Gaeilge Mhaigh Cuilinn

Nuachtlitir Deireadh Fómhair 2022

Gaeilge Mhaigh Cuilinn Nuachtlitir Deireadh Fómhair 2022

Imeachtaí agus dea scéalta Mhaigh Cuilinn
View this email in your browser
Beatha agus sláinte.

Tá súil agam go bhfuil sibh i mbárr na sláinte agus ag súil go mór le Oíche Shamhna! Tá súil agam go mbeidh an craic agaibh ar an oíche agus sibh gléasta suas agus go mbeidh sos deas agaibh i rith an saoire lár théarma. Bhí cóisir den scoth againn anseo i dTeach na Gaeilge lenár Oíche Scéalaíochta. Bhí na páistí galánta agus bhain siad an sult as na puimpcíní a dhearadh agus as na scéalta a léigh ár gcara an cailleach! 

Oíche Shamhna 'is bairín breac,
Fáinne is cnónna sa bhairín breac,
Oíche Shamhna, bairín breac,
Is maith liom Oíche Shamhna.

Le píosa anuas táim féin agus roinnt ionadaithe ag obair ar fheachtas úsáid an logainm 'Maigh Cuilinn' anseo i Maigh Cuilinn! Tá áthas orm a rá go bhfuil go leor suim agus spiorad agus fuinneamh ag pobail Mhaigh Cuilinn na hathraithe seo a dhéanamh agus tá sé dochreidthe álainn ainm Maigh Cuilinn a fheiceáil in úsáid go forleathan ar na meáin shóisialta sa sráidbhaile. Féach thíos cuid dena lógóanna nua atá ar cuid dár gclubanna spóirt. Fair plé daoibh uile! 

Ar ndóigh tá céad míle fáilte romhaibh ar fad Maigh Cuilinn a úsáid freisin - is féidir rudaí simplí a athrú céim ar chéim cosúil le do sheoladh bhaile, do sheoladh gnó, nó fiú roghnaigh an leagan Gaeilge den suíomh ar na meáin shóisialta. Leagfaidh tua bheag crann mór!

Ádh mór,
Ándría.
Tá bileoga eolais ar fáil i dTeach na Gaeilge.
An Féidir Leat? le Gaeilge Mhaigh Cuilinn ~ Clár 15
     - tá spásanna againn sa chlub teic - bígí i dteagmháil -     
Áthas an domhain ag páistí Club na nÓg a bheith ag breathnú ar a gcairde Tóran Mac Taidhg agus Lily Waters a ghlac pháirt i sraith álainn nua ar TG4 - Eco Laoch. 
Ciorcal Comhrá Club na nÓg
Gaelgóir na Míosa Deireadh Fómhair - Tuathalán Mac Taidhg
Gaelgóir na Míosa Meán Fómhair - Lily Waters
Oíche Shamhna Shona 
Comhghairdeas libh uile!
Comhghairdeachas ó chroí le Foireann Peile Sinsir na mBan Maigh Cuilinn a bhuaigh Craobh Iarthair na Gaillimhe inniu i gcoinne Foireann na mBan Naomh Shéamus. Ní raibh na coinníolacha ró iontach ar an Rhinnmhór idir gaoth agus báisteach ach thug an dhá fhoireann an-taispeántas dúinn. D'imir Maigh Cuilinn le croí agus crógacht i gcoinne foireann láidir. Bua iontach sa deireadh 4.12 go 3.7. Is í Niamh Ní Laighin, captean Mhaigh Cuilinn, a d'ordaigh an chorn agus a thug óráid álainn ar son na foirne. Comhghairdeachas leis an bhfoireann agus leis an mbainistíocht.
Buíochas le Paul Gannon as an gcomórtas a eagrú agus as ucht réiteoireacht a dhéanmh ar an gcluiche inniu.

Buíochas leis an Rinn mhór as ucht an bpáirc peile inniu.

Maith sibh a chailiní. Is cúis mór bród sibh don chlub agus don pharóiste.
Bíonn eolas ar fáil anseo faoi phoist atá fógartha ag Údarás na Gaeltachta nó ag cliantchomhlachtaí an Údaráis sa Ghaeltacht.
Lean an nasc ➡️ https://udaras.ie/oiliuint-fostaiocht/fostaiocht/
Dáithí Ó Sé and Sinéad Kennedy chatted to Siún Ní Dhuinn and Marisa Carter about the campaign #CreidimIonat, from Foras na Gaeilge, supported by RTÉ.

Tá bród ar Fhoras na Gaeilge agus ar RTÉ Creidim Ionat a chur I láthair, tionscnamh nuálach agus comhoibríoch arlíne,a bhfuil dʼaidhm leis feasacht fhorleathan a chothú ar an nGaeilge agus a húsáid laethúil a chur chun cinn.
Foras na Gaeilge and RTÉ are proud to present Creidim Ionat, an innovative and collaborative online initiative aimed at nurturing widespread awareness and everyday use of Irish.

Creidim Ionat calls on anyone and everyone with an interest in Irish to pick a partner and agree a goal.

Léigh tuilleadh anseo: https://www.rte.ie/gaeilge/2022/1013/...

Gaeilge Mhaigh Cuilinn

085 8504935

gaeilgemhaighcuilinn@gmail.com