Gaeilge Mhaigh Cuilinn

Nuachtlitir Aibreán 2021

Gaeilge Mhaigh Cuilinn Nuachtlitir Aibreán 2021

Nuachtlitir Gaeilge Mhaigh Cuilinn

* Aibreán 2021 *

A chairde, 

Tá fáilte romhaibh go eagráin Aibreán de Nuachtlitir Gaeilge Mhaigh Cuilinn. Is le croí throm a mbeannaím daoibh mar gheall ar an nuacht brónach gur cailleadh bean óg sa cheantar le déanaí. Bean gealgháireach is uasal ab ea Síofra Ní Choileáin agus a cuimhne inár gcroíthe go brách na breithe. Go raibh suaimhneas síoraí aici. 

Tá aimsir geall tagtha ar ais chugainn agus cé go bhfuil fonn againn dul amach ag spraoi ní mór dúinn a bheith aireach ar feadh tréimhse eile agus na srianta laghdaithe a leanúint go dtí go bhfuil vacsaín faighte ag tromlach na tíre, ar eagla na heagla go mbeadh muid faoi ndianghlasáil arís agus an Samhraidh buailte linn. Níl a fhios againn go fóill an mbeidh deis againn Féasta Sráide Mhaigh Cuilinn a eagrú, ach má tá, bheinn dóchasach go mbeadh pobail Mhaigh Cuilinn in ann imeacht álainn a tharraingt le chéile gan stró! Idir an dá linn ba bhreá linn Féasta Sráide Fíorúil a reáchtáil - níl le déanamh agaibh ach bhur teaghlaigh a bhailigh le chéile, áit a mhaisigh le dathanna Mhaigh Cuilinn, agus taifead gearr a dhéanamh ar bhur rogha siamsaíocht. Éasca Péasca! Tá postaer thíos sa nuachtlitir agus gach eolas le fáil ar na meáin soisialta Gaeilge Mhaigh Cuilinn. Is deis é seo spiorad breá bríomhar an cheantar álainn Gaeltachta seo a thaispeáint don dhomhain. Bígí linn!

Ar scath a chéile a mhaireann na daoine. 

Ándrea Tighe
Oifigeach Pleanala Teanga Mhaigh Cuilinn
Tá comharthaíocht Covid nua deartha ag foireann Oifigigh Pleanála Teanga an Iarthar agus Co. na Mí do chaiféanna, siopaí, bialanna agus ollmhargaí na Gaeltachta. In éineacht le cuma breá cáirdiúil, tá siad déanta ar árd-chaighdéan plaistic atá éasca le tuiscint, éasca le crochadh, agus éasca le glanadh. Má tá suim agaibh comharthaí a chur i bhur siopaí téigh i dteagmháil le hÁndrea, Gaeilge Mhaigh Cuilinn, Teach na Gaeilge, Maigh Cuilinn. gaeilgemhaighcuilinn@gmail.com  
Mar is eol daoibh go léir chaill muid cailín óg le déanaí. Cailín uasal is álainn ab ea Síofra Ní Choileáin a bhí i gcónaí cneasta is cóir, gealgháireach agus cineálta. D'fhreastail sí ar Scoil Mhuire, Mhaigh Cuilinn, agus d'fhreastail sí ar na Campaí Samhraidh le linn na blianta. Thug sí cúnamh dúinn ar an gcéad Féasta Sráide i 2018. 

Mairfidh cuimhne Shíofra inár gcroíthe go brách na breithe.

We were very fortunate to have known Síofra who sadly passed away recently. A kind, caring, considerate and beautiful young lady who always had a welcoming smile. She attended Scoil Mhuire and the local Campa Samhraidh and was also a great help during our first Féasta Sráide in 2018. 

Comhbhrón ó chroí libh uilig. Go raibh suaimhneas síoraí aici.

Taispeántas Ealaíne Cásca ag Maigh Cuilinn LGFA - An Chillín. 

Maigh Cuilinn LGFA Easter Artwork on display - An Chillín.
Buaiteoirí Comórtas Ealaíne Cumann Peil na mBan 2021
1. Sadhbh Mitchell
2. Maggie Conroy Hynes
3. Elsie Grace O'Hora
Aitheantais speisialta ag dul go: Laura Palmer, Michelle Layden, Sophia, Erin O'Reilly agus Eoghan Hennessy.
www.gaeilgemhaighcuilinn.ie
~ Suíomh Idirlíon Gaeilge Mhaigh Cuilinn ~

Tá suíomh idirlíon úr nua ag Gaeilge Mhaigh Cuilinn! Tá eolas ann maidir le Céard a Dhéanann Muid?, Club Iar-Scoile & Club STEAM Gaeilge Mhaigh Cuilinn, Oidhreacht Mhaigh Cuilinn, ár gclár An Féidir Leat? agus Gnó na Míosa ar ár gcaineál YouTube, Imeachtaí sa cheantar, ár Nuachtlitir agus go leor eile! Bígí i dteagmháil linn más mian libh bheith páirteach in aon chuid d'fhorbairt agus dul chun cinn an Ghaeilge anseo i nGaeltacht Mhaigh Cuilinn! 
Gnó na Míosa ~ Mama no Drama
Féasta Sráide Fíorúil

Maigh Cuilinn

Bígí Linn!

Lá Náisiúnta Filíochta 2021

Féach ar na cártaí phoist álainn ó na ceantair Gaeltachta timpeall na tíre chun Lá Náisiúnta Filiochta a cheiliuradh! Tá cárta phoist álainn againn ó Maigh Cuilinn le píosa filíochta den scoth scríofa ag Moya Roddy le léamh ann. Aon seans go mbeadh sibh in ann na cártaí phoist ó na ceantair uilig a bhailiú? Bainigí triail as!
Cruinniú na n-Óg 2021

Bígí Linn!

Ranganna Gaeilge

Tá tuilleadh spásanna ar fáil sa sraith ranganna Gaeilge arlíne seo. 
There are spaces available on this online Irish Classes course for beginners. 
Comhghairdeas le Muireann Nic Corcráin atá tofa ina Leas-Uachtarán don Ghaeilge le Union of Students in Ireland (USI) ag #AMLÉ21 #USI21.
LÁ DOMHANDA 2021 - 22Ú AIBREÁN

Is é téama Lá Domhanda 2021 ná 'Athchóirigh ár bPlainéad'. Tá timpeallacht an domhain ag meathlú mar gheall ar truailliú ar aer, talamh agus na haigéan. Tá an t-úafás speicis ainmhí i mbaol gan trácht ar an méid nádúr atá scriosta cheana féin. Tá damáiste ollmhór déanta don sraith ózón go dtí seo le athrú aeráide mar thoradh, agus is é aidhm Lá Domhanda 2021 é seo a chur i gceart!
Tá an domhain ag lorg níos mó gníomhaí chun plainéad sláintúil a chrúthú!
Moltar do gach éinne a dhícheall a dhéanamh ár ndomhain a chaomhnú. Déanann gach uile duine difríocht!
Is ranganna ceoil iad Spraoi le Ceol a bhíonn á reáchtáil ag Julie Anne de Brún gach Satharn i rith an scoil téarma i dTeach na Gaeilge, Maigh Cuilinn. Bígí Linn!
Twitter
Facebook
Website

Gaeilge Mhaigh Cuilinn

085 8504935

gaeilgemhaighcuilinn@gmail.com