Katie McGreal
Cár rugadh thú?
Baile Átha Cliath
Mar pháiste, cé a chuaigh go mór i bhfeidhm ort?
Mo mhamó; bean láidir a bhí inti agus bhí sí i gcónaí iontach neamhspleách rud atá an-mheas agam air
Mar déagóir, cad atá suimiúil fút nach mbeadh mórán ar an eolas faoi?
Scríobh mé úrscéal nuair a bhí mé sna déaga. Chaith mé an-chuid ama i mo chloigeann nuair a bhí mé ag fás aníos agus ansin nuair a bhí mé sa tríú bhliain ar scoil thosaigh mé ag scríobh na smaointe síos. Gach Luan, thóg mé na leathanaigh nuascríofa isteach go mo chairde ar scoil agus léigh siad iad. Dúirt siad go raibh maitheas ann ach céard eile a bheadh ráite acu!
Inis dúinn rud spéisiúil fút féin.
Rinne mé cúrsa ciúnas 10 lá nuair a bhí mé sna 20aidí b’ea an rud is fearr a rinne mé i mo shaol. D’athraigh sé treo mo shaol go hiomlán i ndiaidh an mhéid sin aithne a chur orm féin. Iriseoir a bhí ionam ag an am ach chuaigh an cúrsa agus an cleachtadh aireachais i bhfeidhm chomh mór sin orm gur bheartaigh mé go raibh mé ag iarraidh é a roinnt le daoine eile; go háirithe páistí ach daoine fásta chomh maith. Lean mé orm leis an iriseoireacht ar feadh cúpla bliain eile ach bhí mo chroí sna ranganna aireachais níos mó agus de réir a chéile d’athraigh rudaí go dtí go raibh mé in ann múinteoireacht aireachais a dhéanamh mar phríomhphost.
Inis dúinn faoi do shlí bheatha
Mar a dúirt mé is múinteoir aireachais mé. Múinim ranganna do dhaoine fásta agus daoine óga ar líne, in scoileanna agus in Áras na Gaeilge in Maigh Cuilinn gach Satharn ag 12. Rinne mé traenáil leis na comhlachtaí Relax Kids agus Breathworks le gur féidir liom daoine óga agus fásta a mhúineadh.
Is breá liom an post mar tá mé ag tabhairt scileanna go daoine a chabhraigh agus a chabhraíonn go mór liomsa le saol níos deise, suaimhneach agus taithneamhach a bheith agam. Bheadh mé i ndiaidh saol an-difriúil a bheith agam dá mbeadh aireachas agam agus mé ag fás aníos agus tá mé ag iarraidh cinntiú go mbeidh na deiseanna sin ag daoine óga an lae inniu aithne níos fearr a chur orthu féin agus tuiscint a fháil ar a mothúcháin agus a smaointe.
Cén cur síos a bheadh agat ort féin?
Is duine tuisceanach agus oscailte mé agus tá mé cairdiúil agus is breá liom a bheith ag spraoi! Sílim go mbíonn daoine fásta ródháiríre agus is breá liom go leor spraoi a thabhairt isteach go mo ranganna. An rud is fearr liom ná tuismitheoirí nó múinteoirí a fheiceáil ag spraoi leis na páistí agus ag baint suilt as na cluichí beaga seafóideacha in amanna!
Cad a dhéanann tú nuair atá am le spáráil agat?
Is breá liom a bheith ag imirt badminton agus ag léamh agus dár ndóigh bím ag cleachtadh aireachais agus déanaim é ar an ngnáthbhealach suigh go ciúin ag smaoineamh ar an anáil agus déanaim é ar bhealaí eile freisin. Ceann de na bealaí sin ná go mbím ag snámh san fharraige ó cheann ceann na bliana. Sa gheimhridh in amanna is féidir leis an t-uisce a bheith chomh fuar sin nach féidir leat smaoinigh ar aon rud ach an fuacht agus sin aireachas, a bheith dírithe ar an rud atá tú ag déanamh. Is breá liom a bheith amuigh faoin aer freisin agus ag siúl sna sléibhte nó ar an bportach, go háirithe an t-am seo bliana leis na bláthanna agus duilleoga nua a fheiceáil ag teacht amach arís!
Céard é an fhaitíos is mó atá agat?
Ní maith liom a bheith ag breathnú anuas ó áit ard.
Céard é an dóchas is mó atá agat?
Go bhfuil tuiscint níos fearr ag an gcéad ghlúin eile ar rudaí nach raibh tuiscint ag mo ghlúin orthu agus muid ag fás aníos. Tuigeann muid i bhfad níos mó faoi mheabhairshláinte, an tábhacht a bhaineann le haire a thabhairt duit féin agus a bheith cineálta duit féin. Tuigeann muid mothúcháin agus an chaoi sláintiúil len iad a scaoileadh agus leis an eolas sin agus an dul chun cinn atáimid ag déanamh leis agus an obair atá á chur i gcrích tá todhchaí geal amach romhainn!
|