Gaeilge Mhaigh Cuilinn Nuachtlitir Deireadh Fómhair 2021

Nuachtlitir Gaeilge Mhaigh Cuilinn


Deireadh Fómhair

 

 

Beatha agus sláinte a chairde.

Tá súil agam go bhfuil sibh i mbarr na sláinte agus ag súil go mór le Oíche Shamhna. Is iontach an rud é go bhfuil srianta Covid ag laghdú céim ar chéim agus tá súil agam go mbeidh an oíche go deo agaibh ar fad, ach léis sin ráite ní mór dúinn a bheith cúramach agus aireach fós mar níl Covid imithe - tá sé fós linn agus beidh ar feadh tamaill go fóill. Bígí cúramach agus tugaigí aire dá chéile!

Tá áthas an domhain orm dea scéala Club Teic (STEAM) Gaeilge Mhaigh Cuilinn a roinnt libh! Tá muid ainmnithe arís i mbliana ag TechFest 2021! Cé go raibh tréimhse dúshlánach againn i rith na mbliana d'éirigh linn ceithre tionscnamh iontach a chuir isteach ar an gcomórtas ó Teach na Gaeilge, Mhaigh Cuilinn agus tá ríméad orainn go raibh dhá chinn de na tionscnamh sin ainmnithe agus in iomaíocht do dhuais náisiúnta STEAM ag TechFest 2021! Cé nár bhuaigh muid is iontach an rud é a bheith ainmnithe - comhghairdeas libh a pháistí agus comhghairdeas leis na mbuaiteoirí ar fad ar an lá - ár gcairde i gCeantar na nOileáin ina measc!

Ba mhaith linn ár mbuíochas ó chroí a ghabháil le foireann TechSpace agus le foireann Kinia atá ar fheabhas ar fad. Thosaigh siad an féile iontach seo le Foras na Gaeilge de bharr easpa ábhar teic ar fáil trí mheán na Gaeilge agus anois táimid anseo i Maigh Cuilinn ag spreagadh agus ag mealladh an óige trí Ghaeilge de dheasca na deiseanna seo a chuireann sibh amach romhainn.

Tá áthas orm dea scéala eile a roinnt libh go bhfuil Ranganna Ealaín as Gaeilge ar siúl ag Teach na Gaeilge le ealaíontóir áitiúil Eglete Lydon. Tá na páistí ar bís agus tá pictiuirí álainn den ealaín atá idir lámha acu sa Nuachtlitir. Is dul chun cinn iontach é seo ó thaobh an Ghaeilge de, agus ní amháin ó thaobh an teanga de ach freisin go bhfuil Teach na Gaeilge beo bríomhar tar éis tréimhse fada dúshlánach Covid.

Ré nua do Mhaigh Cuilinn.

Oíche Shamhna Shona Agaibh!

Dá mbeadh soineann go Samhain bheadh breall ar dhuine éigin!

Beir bua,
Ándrea. 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Seoladh Plean Teanga Glór na nOileán

 

Comhghairdeas ó chroí le Máire Áine Uí Ailín, Oifigeach Pleanála Teanga, agus Coiste Plean Teanga Glór na nOileán lena seoladh Plean Teanga do Cheantar na nOileán. Tá tús iontach curtha agaibh leis an bplean agus guíonn muintir Mhaigh Cuilinn gach rath oraibh sa todchaí!

 

 

 

 

 

Téarma Nua 3ú Samhain 2021

New Term 3rd November 2021

 

 

 

 

 

 

 

An Féidir Leat? le Gaeilge Mhaigh Cuilinn
Clár 3

 

 

 

 

 

 

 

 

Club Teic Gaeilge Mhaigh Cuilinn ainmnithe arís i mbliana ag TechFest 2021. 

Cé go raibh tréimhse dúshlánach againn mar gheall ar srianta Covid agus muid ag casadh le chéile go fíorúil uaireanta agus sa fíor saol uaireanta eile! D'éirigh linn ceithre tionscnamh iontach a chuir isteach ar an gcomórtas arís i mbliana ó Teach na Gaeilge, Mhaigh Cuilinn agus tá ríméad orainn go bhfuil dhá chinn de na tionscnamh sin ainmnithe agus in iomaíocht do dhuais náisiúnta STEAM ag TechFest 2021!

Ba mhaith liom mo bhuíochas ó chroí a ghabháil le foireann TechSpace agus foireann Kinia atá ar fheabhas ar fad. Thosaigh siad an féile iontach seo le Foras na Gaeilge de bharr easpa rudaí teic ar fáil trí mheán na Gaeilge agus anois, táimid anseo i Maigh Cuilinn ag spreagadh agus ag mealladh an óige trí Ghaeilge de dheasca na deiseanna seo a chuireann sibh amach romhainn.

Ní neart go cur le chéile!

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Tháinig na páistí eile sa Chlub le chéile chun breathnú ar an mbeirt i mBaile Átha Cliath!

 

 

 

Comhghairdeas libh!

 

 

Key to Art - Eochair Ealaíne
Le Eglete Lydon

  
Art classes starting September 2021 - Ranganna Ealaín ag tosú Meán Fómhair 2021

9-12 year olds / 9-12 Bliana d’aois
On Tuesdays @2:40 / Dé Máirt @2:40
2 hours sessions / Seisiúin 2 uair a chloig
In Teach na Gaeilge, Maigh cuilinn / I dTeach na Gaeilge, Maigh Cuilinn
 
Drawing -
Liníocht
Sketching - Sceitseáil
Painting - Péinteáil
Printmaking - Priontaíocht
Design - Dearadh
Sculpture - Dealbhóireacht
Architecture - Ailtireacht
Famous artist - Ealaíontóir Cáiliúil
Photography - Griangrafadóireacht
Exhibitions - Taispeántas

 

 

 

 

 

 

 

 



Billy agus a Ghabhar:

Lá amháin i lár an phortaigh, bhí Billy Johnson ag caoineadh le Jo Mama an gabhar. Bhí daoine ag magadh faoi. Bhí siad ag magadh faoi mar bhí a fhios acu nár thaitin an dath bándearg leis. Bhí sé ag iarraidh cairde nua.
https://www.fightingwords.ie/stories/billy-agus-ghabhar

Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh, Conamara

Scoil Bhaile Nua, Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe, Rang a 5,6.
Fighting Words Chonamara, 01/10/2021.

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Comhghairdeas ó chroí libh a chairde!