus anois le dianghlasáil a 3 tá sé níos tábhachtaí ná riamh tacú le muintir na háite. Tá gach rud ar fáil againn sa bhaile álainn seo, áiteanna deasa le n-ithe, siopaí bréagáin do na páistí, Café den scoth, faisean ar árd caighdéan na tíre, agus ba mhaith linn go mbeadh na háiseanna seo fós againn nuair a théann an saol ar ais mar is gnáth. Chun sin a chinntiú ní mór dúinn tacú leo! Tá go leor de na siopaí ag freastail ar a gcustaiméirí arlíne, ar ndóigh is féidir dearbháin a cheannacht agus coinnigh súil amach dóibhsean atá ag baint úsáid a s Click & Collect. #ceannaighsacheantar #tacúlemuintirmhaighcuilinn
#ceannaighsacheantar
Bunaithe i gcroílár an tSráidbhaile Maigh Cuilinn cuireann siad rud uathúil ar fáil. Spás do lovers caife agus dóibh siúd atá ag iarraidh roinnt táirgí áille déanta Éireannacha a cheannach. Le réimse iomlán d’obair ealaíne, earraí lámhdhéanta agus go leor eile, is é an áit iontach é chun do bhronntanais Nollag a cheannach i mbliana. Tree Bark Store tá beagnach 90 déantúsóir agus ealaíontóir éagsúil Éireannach ann, tá an raon iomlán ar fáil anois le ceannach i siopa nó ar líne le seachadadh sa bhaile nó le cliceáil agus le bailiú. Dóibh siúd atá ag lorg bronntanas caife, stocálann siad gach rud a d’fhéadfadh a bheith uait don chupán foirfe sin sa bhaile chomh maith le pónairí caife rósta úr ó 4 rósta Éireannacha éagsúla. Glaoigh isteach orainn nuair is féidir nó cliceáil ar ár suíomh Gréasáin www.treebarkstore.com anois. Ath bhliain faoi mhaise daoibh!
Gnó na Míosa - Treebark Café Mhaigh Cuilinn
Comhghairdeas libh uile as ucht an dea obair agus an bonn airgead a bhaint amach i gComórtas Fondúireacht Seosaimh Mhic Dhonncha! Go raibh maith agaibh Glór na nGael. Beatha teanga í a labhairt.
Tógra Nollag 2020 le Cumann Peil na mBan.
Deis iontach dúinn uile cleachtadh a dhéanamh ar na cupla focla atá againn! 

A wonderful opportunity for us all to practise the few words we have! 
Meon Eile ~ Agallamh le hOifigeach Pleanála Teanga Mhaigh Cuilinn 


A chairde, táimid chun tús a chur le ranganna Gaeilge arlíne saor in aisce do thosaitheoirí i mí Feabhra. Má tá suim agat beagáinín Gaeilge a fhoghlaim tar i dteagmhail linn! gaeilgemhaighcuilinn@gmail.com

Dear readers, we are starting a course of free online Irish classes for beginners in February. If you are interested in learning a little bit of Irish please get in contact with us! gaeilgemhaighcuilinn@gmail.com
Facebook
Twitter
Link
Website
Copyright © Gaeilge Mhaigh Cuilinn 

Our mailing address is:
gaeilgemhaighcuilinn@gmail.com

Want to change how you receive these emails?
You can update your preferences or unsubscribe from this list.

 






This email was sent to *|EMAIL|*
why did I get this?    unsubscribe from this list    update subscription preferences
*|LIST:ADDRESSLINE|*

*|REWARDS|*

Gaeilge Mhaigh Cuilinn

085 8504935

gaeilgemhaighcuilinn@gmail.com