Gaeilge Mhaigh Cuilinn

Nuachtlitir Bealtaine 2022

Gaeilge Mhaigh Cuilinn Nuachtlitir Bealtaine 2022

Nuachtlitir Gaeilge Mhaigh Cuilinn
Beatha agus sláinte. 

Nach iontach an rud é go bhfuil an aimsir ag dul i bhfeabhas chuile lá! Bhí an t-ádh linn leis an aimsir coicís ó shin dár siúlóid teaghlaigh. Bhí an ghrian ag scoilteach na gcloch agus bhí an lá againn sna coillte ag éisteacht le scéalta stairiúla Walter agus ina dhiaidh sin bhí picnic agus píosa spraoi againn ag Teach na Gaeilge. Bhíomar ag canadh le Julie Anne agus d'éisteamar le scéalta álainn Gearóidín ar stair agus ar chultúr Mhaigh Cuilinn. Táimid fíorbhuíoch d'fhoireann Ciste Spreagtha a chuir an deis seo amach romhainn. 

Bhí an t-ádh orm féin agus Julie Anne cuireadh a fháil do sheoladh oifigiúil 'Nuair a Bheidh Mé Mór' le Fíbín, Cúla4 i Wildlands anseo i gcroílár Mhaigh Cuilinn. Is sraith úrnua Nuair a bheidh mé mór, a spreagann samhlaíocht na bpáistí agus iad ag brionglóid ar an bpost gur mhaith leo a bheith acu nuair a bheidh siad mór! Comhghairdeas ó chroí libh a chairde. Bhaineamar an sult as an ócáid agus guíonn muid gath rath oraibh. 

Nach orm a bhí an t-ádh le déanaí, tugadh cuireadh dhom freastail ar sheoladh oifigiúil Raidió Rí Rá agus seoladh oifigiúil Ciste Spreagtha ag Conradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath. Is fada an lá ó thug mé cuairt ar Bhaile Átha Cliath agus de dheasca sin tháinig an chéad ball dár gClub Óige anseo i Maigh Cuilinn in éineacht liom agus bhaineamar an sult as an oíche. Tá muid buíoch as an bhfáilte álainn a bhfuaireamar agus as ucht an deis cainte libh ar an Raidió! Comhghairdeas ó chroí libh, tá an stiúideo go hálainn agus táim lán cinnte go mbeidh sibh ag dul ó neart go neart.  

An Dream Dearg. Taispéanann an gluaiseacht ollmhór seo dúinn céard is féidir linn a dhéanamh nuair a thagann muid le chéile. Bhain siad éacht amach agus táim féin chomh bhródúil as chuile dhuine a ghlac pháirt i ngach chuid den ghluaiseacht seo. Tá an t-am tagtha agus ní mór dúinn leanúint leis an luas agus an spreagadh a fheiceann muid os ár gcomhair amach agus ár dteanga dhúchais a chosaint dúinn féin agus do na glúnta amach romhainn. #AchtAnois

Beatha teanga í a labhairt.

Ándrea.
Katie McGreal

Cár rugadh thú?

Baile Átha Cliath
 
Mar pháiste, cé a chuaigh go mór i bhfeidhm ort?
Mo mhamó; bean láidir a bhí inti agus bhí sí i gcónaí iontach neamhspleách rud atá an-mheas agam air.

Mar déagóir, cad atá suimiúil fút nach mbeadh mórán ar an eolas faoi?
Scríobh mé úrscéal nuair a bhí mé sna déaga. Chaith mé an-chuid ama i mo chloigeann nuair a bhí mé ag fás aníos agus ansin nuair a bhí mé sa tríú bhliain ar scoil thosaigh mé ag scríobh na smaointe síos. Gach Luan, thóg mé na leathanaigh nuascríofa isteach go mo chairde ar scoil agus léigh siad iad. Dúirt siad go raibh maitheas ann ach céard eile a bheadh ráite acu!

Inis dúinn rud spéisiúil fút féin.
Rinne mé cúrsa ciúnas 10 lá nuair a bhí mé sna 20aidí b’ea an rud is fearr a rinne mé i mo shaol. D’athraigh sé treo mo shaol go hiomlán i ndiaidh an mhéid sin aithne a chur orm féin. Iriseoir a bhí ionam ag an am ach chuaigh an cúrsa agus an cleachtadh aireachais i bhfeidhm chomh mór sin orm gur bheartaigh mé go raibh mé ag iarraidh é a roinnt le daoine eile; go háirithe páistí ach daoine fásta chomh maith. Lean mé orm leis an iriseoireacht ar feadh cúpla bliain eile ach bhí mo chroí sna ranganna aireachais níos mó agus de réir a chéile d’athraigh rudaí go dtí go raibh mé in ann múinteoireacht aireachais a dhéanamh mar phríomhphost.

Inis dúinn faoi do shlí bheatha
Mar a dúirt mé is múinteoir aireachais mé. Múinim ranganna do dhaoine fásta agus daoine óga ar líne, in scoileanna agus in Áras na Gaeilge in Maigh Cuilinn gach Satharn ag 12. Rinne mé traenáil leis na comhlachtaí Relax Kids agus Breathworks le gur féidir liom daoine óga agus fásta a mhúineadh.
Is breá liom an post mar tá mé ag tabhairt scileanna go daoine a chabhraigh agus a chabhraíonn go mór liomsa le saol níos deise, suaimhneach agus taithneamhach a bheith agam. Bheadh mé i ndiaidh saol an-difriúil a bheith agam dá mbeadh aireachas agam agus mé ag fás aníos agus tá mé ag iarraidh cinntiú go mbeidh na deiseanna sin ag daoine óga an lae inniu aithne níos fearr a chur orthu féin agus tuiscint a fháil ar a mothúcháin agus a smaointe.

