Gaeilge Mhaigh Cuilinn

Nuachtlitir Bealtaine 2021

Gaeilge Mhaigh Cuilinn Nuachtlitir Bealtaine 2021

Nuachtlitir Gaeilge Mhaigh Cuilinn

~ Bealtaine 2021 ~

A chairde, 

Beatha agus sláinte. Tá cúrsaí fud fad na tíre ag dul i bhfeabhas leis an vaicsín á scaipeadh go forleathan agus cé gur ábhar ceiliúradh sin, ní mór dúinn a bheith aireach fós - ach gan dabht is dea scéala atá ann, go mór mhór agus an Samhraidh ag bualadh linn! Is ábhar ceiliúradh é freisin go bhfuil cúrsaí sna scoileanna anseo ar fheabhas. Tá sár jab déanta acu i rith tréimhse thar a bheith dúshlánach agus tá sé go hálainn na páistí a chloisteáil ag spraoi taobh amuigh sa chlós lena gcairde! Ar an ábhar sin, na páistí, tá Cruinniú na n-Óg ag druidim chugainn, agus ba bhreá le Gaeilge Mhaigh Cuilinn físeáin álainn a chur le chéile a dhéanfaidh ceiliúradh ar chaitheamh aimsire éagsúla na bpáistí. Is é téama an fhíseáin i mbliana ná Mol an Óige agus tá céad míle fáilte roimh na páistí taifead ghearr a sheoladh chugainn ag insint dúinn cé thú agus céard iad na rudaí is fearr leat a dhéanamh trí Ghaeilge. Ar ndóigh tá cead tuismitheoir ag teastáil, agus doibhsean a bheidh páirteach tá seans maith ann go mbeidh duaiseanna deasa againn daoibh, só bígí cruthaíoch, greannmhar agus éagsúil! 

Mol an óige agus tiocfaidh sí.

Bígí Linn ~ Cruinniú na n-Óg 2021. 

Go raibh maith agaibh a chairde, 
Ándrea.
Cruinniú na n-Óg 2021

Mol an óige agus tiocfaidh sí.

Tá Gaeilge Mhaigh Cuilinn ag réachtáil imeacht fíorúil chun Cruinniú na n-Óg a cheiliuradh. Más mian libh a bheith páirteach seol fís gearr chugainn ag insint dúinn cé thú agus cad iad na rudaí is fearr leat as Gaeilge. 

Beidh go leor duaiseanna deasa againn freisin dona físeáin is cruthaíoch, greanmhar agus éagsúil! 

Bígí linn a chairde ag ceiliuradh Cruinniú na n-Óg 2021. 

Tuilleadh eolas: gaeilgemhaighcuilinn@gmail.com

Tá gach Oifigeach Pleanála Teanga atá ag obair sa nGaeltacht in Éirinn ag impí ar an Stát agus ar an Rialtas seirbhísí Stáit as Gaeilge sa nGaeltacht a chinntiú i mBille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019, atá á dhréachtadh faoi láthair.

gaeilgemhaighcuilinn@gmail.com
www.gaeilgemhaighcuilinn.ie

Suíomh Idirlíon Nua Gaeilge Mhaigh Cuilinn. Tá go leor eolas ann faoi imeachtaí agus eagraíochtaí Mhaigh Cuilinn.

Bígí i dteagmháil linn!
  MINECRAFT AS GAEILGE - 51.91.61.14 41830  Déanta ag imreoir MINECRAFT áitiúil, Ruairí Waters.
~~~ Athrú Dáta ~~~
Gnó na Miosa  - An Siopa Leabhar, Mhaigh Cuilinn
#seoíanghaeltacht

Cé chomh cruthaíoch is a bhfuilimid anseo i Maigh Cuilinn? 

Ar mhaith libh a bheith san iomaíocht do mhórdhuais de €1000 a bhuachaint don úsáid is fearr don haischlib - 

#seoíanghaeltacht!
                Stór Focal                   
Siúl Siar le Cumann Peil na mBan
Cumann Peil na mBan ar ais arís sa pháirc!
Tá Mná Peil Sinsear Mhaigh Cuilinn ar ais ag traenáil ar an:

Luain: 7:30i.n. - 9:00i.n.
Céadaoin: 7:30i.n. - 9:00i.n.
Satharn: 7:00r.n. - 8:15r.n. (ar maidin)

Fáilte roimh baill nua!
Tuilleadh eolas: Bríd - 0858812570
An Cillín

Maigh Cuilinn

 
“Ave Maria, mo ghrá Ave. 
Is tusa mo mháthair is máthair Dé”.

Go tradisiúnta, is ceiliuradh bliantúil é 'Altóir Banríon Bealtaine' ar Mhuire, Máthair Dé agus ár Máthair i mbealach speisialta. Cuireann muid fáilte romhaibh cuairt a thabhairt ar Altóir Bealtaine Paróiste Mhaigh Cuilinn ag an gCillín.

Traditionally the annual ‘Queen of the May Altar’ celebrates Mary the Mother of God and our Mother in a very special way. Joyfully, we invite you to visit the Maigh Cuilinn Parish May Altar at An Cillín.

Coiste An Chillín
    Tuismitheoirí na Gaeltachta  
Comórtas Reatha na Gaeltachta.

Comhghairdeas libh uile, na buaiteoirí - Mí Aclaí, agus gach duine sna ceantair Gaeltachta a bhí páirteach! 
 Spraoi le Ceol ~ Maigh Cuilinn 
Twitter
Facebook
Website

Gaeilge Mhaigh Cuilinn

085 8504935

gaeilgemhaighcuilinn@gmail.com