Cén cur síos a bheadh agat ort féin?
Is duine tuisceanach agus oscailte mé agus tá mé cairdiúil agus is breá liom a bheith ag spraoi! Sílim go mbíonn daoine fásta ródháiríre agus is breá liom go leor spraoi a thabhairt isteach go mo ranganna. An rud is fearr liom ná tuismitheoirí nó múinteoirí a fheiceáil ag spraoi leis na páistí agus ag baint suilt as na cluichí beaga seafóideacha in amanna!

Céard a dhéanann tú nuair atá am le spáráil agat?
Is breá liom a bheith ag imirt badminton agus ag léamh agus dár ndóigh bím ag cleachtadh aireachais agus déanaim é ar an ngnáthbhealach suigh go ciúin ag smaoineamh ar an anáil agus déanaim é ar bhealaí eile freisin. Ceann de na bealaí sin ná go mbím ag snámh san fharraige ó cheann ceann na bliana. Sa gheimhridh in amanna is féidir leis an t-uisce a bheith chomh fuar sin nach féidir leat smaoinigh ar aon rud ach an fuacht agus sin aireachas, a bheith dírithe ar an rud atá tú ag déanamh.  Is breá liom a bheith amuigh faoin aer freisin agus ag siúl sna sléibhte nó ar an bportach, go háirithe an t-am seo bliana leis na bláthanna agus duilleoga nua a fheiceáil ag teacht amach arís!

Céard é an fhaitíos is mó atá agat?
Ní maith liom a bheith ag breathnú anuas ó áit ard.

Cad é an dóchas is mó atá agat?
Go bhfuil tuiscint níos fearr ag an gcéad ghlúin eile ar rudaí nach raibh tuiscint ag mo ghlúin orthu agus muid ag fás aníos. Tuigeann muid i bhfad níos mó faoi mheabhairshláinte, an tábhacht a bhaineann le haire a thabhairt duit féin agus a bheith cineálta duit féin. Tuigeann muid mothúcháin agus an chaoi sláintiúil len iad a scaoileadh agus leis an eolas sin agus an dul chun cinn atáimid ag déanamh leis agus an obair atá á chur i gcrích tá todhchaí geal amach romhainn!
An Féidir Leat? le Gaeilge Mhaigh Cuilinn
Clár 10
#AchtAnois
An Ghaeilge inár gCeantar.
 
Mar is eol do go leor inár gceantar is ceantar Gaeltachta é Maigh Cuilinn. Is rud é seo ar cheart do mhuintir na háite ar fad i Maigh Cuilinn a bheith bródúil as agus a bheith sásta faoi, bacheart go mbeadh an Ghaeilge á labhairt go forleathan inár gceantar. Ach, faraor ní hé seo an cás. Titeann Maigh Cuilinn faoi cheantar Gaeltachta de chatagóir C mar gheall ar an gcéatadán íseal de chainteoirí laethúla Gaeilge.

Ní hé sin le rá nach bhfuil Gaeilge ag muintir Mhaigh Cuilinn, tá go leor cainteoirí Gaeilge inár sráidbhaile ní gá dóibh ach labhairt amach agus a gcuid Gaeilge a úsáid níos mó!

Is ábhar cainte é todhchaí na Gaeilge le blianta fada agus nach bhfuil a fhios ag go leor cad a d’fhéadfadh bás na teanga a chiallú dúinn i ndáiríre.

D’fhás mé aníos ag labhairt Gaeilge le mo sheantuismitheoirí agus d’fhreastal mé ar scoileanna Gaeltachta ó bhí mé sa naíonra an bealach ar fad suas go dtí an Árdteistiméireacht. Bhí an Ghaeilge mórthimpeall orm ó bhí mé óg agus mar sin ní raibh mé in ann a thuiscint cén fáth go raibh an oiread sin cainte agus fusa faoin teanga ag fáil bháis. Dúradh linn go raibh todhchaí na Gaeilge suas dúinn féin a shábháil, chun teanga a shábháil ní mór í a labhairt agus ní amháin labhairt faoi.

Nuair a d’éirigh mé níos sine agus nuair a thuig mé an stair taobh thiar den teanga d’athraigh mo dhearcadh ar mo chuid. Bhí streachailt ollmhór inár stair le cinntiú go mairfeadh an teanga seo, gur goideadh ár dteanga uainn. Fad is a bhfuil an Ghaeilge á labhairt againn sa lá atá inniu ann táimid ag tabhairt ómóis do na daoine a raibh orthu troid chomh dian chun í a dhaingniú mar ár dteanga náisiúnta.
Tá go leor dul chun cinn á dhéanamh chun an Ghaeilge a ionchorprú sa lá atá inniu ann, ar nós an ghrúpa rap kneecap agus TG4 ag éirí níos cáiliúla ar na meáin shóisialta agus ar an teilifís ag cruthú ábhair a thugann an Ghaeilge isteach sa ghlúin seo. Ag léiriú d’aos óg an lae inniu go bhfuil sé iontach a bheith in ann Gaeilge a labhairt.

Ní thógann sé ach cúpla duine teacht le chéile agus comhrá Gaeilge a chur ar bun agus ní chreidfeá an mhaitheas a d’fhéadfadh sé a dhéanamh chun an teanga a chur chun cinn inár bpobal!

Rebecca Ní Allúráin.

Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Nuair a Bheidh Mé Mór
Twitter
Facebook
Website
Copyright © 2022 Gaeilge Mhaigh Cuilinn, All rights reserved.

Our mailing address is:
gaeilgemhaighcuilinn@gmail.com

Want to change how you receive these emails?
You can update your preferences or unsubscribe from this list.
 

Gaeilge Mhaigh Cuilinn

085 8504935

gaeilgemhaighcuilinn@gmail.com